Filleann an Feall ar an bhFeallaire

The recent announcement that the Turing Award had been awarded to a team that created “Eugene Goostman” got me thinking for my most recent article for Beo.ie.

Beo.ie is currently seeking the assistance of its readership and supporters of independent minority language media. It is among a raft of Irish Language organisations that have had their funding withdrawn by Foras na Gaeilge in 2014, many of which have since closed their doors including my former place of work, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge which was founded in the 1940s. Beo.ie is a vital part of the international Irish language community media since 2001, allowing Irish Language writers and readers to consider and discuss news and current events in their own language.

‘To conquer the unknown, you must trust.’ Sin an mana a bhí ar lipéid mo dheoch tae luibhe ar maidin mar spreagadh don lá amach romham. Ritheann sé liom go mbíonn sé deacair uaireanta, go háirithe nuair atá tú ag plé leis an idirlíon, an oscailteacht seo a iompar leat i rith an lae.

Samhlaigh go bhféadfaí lipéid ar thae luibhe, rud chomh bunúsach, ársa mar dhea, deacrachtaí nuálaithe ár linne a achoimriú i mbeagán focal. De réir Pamela Mayer, saineolaí aigneolaíochta agus údar ‘Liespotting’, cloistear idir 10 is 200 bréag in aghaidh an lae. Tugann sí “deception epidemic” ar mhéid an mhí-ionracais atá sa saol comhaimseartha, ach dá réir, is tréith inbheirthe é sa chine daonna atá againn ó aois an-óg.

Ach le borradh teicneolaíochta tá sraithe eile ann: conas gur féidir linn a bheith muiníneach faoi na mílte duine atá inár gciorcal soisialta anois? Conas is féidir linn muinín a bheith againn sna céadta seirbhísí idirlín a bhfuil sonraí pearsanta acu fúinn? Conas is féidir linn ár ngá don teicneolaíocht a chomhardú le príobháideachas agus le sábháltacht eolais? Tá caibidil nua, gan chaint ar leabhar nua, á dhreachtú (is athhdreachtú) faoi mhothú ionannas an duine, cúrsaí muiníne agus teorainn phearsanta.

Drochscéala ‘Eugene Goostman’

Dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí muiníne acu cheana, déarfainn gur chuir an nuacht is déanaí faoi Dhuais Turing soir in iomlán iad. Fógraíodh an mhí seo chugainn gur bhuaigh scata forbróirí an duais cháiliúil seo toisc gur chreid níos mó ná aon trian de mheitheal moltóirí go raibh siad ag plé le Eugene Goostman, buachaill de trí déag ón Ucráin in ionad a bheith i mbun cumarsáide le clár ríomhaire. Bunaíodh an duais in onóir Alan Turing a scríobh faoi mheaisíní machnaimh in 1950 is a chur an cheist:

“Are there imaginable digital computers which would do well in the imitation game?”

Is é seo prionsabal fealsúnachta bunúsach i gcúrsaí intleacht shaorga (IS) atá fós á phlé 60 bliain i ndiaidh bás Turing.

Ar ndóigh táthar ann nach dtugann mórán creidiúnt dá leitheid, ag rá go bhfuil an triail róghairid (5 nóiméad), nó gur cleas a bhí ann pearsa déagóra nach Béarla a phríomhtheanga a úsáid nó nach bhfuil fiúntas ar bith lena leithéid de dul chun cinn. Léigh mé cáinteoir amháin a rinne mórán de rud gur comhtharlúint dochreidte a bhí ann gur tharla seo ar ócáid comórtha 60 bliain ó bhás Turing.

Más é todhchaí éasca a shamhlaigh Arthur C. Clarke i gcathair Diaspar ina úrscéal The City and the Stars atá uainn is céim bheag ina threo sin an chéim seo. Samhlaigh mura mbeadh ar na ceadta céimí ollscoile tabhairt faoi dhíol is tacú teicneolaíochta in ionaid glaonna ar fud na cruinne. Samhlaigh go bhféadfaimís an obair sin a fhágáil le IS. Ní bheadh de dhíth ach na forbróirí agus, céim ar céim, bheadh an IS in ann tabhairt faoi fhorbairt na ríomhchlár freisin. Is é an todhchaí sin a chuireann eagla orainn is dócha agus a phléigh Clarke sa leabhar céanna agus a phléann na ceadta scríbhneoirí ficsin is fealsúnachta i leith IS.

An Neamh Seo Chugainn

Go pearsanta táimse ag súil leis an lá nuair is féidir liom díriú ar cheardanna agus ar na healaíona, ar rothaíocht is siúl trí choillte agus cois farraige, ar gach uile leabhar a léamh sa leabharlann, ar leabhair a chur sa leabharlann mé féin, ar luí siar agus a bheith ag samhlú dom féin. Tá mé ag súil leis an lá nuair nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo agus an t-aon sprioc a bheas againn ná spriocanna bunaithe ar spéis in ionad a bheith bunaithe ar bhrabús corporáideach. Ach conas is féidir linn a dhóthain muiníne a bheith againn i dteicneolaíocht chun an saol só sin a ghealluint do gach mac is iníon máthar?

Táimid fós i bhfad uaigh sin go háirithe nuair a dtuigeann tú an comhrac inmheánach agus an lámhacán cúl scéithe a bhaineann le, mar shampla amháin, OAuth agus OpenID, péire creatlach aitheantais atá in úsáid, nó nach bhfuil in úsáid i gceart ag a leithéid Facebook, Microsoft, Google agus Twitter. Ligeann an creatlach seo úsáid frithchuimilte a dhéanamh dá seirbhísí i dteannta le suíomhanna idirlín eile. Mar shampla, más mian leat tráchtaireacht a dhéanamh ar suíomh is féidir ‘Social sign-in’ a úsáid toisc OAuth. Tá rian coimhlinte le leanúint i leith na teicneolaíochta seo chomh fada siar le 2012 de réir mo léamhsa.

An mhí seo chaite bhí an creatlach seo sa nuacht arís nuair a fógraíodh go ligeann feidhmiú an chreatlaigh do shuíomhanna mailíseacha eolas pearsanta a bhailiú gan stró. Tugadh “Covert Redirect” ar an locht seo. Cé nach bhfuil an earráid seo chomh contúirteach is atá Heartbleed faoinar scríobh Joseph Steinberg,

“Some might argue that [Heartbleed] is the worst vulnerability found (at least in terms of its potential impact) since commercial traffic began to flow on the Internet.”

Is achrann eile é a chuireann siar céim eile i dtreo saol na bhFlaitheas a bhfuil muid ag dréim leis.

Mar sin is buille eile é seo i gcoinne muinín i dteicneolaíocht ach mar a mhíníonn Matthew J. Schwartz ina alt faoi, ní hí an teicneolaíocht atá lochtach ach iad siúd atá á chur i bhfeidhm:

“Many developers, however, have used implicit flows when they should be using code flows, and many sites have allowed them to do so. (Bradley recently published OAuth guidance for developers about how to employ the right flow techniques.)”

Faoi Scáth an Amhrais

Thosaigh mé ag machnamh mar sin ar an bpriacal atá inghlactha dúinn agus sinn ag plé le teicneolaíocht. An ligfidh nádúr an chine daonna dúinn riamh an chéim mhór chun tosaigh a thógáil a fhad is a bhfuil grifters, is sharks, is con-artists amuigh ansin ag iarraidh feall a imirt orainn? De réir an tsaineolaí slándála Bruce Schneier, táimid ag éirí níos drogallaí in aghaidh contúirtí de réir a chéile toisc ár n-in-oiriúnachta.

When you implement measures to mitigate the effects of the random risks of the world, you’re safer as a result. When you implement measures to reduce the risks from your fellow human beings, the human beings adapt and you get less risk reduction than you’d expect — and you also get more side effects, because we all adapt.

Minecraft agus Imní Tuismitheora

My most recent article for Beo.ie looks at some of the issues that I as a parent am experiencing as my children get more involved in technology. Can I keep up with them? The latest game to cause some concern is Minecraft. Read on or contact me for a rough translation 🙂

Thugamar cuairt ar an deartháir is sine liom faoi Nollaig. Tá beirt chailíní aige agus le linn na cuairte thaispeáin siad Minecraft, cluiche ar an iPad nua s’acu, don bheirt gasúir is sine linne. Ó shin i leith tá na buachaillí s’againne go huile is go hiomlán gafa leis. D’insealbhaigh m’fhear chéile an leagan in aisce ar an iPad s’aige, ag ceapadh nach mairfeadh an leannán seo acu.

Thug m’fhear chéile a iPad leis ar turas coicíse agus go ceann trí lá d’ímpigh siad is d’impigh siad orm Minecraft a insealbhú ar an iPad s’agamsa. Dhiúltaigh mé. Thairg an duine is sine a chuid airgid féin chun íoc as: dar leis, thuill sé an t-airgead timpeall an tí agus is faoi féin conas a chaitheann sé é. Sa deireadh tháinig muid ar réiteach agus fuair mé an leagan nua de Lego Harry Potter. Tá dífríocht amháin idir Minecraft agus Lego Harry Potter a thuigfidh aon tuismitheoir eile le ‘crafters’ sa teach: tá críoch le Lego Harry Potter; leanfaidh Minecraft go deo.

Ach nach ionann cluiche amháin leictreonach agus ceann eile? Is ea, go pointe áirithe, ach tá difríochtaí móra idir gnáthchluichí agus Minecraft agus ní ormsa amháin atá imní faoin mbealach a imríonn na gasúir an cluiche seo. Ní gá ach cuardach a dhéanamh ar Google ar nós “kids playing too much minecraft” agus tiocfaidh tú ar neart cláracha plé agus blagmhíreanna ag tuismitheoirí imníoch ag lorg freagra ar an gceist.

Seoladh Minecraft don PC déanach i 2011 agus bronnadh duaiseanna láithreach air: “best downloadable game”, “best indie game”, srl. Tugtar cluiche bosca gainimh nó domhan oscailte ar a leitheid de cluiche. Seard atá i gceist leis seo ná nach bhfuil scéal ar leith i gceist leis an gcluiche: fágtar faoin imreoir taiscéal a dhéanamh sa domhan iad féin.

So proud - my nippers made this... :-/
So proud – my nippers made this… :-/

Tú Féin atá ar an Maide Eolais

De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht. Mar sin is féidir a leithéid de chluichí a sheoladh go sciobtha de ghnáth freisin. Míbhuntáiste, ar ndóigh, is ea go bhfuil gá leis na rialacha ó nach bhfuil sé dodhéanta gach uile féidearacht insinte a shamhlú ar an gcéad dul síos agus a chruthú. In alt i 2005 (tá fhios agam – ársa go maith!) scríobh forbróir cluiche amháin, David Braben, go bhfuil ardchaighdeán léiriúcháin sroichte: tá samhail an tsaoil réadúil cruthaithe ach “The Holy Grail we are looking for in fifth generation gaming is the ability to have freedom, and to have truly open ended stories.”

An rud is aistí faoi Minecraft ansin ná go bhfuil na graificí bunúsach. An-bhunúsach. Tá siad blocach, tá an pailéad srianta go maith ach is cuma don imreoir mar má shocraíonn sé nó sí ar teaichín deich n-urlár le díon tuí a chruthú, thig leis. Níl srian ar bith leis an tsamhlaíocht ann. Sin an rud a tharraingíonn ar ais arís is arís eile iad. Sin an fáth go bhfuil an-spéis ag oideachasóirí sa chluiche seo.

Inár dteach tá neart uirlísí aibhléise idir uirlísí iOS agus ríomhairí. Tá Wii agus tá PSP againn agus d’éirígh leis na gasúir am a chur isteach ag imirt cluiche ar an meaisín DVD fiú! B’fhearr i bhfad leo suí siar le cluiche in ionad clár teilifíse agus go dtí seo tá níos mó spéis acu i gcluichí ina bhfuil fadhbanna le réiteach iontu nó sprioc ar leith in ionad cluichí “shoot-em-up”. Is é am ríomhaireachta an duais is fearr is féidir thabhairt dóibh agus tuilleann siad dearbháin timpeall an tí gur féidir leo trádáil ar son 15 nóiméad anseo is ansiúd.

Sách Buartha

Sa dara áit don duine is sine tá leitheoireacht agus dá dhearthair, tá teilifís mar chaitheamh aimsire. Nil mórán speise ag ceachtar acu i spórt, idir rannpháirteacht nó féachaint air. Mar sin, cosúil le híomhá choitinn na máthar, táim buartha go bhfuil siad ag foghlaim drochnósanna a mbeidh tionchar acu ar a sláinte anois agus amach anseo. Scríobh mé cheana (féach an nasc ‘is fearr an tsláinte’) faoin mbealach ina bhfuil cruthaitheoirí teicneolaíochtaí sláinte ag iarraidh “gamification” a shníomh tríd a gcuid earraí agus léigh mé alt amháin a leagann síos gurb iad na tréithe aigneolaíochta céanna a chruthaíonn cluichirí dírithe is a chruthaíonn “gym rats” dírithe. Nílim róchinnte ach feicim tréith na hiomaíochta sna gasúir. Le Minecraft feicim gur féidir leo díriú isteach ar thionscnamh agus fanacht leis go dtí go mbeidh sé curtha i gcrích acu. Caithfidh na himreoirí na hábhair thart timpeall orthu a úsáid chun an timpeallacht a mhúnlú. Tá dhá modh imeartha sa chluiche: cruthaitheacht nó modh an mharthanais. Ligeann an chéad cheann don imreoir leanúint leis an tógáil gan tionchar ó ocras, caitheamh an lae nó ó ionsaitheoirí cosúil le ainmhithe, damháin alla nó zombies. Sa mhodh marthanais, caithfidh an t-imreoir gabhail i ngleic leis seo go léir chun teacht slán. Is féidir leo imirt leo féin nó is féidir imirt thar an idirlíon le cairde agus stráinséirí.

STRÁINSÉIRÍ?? Coimthígh!

Bíonn tuismitheoirí buartha go minic faoi choimhthigh ar líne agus ar ndóigh ní cabhraíonn a leithéid de scéal is “Man jailed for having sex with 13 year old”  ina bhfuil an suíomh Bebo lárnach. Mar thuismitheoir briseann an scéal seo mo chroí. Is léir go dtuigeann cruthaitheoirí Minecraft deacrachtaí tuismitheoirí le hoscailteacht córas ar líne. Tuigeann siad an eagla. Ach is creatúir sóisialta muid agus giorraíonn beirt bóthair go háirithe nuair ortsa atá an fhreagracht an bóthar sin a thógáil cloch mhéarach i ndiaidh na cloiche méaraí. Tá modh sa chluiche mar sin gur féidir leat freastálaí priobháideach a shocrú agus na sonraí a roinnt le do chairde amháin. An buntáiste is mó atá leis seo ná gur le cuireadh amháin a ligeann tú imreoirí teacht isteach; an míbhuntáiste ná is faoin tuismitheoir, de ghnáth, an freastalaí a riaradh. Deis iontach foghlamtha, nach ea?!

D’fhógair Mojang, cruthaitheoirí Minecraft, le déanaí go mbeidh siad ag cur seirbhís freastalaí príobháideacha ar fáil, Minecraft Realms, ar costas $10 – $15 in aghaidh na míosa. Go dtí seo níl mórán spéise ag an mbeirt s’againne imirt lena gcairde agus faoin am a mbeidh, b’fhéidir go mbeidh riarachán freastálaí ar mo thoil agam…!

Cén áit don chultúr sa ré nua teicneolaíochta?

Ag taifead ag ceolchoirm

In this article for Beo! I write about the place of culture in the technological age. at the very botom you’ll find link to a previous blogpost that covers some of the same ground. I kick off here with a link to a great blog post by Aonghus Ó hAlmhain about developing programmers. I also write a little about the Stop SOPA Ireland campaign.

Críochnaigh mé m’alt deiridh ar thaobh aibhéise de shaghas inar chuir mé tús le ceist mhór i leith oideachas na teicneolaíochta. Bhí roinnt plé ansin idir mé féin agus Aonghus i dtráchtaireachtaí leis an alt féin agus ar Twitter. I ndeireadh báire, scaoil Aonghus leis ar a bhlag féin inar mhínigh sé an scéal ar fad agus a thuras pearsanta isteach i saol an ríomhcláraitheora. Is spéisiúil an léargas é agus is fiú a léamh.

Sa bhlag mhír seo pléann sé na bunclocha atá de dhíth chun ríomhcláraitheoir a thógáil. Táim féin den tuairim gurb iad foighde agus stuacacht na tréithe is mó atá de dhíth ar ríomhchláraitheoir: foighde chun chur suas le cliaint dúra cosúil liomsa agus stuacacht chun leanúint leat i gcoinne constaicí loighice agus dothuisceana a bhíonn, go minic, féinchruthaithe.

Ach in ionad a bheith ag scaoileadh fúm is tharam anseo faoin droch-chaoi ina bhfuil oideachas na teicneolaíochta sa tír seo, tharraing scéal eile mo shúil le mhí anuas: is mise snag breac na teicneolaíochta amach is amach! Is mó constaic a pléadh sa nuacht teicneolaíochta le déanaí ó shocraigh roinnt comhlachtaí idirlín tabhairt faoi lá lándorcha in agóid ar SOPA. Rinne acht rialtas SAM “Stop Online Piracy Act” jab an-cheisteach de reachtaíocht cóipchirt don idirlíon. Fuair an reachtaíocht seo an-chuid tacaíochta ó na foilsitheoirí móra ceoil, scannáin agus téacs ach is beag comhlacht idirlín, ceoltóir, ealaíontóirnó foilsitheoir beag a bhí chomh tógtha leis. Is féidir an scéal ar fad a léamh is a thuiscint trí SOPA a chuardach ar líne. An fhadhb is mó a bhí ag lucht a fhreasúra ina gcoinne ná an tslí gur shocraigh lucht a dhréachta ar chasúr a úsáid in áit an chleite. A luaithe is a bhí ábhar faoi chóipceart scaipthe ar ghréasán bhí sé i gceist an gréasán sin a ghearradh ón idirlíon trí iarraidh ar ISP a chuntas a dhúnadh agus trí stop a chur le suíomhanna eile, beag nó mór, nascadh leo.

In Éirinn

Ag taifead ag ceolchoirmShocraigh brúghrúpa Éireannach StopSOPAIreland úsáid a bhaint as an spéis idirnáisiúinta seo i gcúrsaí dlí, teicneolaíochta agus cearta chunfeachtas tráthúil a sheoladh le haird a tharraingt ar reachtaíocht atá idir láimhe san Oireachtas faoi láthair. De réir mo thuisceana, tá deacracht ag an dream seo leis an mbealach ina bhfuil an reachtaíocht seo á achtú chomh maith le hábhar an achta féin. Is é bun agus barr an scéil ná nach ionann múnla gnó na gcomhlachtaí ceoil, scannáin, bogearraí is leabhair (EMI srl.) atá “ag cosaint a gcóipceart” agus comhshaoil réadúil an chultúir chéanna seo. Níl an t-airgead céanna le déanamh as an gcultúr seo a scaipeadh a thuilleadh agus tá an dinosaur ag fulaingt, ag casacht is ag rith ón scamall dubh atá ag alpadh a dhomhain. N’fheadar céard a bheas fágtha: cúpla puirtleog raithní, crogall agus armadillo? Ach fásfaidh bláthanna agus feilecáin, rud nár mhair faoi ré na ndionosár.

Abigail Smith and Sue Rynhart play origial music by Irish composersAn toradh is mó dar liom as an aird seo atá ar SOPA agus reachtaíocht digiteach, idirlín agus cóipcirt ná gur tharraing seo ceist na cruthaitheachta sa ré dhigiteach go lár an aonaigh arís. Ní haon saineolaí dlí mé ach tá deirfiúr agus triúr deartháir agam gur ealaíontóirí is ceoltóirí iad (Is mise caora bán na clainne – iad siúd na cuilthíní). Tá i measc mo chol ceathracha dearthóir faisin, ceoltóir eile, iriseoir, grianghrafadóir (atá pósta le grianghrafadóir): sin an-chuid daoine atá ag brath ar chultúr agus ar a gcearta mar chruthaitheoirí an chultúir sin le snáith a choinneáil faoin bhfiacail. Maith dom mar sin má bhraitheann tú go bhfuilim rud beag claonta ar cheist an chóipchirt sa ré dhigiteach.

Níl aon cheist gur gá le hathbhreathnú ar dhlithe cóipchirt atá de dhíth mar nach n-oireann dlí analógach don ré dhigiteach; dlí a scríobhadh in am an leabhair, na téipe agus an cheirnín. Sa ré úr seo, is féidir cóip dhigiteach fhoirfe a dhéanamh go síoraí. Nuair is féidir é sin a dhéanamh, druideann costas tairgeadh an bhunruda i ngar do neamhní. Conas gur féidir luach a chur leis an mbunrud mar sin? Ach fós tá costais ag baint le cruthú cultúir: go bunúsach, caithfidh ealaíontóir ithe agus ar thaobh eile an scéil, is gá foireann a íoc i dtionscail idirnáisiúnta an cheoil is na scannánaíochta.

Na Duartain in Aisce

Pret a mediatiserIs minic anois go mbíonn sé indéanta cóip a fháil go ‘mídhleathach’ nuair nach féidir aon ní a fháil go dleathach: féach mar shampla an clib TV ar do chuid iTunes: níl faic ann ach is féidir duartan a fháil den tsraith is nuaí ar teilifís áit ar bith ar domhan: ná caill do shobalchlár Filipíneach is ansa leat arís go brách! Nó an raibh tú féin chomh díomach is bhí mé féin faoi raon clár a bhí ar fáil ó Netflix nuair a seoladh iad le rí-rá mór anseo le déanaí? Is cinnte go luíonn bochtanas an rogha seo ag doras na gcomhlachtaí móra foilseacháin agus rialtas na tíre seo mar nach féidir leo réiteach a shocrú le leitheidí iTunes, Netflix, Spotify srl. a ligfeadh dóibh a gcatalóg a roinnt anseo. Céard é an dara rogha mar sin? Fan go dtí go bhfuil an t-ábhar ar fáil ar DD nó ar DVD?

Ach ní ceist teicneolaíochta seo ar fad dar liom. Is gá dúinn, in ionad léimt isteach ar an scéal, smaoineamh ar céard tá uainn. Tá fonn orainn éisteacht le ceol, leabhair a léamh, breathnú ar scannáin agus bogearraí áisiúla a úsáid. Tá a leithéid ann agus tá siad ar fáil go dleathach. Tá roinnt den ábhar seo agus luíonn a gcóipceart leis an duine a chruthaigh é ach tá cuid eile de agus is le comhlacht a luíonn an cóipceart. Is iadsan atá ag seasamh an fhóid i leith a gcóipceart ar son na gcruthaitheoirí agus ar ndóigh, ar maithe le leas a bhaint as an gceart céanna sin.

Tionscal Faoi Stró

Dublin City Jazz OrchestraMar sin is ceist oideachais agus moráltachta atá ann dar liom Má mhúintear go bhfuil luach ag baint le gach píosa ábhair a chruthaítear. Ach an ionann an luach a chuirtear síos do scannán nua Martin Scorsese agus céimí scannáin nó saothar Crash Ensemble agus buaiteoir X Factor? Gach seans nach gcuirfeadh formhór mór na ndaoine luach le haon cheann díobh. Sna argóintí seo freisin, bíonn an iomarca béime ar cheol: píosaí trí noiméad a d’fhéadfadh, ar lá maith, scríobh i maidin amháin, in aon uair amháin. Ach tábradaíl ar siúl ar scannáin, leabhair, bogearraí agus ar chláracha teilifíse, cnapáin chultúir a ghlacann na céadta uair an chloig ar na céadta daoine lena gcruthú. Teipfidh ar an tionscadal seo munar féidir múnla agus bealach nua a chruthú chun idirbheart an chultúir a chur i gcrích.

Conas gur féidir a leitheid a mhúineadh agus cé leis an “curaclam”? Thuig Tim O Reilly an cheist nuair a dúirt “Obscurity is the problem, not piracy”. Má tá saothar á chóipeáil, á íosluchtú, go dleathach nó mídleathach tá agat; is é an fhadhb is mó nuair nach bhfuil tóir ar an saothar; nuair nach bhfuil sé sa bhfaisean. Agus i gcomhthéacs cultúr an X-Factor, nach leor luach teachtaireacht téacs ar do chuid saothar? Nach “leo” siúd a vótáil ar a son buaiteoir an chomórtais?

Ní hé seo an chéad uair a scríobh mé faoi luach chultúir agus ealaíne agus táim cinnte go dtiocfaidh mé ar ais chuige.

Dahlinks 28.11.2010

The best laid plans of mice and moms, eh? So much for my plan to at the very least post some links every week! I spend quite a bit of time (usually of an evening!) trawling the web for great content. Here are some of the most arresting items I have found in the last week. Many of these I share via the IIA’s Twitter account where I work so if you want them as I find them, follow the IIA on Twitter. Some of these I also share in my upcoming article for Beo. In no particular order:

Ná déan olc

This is my column for the May 2010 edition of Beo! In it I write about YouTube which had recently celebrated its fifth anniversary. I write in particular about the issues around copyright, artists’ fees & privacy that YouTube has brought into focus in its short life.

Bhí íonadh orm nuair a chuala mé an tseachtain seo chaite go raibh YouTube ag comóradh cúig bliana ar an bhfód, fód an idirlín! Bhí ionadh orm toisc nach cuimhin liom, roimh YouTube,  cén áit a bhfuair mé físeanna de chait ag canadh is cailíní beaga ag déanamh aithris ar Beyoncéataispeáint de radharc as Return of the Jedi, fráma ar fráma, déanta le Lego. Is fíor dóibhsean a deir go líontar gach folús!

Cheannaigh Google an feidhmchlár gréasáin óg seo mí Dheireadh Fómhair 2006. D’íoc siad $1.65 billiún ar an gcomhlacht. Tá físeán lucht a bhunaithe le feiceáil, Chad Hurley agus Steve Chen, is iad ag fógairt na nuachta seo le comhphobal YouTube. 

D’fhoilsigh Nicolas Carr ‘The Big Switch’ sa bhliain 2008, leabhair a rinne comórtas idir stair na haibhléise agus fás an idirlín. Mar chuid den phlé ann, déanann sé cur síos ar an bhfíseán seo de Chad is Steve. Tá gangaid i bhfocail Carr nuair a scríobhann sé faoin mbealach a dtugann Chad “kings” ar YouTube is Google. Dar le Carr, ar nós rí ar bith, ba chóir do Chad is do Steve a bheith níos umhaile os rud é gurbh iad a “ndaorchlann“ a chur na corónacha ar a gcloigne beannaithe. Murach pobal YouTube, (lena bhfuil siad ag gabháil buíochais sa bhfíseán seo, déanta na fírinne), ní bheadh YouTube ar bith ann. An fhadhb atá ag Carr leis seo ná an easpa tuisceana, dar leis, a léiríonn na ríthe óga ar an gcaidreamh seo idir YouTube is a pobal. Is gráin leis go bhfuil an bheirt seo ag gáire faoi $1.65 billiún a fháil de bharr oibre is cruthaitheachta daoine eile.

B’fhéidir go bhfuil pointe aige. Ní eisean amháin a bhí buartha faoin bpósadh seo agus an spré a chuaigh leis. Bhí úinéirí cearta físe buartha toisc fonn fadseasta Google eolas uile an domhain a chur ar fáil do chách saor in aisce. Conas a chinnteofaí go bhfaigheadh siadsan gur leo cearta an ábhair íocaíocht ar na cearta céanna? Don duine aonair, don bhfógraitheoir nó do mhargaitheoir nó réalta éirítheach, b’fhéidir gur chuma, ach do na comhlachtaí ceoil, scannáin is teilifíse, ba dheacracht mhór é. Maireann ceist cóipchirt go dtí inniu féin gan aon réiteach ceart, nó i ndáiríre, réiteach sibhialta. Ar ndóigh ní YouTube amháin a chruthaigh nó a bhuanaigh an fhadhb ach, leis an tosaíocht a thugann Google do fhíseáin i dtorthaí cuardacha, is beag brabhsálaí idirlín nár bhain úsáid as YouTube.

Is Réidh le Cách Stiall den Duine Eile

Ar bealach sin ceann de na fáthanna a cheapaim go bhfuil pointe ag Nicholas Carr. Tá cultúr cruthaithe ag teicneolaíocht atá ag déanamh dochar airgid dúinn ar fad dar liom. Cultúr atá ag súil le gach rud saor in aisce ach a ghlacann le fógraí ar chuile rud faoin spéir. Tháinig an t-idirlíon céim ar chéim as tograí taighde ag gabháil siar go lár an 20ú haois. Bhí paisean, fiosrachas agus mórtas acadúil ag baint leis an obair a ghin an t-idirlíon is teicneolaíochtaí eile. Sa leabhar ‘Outliers’ le Malcolm Gladwell, cíorann sé an nós go caithfear 10,000 uair a chur isteach in aon cheird chun teacht ar an saineolas, bíodh sé sin ar an ngiotar, an piano nó i sampla amháin atá aige, ag clárú ríomhaire. Sa sampla aige, déanann sé cur síos ar an méid ama a chaith Bill Gates óg ag obair ar ríomhaire. Mar chaitheamh aimsire, istoíche, nó tráthnóna Dé hAoine. Ar luaigh mé go bhfuil duais don té a thagann aníos le focal Gaeilge ar “nerd” dom?

Ba thogra ollscoile Google a chruthaigh Larry Page is Sergey Brin mar chuid de chéim dhochtúireachta. Ní dóigh liom go raibh siad ag smaoineamh ar ghnéithe cosúil le ‘paid search’ nuair a chaith siad snab an choinnill airneáin i Stanford.  Bhí an bheirt acu paiseanta faoina n-ábhar ach ní raibh siad ag súil go nginfeadh a gcuid oibre ceann de na comhlachtaí is tábhachtaí sa 20ú haois. Éascaíonn na teicneolaíochtaí seo scaipeadh an ábhair ach níl sé soiléir go gcruthaíonn siad saol níos cóire ina bhfuil an saibhreas a thuilltear roinnte ar chách a chruthaigh an saibhreas céanna.

Ré Mheath an Phríobháideachais

Tharraing YouTube solas ar ceisteanna i leith príobháideachais freisin mar, cosúil le teicneolaíocht uile Greasán 2.0, tá gnéithe sóisialta ag baint le YouTube. Is féidir líonra a chruthú air, trácht a scríobh faoi fhíseáin agus síntiús a ghlacadh le húsáideoirí ar leith. Bí cinnte go bhfuil Google ag bailiú an eolais seo ar fad. An buntáiste ná go bhfeicfidh tú físeáin nua atá cosúil leis an ábhar a thaitin leat cheana. An míbhuntáiste ná ní fios duit an bhfanfaidh na téarmaí is na coinníollacha mar a gcéanna i gcónaí. Ach do na dúchasaigh digiteacha, is réidh a roinnfidh siad mianta agus sainroghanna pearsanta leo chun greim a fháil ar an tairiscint is nuálaí.

Ach le físeáin, tá priobháideachas de shaghas eile i gceist. Nuair a tharraingítear fís cé leis an fhíseán sin? An leis an té atá ann nó an leis an té a tharraing é an físeán? Cás amháin atá an-cháiliúil ar YouTube agus a luaigh an t-údar Daniel J Solove ina leabhar ‘The Future of Reputation: gossip,rumor & privacy on the internet’ (ar fáil ar líne) ná cás an ‘Star Wars Kid’. Rinne déagóir fís de féin ag troid le “light saber” mar dhea. Ní raibh sé ró-scafánta ar a chosa, bhí sé ramhar, rinne sé gleo aisteach. Tháinig gasúir eile sa scoil ar an téip is chuir siad ar líne é. Is é ceann de na físeanna is mó spléachadh ar YouTube é, ach níor chuardaigh sé an clú seo. D’fhág sé scoil de dheasca na maistíneachta a tharla chuile lá ann agus tá sé faoi chúram síciatrach. Shocraigh a thuismitheoirí cás dlí a troid le tuismitheoirí na ndéagóirí a chur an físeán ar líne. Cé go raibh mé ábalta teacht ar an uafás ábhair ina leith, ní raibh mé ábalta teacht ar oiread is focal amháin ó Google féin i leith an scéil seo. Bhí siad sásta an t-ardán a thabhairt dóibh siúd a bhí ag magadh faoin gceatán bocht seo, ach an dóigh leat go gcreideann seisean, nó a mhuintir atá ag tacú leis, mana Google, “Do no evil.”