Éist le Giolcadh na nÉan

This is my contribution for September to the online Irish language magazine Beo. I write about Twitter, the information that can be found there, the types of people using it and how I’ve been using it.

Bhí sionnach cathrach taobh amuigh d’fhuinneog oifig Shane. Bhí Abigail idir dhá chomhairle faoi chupán tae eile a bheith aici. D’inis Frank dom faoi fhís ina ndearna Seth & Tom plé ar an mblagadóireacht. Chuala mé go raibh comórtas ar siúl ar leathanach Facebook Puddleducks ar son mála scoile nua.

Sin agaibh ceithre phíosa eolais a bhailigh mé ó Twitter inné, cuid de gur cuma ann nó as é, ach cuid eile de gur cuidiú mór agam é. Éireannaigh iad ar fad a bhí ag roinnt eolais de gach sort in 140 carachtar nó níos lú. Tá roinnt den eolas go hiomlán indiúscartha, ach tá roinnt an-úsáideach. Bhain mise eolas as an bhfís faoi bhlagadóireacht chun blagmhír a scríobh. Gach seans go mbeadh spiairí ag Irish Wildlife Trust in ann teacht ar eolas Shane faoin sionnach. Agus creid é nó ná chreid, tá ‘bot’ cruthaithe ar Twitter, Tea_robot, a bhailíonn gach giolc faoin deoch tae agus bí cinnte de go mbíonn lucht spiaireachta ag na comhlachtaí tae ag faire is ag saibhseáil a leithéide.

Munar ‘giolchairí’ thú (an focal a chum mé ocht mhí dhéag ó shin do ‘Tweeter’, duine a bhíonn ag úsáid Twitter, nó ‘giolcadh’, agus ag ‘giolcaireacht’) gach seans go mbeidh tú ag rá leat féin gur chur amú ama scannalach atá anseo. Ach tá fíuntas ann, fiú leis na ‘bots’. Is sampla craiceáilte an Tea_robot. Ach breathnaigh suas www.twitter.com/giolchairithe. Seo bot a chruthaigh mise a bhailíonn giolc ar bith a luann gael, gaeilge, gaeil, irish language, agus mar sin. Is bealach é chun Giolchairithe, nó lucht giolctha más maith leat, nó Tweeters le Gaeilge, nó le speis sa Ghaeilge, a tharraingt le chéile i bpobal mór domhanda. Ní forbróir greasáin mé. Bhain mé úsáid as oscailteacht Twitter chun an uirlis seo a chruthú.

Tionchar ar an bPobal

Is dócha gur chuala tú faoi Twitter faoin am seo. B’fhéidir gur léigh tú faoina thábhacht i bhfeachtas Obama nó i dtoghchán Iran, nó i bplean margaíochta Oprah.

B’fhéidir gur chuala tú faoi ghiolc Lance Armstrong a tharraing míle go leith go Páirc an Fhionnuisce chun turas rothair a dhéanamh leis. Cé a cheapfadh go bhfuil a oiread sin den lucht rothair ag éisteacht le giolcadh sa tír, gan chaint ar Bhaile Átha Cliath!

De réir Irishblogs.ie, a bhailíonn eolas faoi nósanna blagadóireachta agus faoi mhicreabhlagadóireachta mhuintir na hÉireann, tá 7,939 Éireannach imithe le Twitter. Admhaíonn Irishblogs nach bhfuil a modh taighde foirfe, rud a bhaineann leis an mbealach a bhailíonn, nó nach mbailíonn, Twitter féin an t-eolas. Ach úsáideann said an modh céanna i gcónaí agus, mar sin, is féidir brath ar na treochtaí a léiríonn siad. Tá na treochtaí sin ag gabháil in airde go suntasach faoi láthair.

An Líonra

Tá an-chuid comhlachtaí, fir agus mná gnó ag baint úsáid as Twitter. Tá comhlachtaí neamhbhrabúis, comhlachtaí earraí tomhaltais, comhlachtaí earcaíochta, siopaí speisialtóireachta arlíne, lucht eolas fíona, eolaithe teicneolaíochta, ealaíontóirí, ceoltóirí agus eagraíochtaí Gaeilge (!!!) ag plé is ag roinnt is ag líonrú ar Twitter chuile lá.

Tá seirbhísí nuachta ann, roinntear táirgí speisialta, nodanna oibre, teicneolaíochta, garraíodóireachta, cócaireachta agus taistil ann. Is féidir rudaí spéisiúla a roinnt le do leantóirí ann le brú cnaipe ar na mílte suíomh greasáin. Sea, tugtar leantóirí orthu siúd a ghlacann síntiús le do shruth giolcanna. Mar sin, ar mullach na mbuntáistí eile ar fad, braitheann tú cosúil le dia beag a bhfuil creideamh domhanda aige!

Go pearsanta is go proifisiúnta, tá fiúntas sóisialta agus gnó bainte agam as Twitter. Tá cairde déanta agam agus tá baill earcaithe don IIA, agus uaireanta is ionann an dá rud! Tá eolas scaipthe agus bailithe agam. Tá cabhair agus tacaíocht faighte agus, tá súil agam, tugtha agam. Tá nasc láidir cruthaithe agam le pobal, náisiúnta is idirnáisiúnta araon. Fuair mé iPhone ar iompú na boise, gan mhoill dá laghad, agus tá uachtar reoite faighte in aisce agam dá bharr. Tá an-taitneamh bainte agam as Twitter. Abair “’dé mar?” le @enormous an chéad uair eile a bheas tú ann tú féin!

Not all bloggers are idiots or lunatics

Why not come and meet some and find out?

Last February Irish blogger Jason Roe had his 15 minutes of fame after an online tussle with some of Ryanair’s staff. I don’t know if it was a wish to prove that all bloggers, twitterers, whatever, are not actually idiots or lunatics that prompted Jason to start organising the BTW (Blogger, Twitter, Whatever) Meetups but they have been going from strength to strength since. I made it to the last one and it was a great opportunity to put a few faces to names. Embarrassingly it was rather difficult for me to keep those names attached to those faces in one instance but it had been a long day!

The next BTW meetup is on Thursday 3rd September in the Kudos Bar in the Clarion Hotel in the IFSC. There’ll be eating and drinking and it kicks off at 7pm. It doesn’t matter if you are new to blogging or tweeting or if you’re an old hand, you should come along. It will be fun, you’ll meet new people and maybe learn a few tricks about gaining international notoriety from the man himself!

Register online today and I’ll see you there!

Cathú na Ríomhaireachta le Linn Saoire…

This is my August contribution to Beo in which I describe how I’ve been using technology on my holidays and how Europe is legislating to make it easier for all of us to use our mobile phones when travelling.

Táim i mo shuí i gcistin duine eile, i gcontae duine eile ag breathnú amach ar thírdhreach a bhíos uaireanta fliuch, uaireanta fiáin, uaireanta geal, uaireanta glas ach i gcónaí neamhaithnid. Is beag machnamh atá á dhéanamh agam ar chúrsaí teicneolaíochta, caithfidh mé admháil, ach mar chomhfhreagraí teicneolaíochta daoibh, déanfaidh mé mo dhícheall ar bhur son.

Táim ar mo laethanta saoire in iarthar na tíre. Ceann de na gnéithe is fearr liom faoi na laethanta saoire ná an deis an gnáthsaol laethúil agus ualach an tsaoil mhóir sin agus a ngabhann leis a fhágáil i mo dhiaidh. Téim ag campáil le m’fhear chéile is mo chlann sa Fhrainc de ghnáth, rud a ligeann dom gach aon uirlis cumarsáide a fhágáil i mo dhiaidh. Ach tuigim go bhfuil an AE ag obair i mo choinne. Ar ndóigh, is ar son gnó agus cumarsáide a éascú atá an reachtaíocht úr ag teacht i bhfeidhm, ach braithim dá bharr go gcaillfidh mé mo thearmann bliantúil ón teicneolaíocht san Eoraip.

Meánchostas isteach, Meathchostas amach

D’fhógair Viviane Reding, Coimisinéir Eorpach Cumarsáide, i bpreasráiteas ag tús mí Iúil dar teideal “End of ‘roaming rip-off’” go mbeadh uasmhéid 0.11c ar gach teachtaireacht téacs, praghas atá níos mó ná leath an mheánphraghais Eorpaigh de 0.28c roimhe seo. Níl cead níos mó ná 0.43c an nóiméad a ghearradh mar tháille fánaíochta ar scairt ghutháin in aon ceann de thíortha an AE. Chuir an AE tús leis an bpróiséas seo i 2007 nuair a laghdaíodh táillí fánaíochta 70%.

Ar ndóigh agus mé ag comhaireamh gach cianóige cosúil le gach iníon mháthar na laethanta seo, cuireann a leithéid de nuacht gliondar ar mo chroí, ach tá blaisín den díomá tríd. Ní bheidh aon srian anois ar mo chuid téacsála ná ar na scairteanna abhaile is mé thar lear ar saoire, rud nach ligfidh dom gach aon ní (agus go háirithe an fón!) a scaoileadh uaim mar a dhéanainn tráth.

Ach, buíochas le Viviane, bhí sí ag smaoineamh ar m’ainbhéas teicneolaíochta agus ar an ngá dom tréimhse éiteicneolaíochta a bheith agam anois is arís. De réir na rialachán nua seo, tá caidhp €1/MB ar tháillí eolais fánaíochta. Ciallaíonn sé seo, cuir i gcás, go bhféadfainn na hailt atá scríofa agam do Bheo le sé mhí anuas a sheoladh isteach ar thart fá €1.00 costais san iomlán. Ach le linn dom an t-alt seo a scríobh bheadh beagnach €10.00 caite agam ar taighde idirlín. Ní dóigh liom go mbeidh mé ag seicéail mo chuid r-phost ar an iPhone gan ghéarghá an chéad uair eile a bheidh mé ar an Mór-Roinn. Le mo phócaí folmha, ar ndóigh, ní bheidh mé ann róluath is dócha!

OED Digiteach

I ngeall ar chúrsaí teaghlaigh i mbliana, shocraíomar fanacht in Éirinn agus thug mé mo ríomhaire glúine ar saoire liom don chéad uair riamh. D’úsáideamar é chun ceol a sheinnt don chuid is mó (ó theacht an iPod ní bhacaimid le dlúthdioscanna a thuilleadh) agus bhaineamar feidhm as chun focail dhúshlánacha m’OED digiteach a fhéachaint le linn cluichí Scrabble. Thig leat gáire ach is cuimhin liom a bheith ar deireadh seachtaine fada geimhridh amháin is teachtaireacht téacs a chur chuig mo mháthair faoi fhocal conspóideach. Thuig mo mháthair an géarghá a bhí leis an eolas. Chaith mise tréimhse ag smaoineamh ar an easpa “excitement” i mo shaol…

Google Maps

Chomh maith leis sin, bhaineamar úsáid as an ríomhaire agus an dangal gan sreang a thug mé liom chun eolas a aimsiú faoi ionaid turasóireachta éagsúla timpeall an chontae, faoi chladaigh dhifriúla, don réamhaisnéis aimsire agus le teacht ar eolas faoi na taoidí. Bhaineamar úsáid as Google Maps chun ár dturasanna laethúla a réiteach roimh ré. Toisc go bhfuil iPhone agam freisin, is féidir liom leanúint le Google Maps a úsáid agus muid ar an mbóthar. Tá feabhas mór tágtha ar an uirlis seo ó éisiodh an córas oibriúcháin nua don iPhone an mhí seo caite.

Ach is beag nár fhág mé an ríomhaire sa bhaile ar fad. Ní raibh mé cinnte faoina fhiúntas sa chúinne seo den tír. Cá bhfios dom go n-oibreodh mo dhangal san áit iargúlta seo. Chuir mé ceist ar an idirlíon (céard eile!) agus d’aimsigh mé léarscáil ón soláthróir seirbhíse Idirlín gan sreang. Agus mé ag caint ar fhiúntas, níorbh fiú dom an trioblóid. Níor nocht an léarscáil mórán seachas nach bhfuil saineolas ag an gcomhlacht teileacumarsáide i leith léarscáiliú. Is ag dul sa seans a bhí mé nuair a shocraigh mé ar an ríomhaire a thabhairt liom. Ó tharla gur ag léamh an ailt seo anois atá tú, is léir gur éirigh liom!

Garmin

Rud eile a nochtaíodh liom ar an tsaoire seo freisin, ná giúirléid an-úsáideach eile: GPS. Thug m’athair Garmin mar bhronntanas do mo mháthair (briseann an dúchas trí shúile an chait!) Is minic a thabharfainn mo chéad ghin ar mhaithe lena leithéid is mé caillte i gceantar iargúlta ar an mbealach chuig cruinniú, ach bhraith mé go minic go gcuirfeadh Garmin srian leis an deoraíocht a thugann an turasóir i dtreo seoda iargúlta ar a laethanta saoire. Ach ní mar sin a bhí sé. Thug an giúirléid seo an mhuinín dúinn bóthar ar bith a ghlacadh agus a lánfhios againn go mbeimis dá mba ghá, lena chabhair sin, in ann teacht ar an mbóthar ceart arís.

Ós ag caint ar an mbóthar ceart mé, seo ar ais mé ar bhóithrín na smaointe is i mbun machnaimh ar an tírdhreach síorathraíoch, fiáin, stoirmiúil os mo chomhair.

Bíodh Cead Cainte ag Cách

This is my article for Beo.ie for July 2009 where I discuss an aspect of my work with the IIA and a recently published Guide to Blogging.

Bímse féin chomh sáite i dteicneolaíochtaí an idirlín go ndéanaim dearmad ar nuálacht na teicneolaíochta céanna uaireanta. Táimse féin ag blagadóireacht, cuirim i gcás, ó 2003 nuair a tháinig mé ar bhlag de thaisme is mé ar fánaíocht síos ascaill an eolais tráthnóna amháin. Bhí m’ainm fearainn féin agam cheana, ach ní raibh tuairim agam céard ba chóir dom a dhéanamh leis. Ní raibh mo dhóthain eolais agam faoi ríomhchlárú chun an saghas suímh a bhí uaim a chruthú. Ba réiteach iontach dom é ag an am mar sin, Blogger.com.  Bhí mé ábalta an cód s’acu a fhí isteach sa teimpléad a dhear mé féin agus ar aghaidh liom.

Bhí tréimhsí thuas leis, thíos leis agam leis an mblag. Taitníonn an scríbhneoireacht liom, ach bhí mé chomh gnóitheach go minic is nach mbíodh am agam mír bhlaig a scríobh. Chomh maith leis sin ní raibh mé féinspéiseach a dhóthain gur shíl mé go mbeadh spéis ag an saol mhór i ngach bolgam de mo bhéile dheireanach! Ach ní bhfuair mé réidh leis riamh agus lean mé leis de bheag nó de mhór.

Ní raibh mórán daoine in Éirinn ag blagadóireacht ag an am. Ní raibh Myspace, Facebook nó Bebo ann ag an bpointe sin, nó má bhí, ní raibh siad i bhfad ar an saol. Ní raibh an teárma “na meáin sóisialta” chomh coitianta is atá anois. Ní raibh i gceist le blagadóireacht ag an tús san iomlán ach cinnlae nochtaithe leis an saol mhór thar an ngreasán. Más buan mo chuimhne, ní raibh léitheoirí in ann tráchtaireachtaí a fhágáil fiú: is cuimhin liom seirbhís eile a shuiteáil i gcód mo bhlag chun tráchtaireacht a chur i bhfeidhm.

Tharla réabhlóid iomlán ó shin. Bhunaigh an Irish Internet Association, lena bhfuil mé ag obair faoi láthair, Grúpa Oibre ar na Meáin Sóisialta bliain ó shin. Le mo thaithí mar bhlagadóir go háirithe, iarradh orm comhaltas a ghlacadh sa ghrúpa oibre seo. D’fhoilsigh an mheitheal seo a gcéad treoirleabhar, “Join the Conversation: The Guide to Blogging for Business” dhá mhí ó shin.  Is réabhlóid mhór é seo ón am a raibh drogall orm mo chuid oibre a lua ar mo bhlag go dtí an lá atá inniu ann nuair atá comhlachtaí ag guí le cúpla líne ó bhlagadóirí faoina seirbhísí nó faoina dtairgí nua gan chaint ar na comhlachtaí atá ag tabhairt faoina mblag féin gan aon agó. Agus bígí cinnte, leis an gcúlú seo ar siúl, níl aon duine díobh á dhéanamh ar son an tsiamsa (amháin!).

Toradh Taighde

Rinne roinnt de na blagadóirí gnó sa tír seo suirbhé dúinn mar chuid den taighde don treoirleabhar. Léirigh 89% díobh gurb iad custaiméirí féideartha a bhí ar an bpríomh-spriocmhargadh a bhí acu agus iad ag blagáil. Léirigh 80% gurb iad na custaiméaraí reatha a bhí sa dara áit. Ach is custaiméirí a bhí lárnach dóibh bealach amháin nó bealach eile. Léirigh siad freisin gurb é an príomhfháth gur shocraigh siad ar bhlag a scríobh ná chun dearcadh níos pearsanta agus cairdiúla a chrúthú don chomhlacht; go dtuigeadh a gcustaiméirí go raibh siad ar fáil chun aon ní a phlé leo. B’aiseolas dearfach ó na custaiméirí céanna príomhthomhais a ráthúlachta.

Ach tá dhá rud a luaitear go minic nuair a phléitear blagadóireacht is na meáin shóisialta i gcoitinne agus an gnó: am agus an toradh ar infheistíocht an ama sin. Ní chosnaíonn na huirlisí cumarsáide seo mórán ó thaobh airgid de ach tá a fhios ag éinne a ghlac cuntas ar Facebook riamh gur féidir na céadta a chaitheamh gan stró ag breathnú trí ghriangraif bhainise col seisir éigin nach bhfuil feicthe agat ó do chéad chomaoineach. Is cuma, ar ndóigh, cén bealach a chaitheann tú do chuid am saor ach is ceist iomlán eile é más ar an gclog atá tú. Agus sin eagla mhór a bhíonn ar lucht gnó go minic: go mbeidh am curtha amú acu.

Bhí spéis ag an ngrúpa oibre sa cheist chéanna ar ndóigh, agus cuireadh ceist ar na blagadóirí gnó faoi. Dúirt 39% dóibh go mbíonn siad ag blagáil cúpla tréimhse sa tseachtain agus dúirt 50% gur chaith siad idir uair amháin agus ceithre  uair ar a ngníomhaíochtaí blagadóireachta; taighde, scríobh agus tráchtaireacht san áireamh. Dúirt 32% gur chaith siad idir ceithre agus ocht uair sa tseachtain.

Fiúntas an Ama Duit

B’fhéidir go mbeadh sé deacair ar fhiontraí, go háirithe le comhlacht nua, an méad sin ama a chur ar leataobh ach smaoinigh air mar seo: samhlaigh go bhfuil tú ag seoladh seirbhís nó tairge nua. Socraíonn tú ar phreasráiteas a scríobh is a scaipeadh. Chaitheann tú, ar a laghad, leathlá á scríobh agus scaipeann tú ar na meáin é. Ní phiocann suas oiread is páipeár nó stáisiún raidió amháin é: b’obair in aisce an leathlá sin ar fad. Samhlaigh anois go raibh botún ann agus náid amháin fágtha as an bpraghas agus foilsíonn gach nuachtáin áitiúil é dá bharr. Faigheann tú an phoiblíocht ach cailleann tú custaiméirí mar chreideann siad nach raibh ann ach cleas nuair a chloiseann siad an praghas fíor atá, ar a laghad, €50.00 níos mó.

Samlaigh anois gur fhoilsigh tú ar do bhlag gnó féin é. Tá gach seans go bhfecifidh 100 nó níos mó duine an t-eolas seo. (Bíonn níos mó ná céad cuairteoir ar mo shuíomh pearsanta chuile mhí agus nílim ag déanamh aon phoiblíocht air.) Bí cinnte, freisin, aon duine atá ag breathnú ar do bhlag, tá siad ann ó tá spéis acu sa tseirbhís nó sa tairge ar aon nós. Má dhéanann tú botún, níl ort ach é a cheartú mar a cheartófá cáipéis leictreonach ar bith eile. Beidh gach focal a scríobh tú sa bhlagmhír sin ag obair ar do shon go deo. Ar an láimh eile, beidh preasráiteas an mhíchruinnis a foilsíodh sa nuachtán sactha isteach i dtóin an bhosca bhruscair an lá dar gcionn.

Soitheach Naofa Gnó an Cheoil

This is my third article for the monthly online Irish Language magazine, Beo! In this article I write about how getting my iPhone brought music back into my life (although I don’t drone on about the iPhone too much). I talk about the ways the online music services help me find music and the clever ways in which internet entrepreneurs are handling the massive issue of digital rights managment. I describe Downloadmusic.ie, the brainchild of two Leitrim-based entrepreneurs, in particular as this service really locks into how those who buy music can actually pay for it. I didn’t have space to mention in my article that I also pick up a lot of my favourite new music from The Best of MySpace Podcast. Only other lispers will understand the attraction of Gill Mills and her fluffy tongue trying to rattle out Zero Machine by Le Castle Vania for example 🙂

Handknit iPhone from daddytypes.com
Handknit iPhone from daddytypes.com. Click image to find out how to make your own!

Ó fhoilsiú m’alt deireanach tá iPhone faighte agam. Ní gá duit bheith buartha: nílim chun alt a scríobh ag gabháil ar aghaidh is ar aghaidh faoi mo bhreagán nua. Ní scríobhfaidh mé oireadh is focal eile faoin mbealach a ligean an bosca beag slim seo dom coinneáil i dteagmháil, mo thascanna a eagrú, ceol a dhéanamh is a aithint, cluichí a imirt srl. srl. ad infinitum. Seo alt de shaghas éigin eile. Seo alt faoi teicneolaíocht an cheoil agus gnó an cheoil.

Tá an ceol ar ais i mo shaol. Sin ceann de na hathraithe is mó a tharla ó bhfuair mé m’iPhone dílis. Theip ar iPod s’againne le déanaí agus tar éis roinnt áitiú ar m’fhear chéile d’éirigh liom cás m’iPhone maoineach a dhéanamh. Sin ráite rinne eisean pointe maith i gcoinne an iPhone: toisc gur fóin agus uirlis teagmhála pearsanta atá ann ní féidir leis féin, mar shampla, gabháil amach ag siúl leis an iPod ina phóca a thuilleadh. Gan amhras smaoinigh Apple ar an rud céanna agus táthar ag súil sar i bhfad go mbeidh iPhone i bpóca gach mac agus iníon máthar beo. Sin mar a casann rothaí mór an tsaoil!

Maith nó olc tá an ceol ar ais i mo shaol toisc an uirlis nua seo agus leis an gné nua seo de mo shaoil tá ocras nua ann leis (cúl eile d’fhoireann na hÚlla!) Cé go bhainim taitneamh ar leith ó na seanfhoinn tá mé de shíor ar thóir ceoil nua.

Is cabhair an-mhór an idirlíon agus mé ag tabhairt faoin dtóraíocht seo.  Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr ní aon léim mór a dhéanamh ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.

Sin seard atá ar siúl ag Last.fm ó dheireadh an 20ú aois mar a deireann siad féin. An rud cliste faoin suíomh seo ná gur féidir an ceol atá seinnte agat ar d’iPod (nó má tá an t-ádh leat cosúil liomsa, ar d’iPhone!) a “scrobbláil” chuig an suíomh. Ciallaíonn seo ná trí fheidhmchlár beag ar do ríomhaire féin atá nasctha le iTunes is féidir eolas faoin gceoil atá cloister agat a chur chuig do phroifíl ar Last.fm. Molann an suíomh ceol duit bunaithe ar an gceol atá agat cheana mar sin agus is féidir sruth de na moltaí seo a sheinnt ar an suíomh nó ar d’fheidhmchlár féin cosúil le stáisiún raidió gan na fógraí. Chomh maith leis an gceol féin faigheann tú nasc chuig siopa ar line chun an píosa ceoil a cheannach agus tuilleadh eolais faoin gceoltóir nó an mbanna. Is pobal Last.fm féin a scríobhann agus a chuireann leis an eolas seo. Is líonra soisialta é Last.fm freisin agus is féidir cairde a chothú agus éisteacht le ceol iad siúd atá i do chomharsanacht ceolmhara leis. Tiocfaidh tú ormsa ann leis an leasainm crumlin. Is féidir liom mo rogha féin cheoil a roinnt leo siúd a léann mo bhlag trí ghiuirléid atá leabaithe agam ann. (Féach ar dheas: Low brow trash guaranteed!)

Oibríonn Last.fm mar tá tuiscint maith ag na cruthaitheoirí ar úsáid teicneolaíochta a spriocmhargaidh agus ar spéiseanna a spriocmhargaidh. Dream eile atá tuiscint an-mhaith acu ar na húsáid agus spéiseanna seo ná comhlacht atá lonnaithe i gCo. Liatroma, Downloadmusic.ie. Thuig Johnny Beirne, comhbhunaitheoir an chomhlachta seo, nach mbíonn cártaí creidmheasa ag daoine óga. Thuig sé freisin go b’é an dream céanna seo a ceannaíonn an ceoil is nuaí is minicí. Mar sin bhí gá bealach éigin a chrúthú dóibh chun an ceol nua seo a cheannach. Is annamh anois a mbuailfí le duine óg gan fóin póca. Ligeann Downloadmusic.ie do leannáin an cheoil é a cheannach trí théacs a chosnaíonn 99c. Simplí. Is féidir éisteacht le sruth cheoil ar Downloadmusic.ie freisin a gcabhródh leat do rogha a dhéanamh. Chomh maith leis sin tá seirbhís chun ticéid cheolchoirmeacha a ndíol. Don chuid is mó is ceoltóirí neamhspleacha atá le fail agus is cabhair mhór an tseirbhís seo dóibh. Má tá ceolchoirm acu is féidir leo na códanna gearra a bhaineann le amhrán ar leith a thaispeáint ar scáileán nó a dáileadh ar bileog rud a ligeann dóibh airgead a dhéanamh láithreach ar an gceol atá á sheinnt: “An maith leat an t-amhrán seo? Seol music 3076 go 57501 chun é a cheannach anois!” Agus muna leor sin tugtar aon díol ar an suíomh seo san áireamh i gcrúthú na gcairteanna ceoil Éireannacha.

Is é bun agus barr na seirbhísí seo agu ceist síoraí gnó an cheoil faoi láthair ná conas saolré gnó an cheoil a chothú. Bhí ceoil ann i gcónaí agus ag pointe éigin thosnaigh daoine ag déanamh airgead as agus rinneadh airgead as mar ní raibh sé ar fail do chách i ngach áit, i gcónaí. Chomh luath is a rinne ábhar digiteach de cheoil d’fhéadfaí fíor-chóipeanna a dhéanamh asdóibh. Tá luach ag baint le haon acmhainn a fhad is gur acmhainn gann atá ann. Chomh luath is gur féidir cóipeanna a dhéanamh den acmhainn go tapaidh is ar praghas iséal tá an luach tráchtála bainte de. Tuigeann an saol mór go bhfuil ré órga an cheoil taifeadta ag druidim. Tuigeann a leitheid Last.fm agus Downloadmusic.ie go bhfuil gá le múnla ghnó difriúl a chruthú agus a chothú. Sin an Soitheach Naofa anois: freagra an cheist faoi conas airgead a dheanamh ó acmhainní cultúrtha digiteacha. Agus sin bealach eile a chasann rothaí céanna mór an tsaoil!