Cén áit don chultúr sa ré nua teicneolaíochta?

Ag taifead ag ceolchoirm

In this article for Beo! I write about the place of culture in the technological age. at the very botom you’ll find link to a previous blogpost that covers some of the same ground. I kick off here with a link to a great blog post by Aonghus Ó hAlmhain about developing programmers. I also write a little about the Stop SOPA Ireland campaign.

Críochnaigh mé m’alt deiridh ar thaobh aibhéise de shaghas inar chuir mé tús le ceist mhór i leith oideachas na teicneolaíochta. Bhí roinnt plé ansin idir mé féin agus Aonghus i dtráchtaireachtaí leis an alt féin agus ar Twitter. I ndeireadh báire, scaoil Aonghus leis ar a bhlag féin inar mhínigh sé an scéal ar fad agus a thuras pearsanta isteach i saol an ríomhcláraitheora. Is spéisiúil an léargas é agus is fiú a léamh.

Sa bhlag mhír seo pléann sé na bunclocha atá de dhíth chun ríomhcláraitheoir a thógáil. Táim féin den tuairim gurb iad foighde agus stuacacht na tréithe is mó atá de dhíth ar ríomhchláraitheoir: foighde chun chur suas le cliaint dúra cosúil liomsa agus stuacacht chun leanúint leat i gcoinne constaicí loighice agus dothuisceana a bhíonn, go minic, féinchruthaithe.

Ach in ionad a bheith ag scaoileadh fúm is tharam anseo faoin droch-chaoi ina bhfuil oideachas na teicneolaíochta sa tír seo, tharraing scéal eile mo shúil le mhí anuas: is mise snag breac na teicneolaíochta amach is amach! Is mó constaic a pléadh sa nuacht teicneolaíochta le déanaí ó shocraigh roinnt comhlachtaí idirlín tabhairt faoi lá lándorcha in agóid ar SOPA. Rinne acht rialtas SAM “Stop Online Piracy Act” jab an-cheisteach de reachtaíocht cóipchirt don idirlíon. Fuair an reachtaíocht seo an-chuid tacaíochta ó na foilsitheoirí móra ceoil, scannáin agus téacs ach is beag comhlacht idirlín, ceoltóir, ealaíontóirnó foilsitheoir beag a bhí chomh tógtha leis. Is féidir an scéal ar fad a léamh is a thuiscint trí SOPA a chuardach ar líne. An fhadhb is mó a bhí ag lucht a fhreasúra ina gcoinne ná an tslí gur shocraigh lucht a dhréachta ar chasúr a úsáid in áit an chleite. A luaithe is a bhí ábhar faoi chóipceart scaipthe ar ghréasán bhí sé i gceist an gréasán sin a ghearradh ón idirlíon trí iarraidh ar ISP a chuntas a dhúnadh agus trí stop a chur le suíomhanna eile, beag nó mór, nascadh leo.

In Éirinn

Ag taifead ag ceolchoirmShocraigh brúghrúpa Éireannach StopSOPAIreland úsáid a bhaint as an spéis idirnáisiúinta seo i gcúrsaí dlí, teicneolaíochta agus cearta chunfeachtas tráthúil a sheoladh le haird a tharraingt ar reachtaíocht atá idir láimhe san Oireachtas faoi láthair. De réir mo thuisceana, tá deacracht ag an dream seo leis an mbealach ina bhfuil an reachtaíocht seo á achtú chomh maith le hábhar an achta féin. Is é bun agus barr an scéil ná nach ionann múnla gnó na gcomhlachtaí ceoil, scannáin, bogearraí is leabhair (EMI srl.) atá “ag cosaint a gcóipceart” agus comhshaoil réadúil an chultúir chéanna seo. Níl an t-airgead céanna le déanamh as an gcultúr seo a scaipeadh a thuilleadh agus tá an dinosaur ag fulaingt, ag casacht is ag rith ón scamall dubh atá ag alpadh a dhomhain. N’fheadar céard a bheas fágtha: cúpla puirtleog raithní, crogall agus armadillo? Ach fásfaidh bláthanna agus feilecáin, rud nár mhair faoi ré na ndionosár.

Abigail Smith and Sue Rynhart play origial music by Irish composersAn toradh is mó dar liom as an aird seo atá ar SOPA agus reachtaíocht digiteach, idirlín agus cóipcirt ná gur tharraing seo ceist na cruthaitheachta sa ré dhigiteach go lár an aonaigh arís. Ní haon saineolaí dlí mé ach tá deirfiúr agus triúr deartháir agam gur ealaíontóirí is ceoltóirí iad (Is mise caora bán na clainne – iad siúd na cuilthíní). Tá i measc mo chol ceathracha dearthóir faisin, ceoltóir eile, iriseoir, grianghrafadóir (atá pósta le grianghrafadóir): sin an-chuid daoine atá ag brath ar chultúr agus ar a gcearta mar chruthaitheoirí an chultúir sin le snáith a choinneáil faoin bhfiacail. Maith dom mar sin má bhraitheann tú go bhfuilim rud beag claonta ar cheist an chóipchirt sa ré dhigiteach.

Níl aon cheist gur gá le hathbhreathnú ar dhlithe cóipchirt atá de dhíth mar nach n-oireann dlí analógach don ré dhigiteach; dlí a scríobhadh in am an leabhair, na téipe agus an cheirnín. Sa ré úr seo, is féidir cóip dhigiteach fhoirfe a dhéanamh go síoraí. Nuair is féidir é sin a dhéanamh, druideann costas tairgeadh an bhunruda i ngar do neamhní. Conas gur féidir luach a chur leis an mbunrud mar sin? Ach fós tá costais ag baint le cruthú cultúir: go bunúsach, caithfidh ealaíontóir ithe agus ar thaobh eile an scéil, is gá foireann a íoc i dtionscail idirnáisiúnta an cheoil is na scannánaíochta.

Na Duartain in Aisce

Pret a mediatiserIs minic anois go mbíonn sé indéanta cóip a fháil go ‘mídhleathach’ nuair nach féidir aon ní a fháil go dleathach: féach mar shampla an clib TV ar do chuid iTunes: níl faic ann ach is féidir duartan a fháil den tsraith is nuaí ar teilifís áit ar bith ar domhan: ná caill do shobalchlár Filipíneach is ansa leat arís go brách! Nó an raibh tú féin chomh díomach is bhí mé féin faoi raon clár a bhí ar fáil ó Netflix nuair a seoladh iad le rí-rá mór anseo le déanaí? Is cinnte go luíonn bochtanas an rogha seo ag doras na gcomhlachtaí móra foilseacháin agus rialtas na tíre seo mar nach féidir leo réiteach a shocrú le leitheidí iTunes, Netflix, Spotify srl. a ligfeadh dóibh a gcatalóg a roinnt anseo. Céard é an dara rogha mar sin? Fan go dtí go bhfuil an t-ábhar ar fáil ar DD nó ar DVD?

Ach ní ceist teicneolaíochta seo ar fad dar liom. Is gá dúinn, in ionad léimt isteach ar an scéal, smaoineamh ar céard tá uainn. Tá fonn orainn éisteacht le ceol, leabhair a léamh, breathnú ar scannáin agus bogearraí áisiúla a úsáid. Tá a leithéid ann agus tá siad ar fáil go dleathach. Tá roinnt den ábhar seo agus luíonn a gcóipceart leis an duine a chruthaigh é ach tá cuid eile de agus is le comhlacht a luíonn an cóipceart. Is iadsan atá ag seasamh an fhóid i leith a gcóipceart ar son na gcruthaitheoirí agus ar ndóigh, ar maithe le leas a bhaint as an gceart céanna sin.

Tionscal Faoi Stró

Dublin City Jazz OrchestraMar sin is ceist oideachais agus moráltachta atá ann dar liom Má mhúintear go bhfuil luach ag baint le gach píosa ábhair a chruthaítear. Ach an ionann an luach a chuirtear síos do scannán nua Martin Scorsese agus céimí scannáin nó saothar Crash Ensemble agus buaiteoir X Factor? Gach seans nach gcuirfeadh formhór mór na ndaoine luach le haon cheann díobh. Sna argóintí seo freisin, bíonn an iomarca béime ar cheol: píosaí trí noiméad a d’fhéadfadh, ar lá maith, scríobh i maidin amháin, in aon uair amháin. Ach tábradaíl ar siúl ar scannáin, leabhair, bogearraí agus ar chláracha teilifíse, cnapáin chultúir a ghlacann na céadta uair an chloig ar na céadta daoine lena gcruthú. Teipfidh ar an tionscadal seo munar féidir múnla agus bealach nua a chruthú chun idirbheart an chultúir a chur i gcrích.

Conas gur féidir a leitheid a mhúineadh agus cé leis an “curaclam”? Thuig Tim O Reilly an cheist nuair a dúirt “Obscurity is the problem, not piracy”. Má tá saothar á chóipeáil, á íosluchtú, go dleathach nó mídleathach tá agat; is é an fhadhb is mó nuair nach bhfuil tóir ar an saothar; nuair nach bhfuil sé sa bhfaisean. Agus i gcomhthéacs cultúr an X-Factor, nach leor luach teachtaireacht téacs ar do chuid saothar? Nach “leo” siúd a vótáil ar a son buaiteoir an chomórtais?

Ní hé seo an chéad uair a scríobh mé faoi luach chultúir agus ealaíne agus táim cinnte go dtiocfaidh mé ar ais chuige.

Beo don Nollaig

Stair na tléine

Here’s my article for the December edition of Beo! In this article I give a few tips for your Christmas shopping. While it may be a little late to buy from international sites many of the Irish sites listed below might still be able to get your gifts to you in time. I also share a few ideas for virtual gifts: for example did you know that you can gift iPhone/ iPad apps and also check out others’ Amazon wishlists and gift them vouchers for a specific gift? Well now you do!

Tá an Nollaig buailte linn agus tá margaí le fáil ar líne. Tá margaí ó thaobh bronntanais agus do gach aon ní don bhféile idir bhia agus dheoch ar fáil. Is fiú go mór súil a chaitheamh ar roinnt suíomhannamiondíola Éireannacha chun na margaí sin a bhaint amach fiú chomhdéanach leis an 22 lá Nollaig. (Féach www.curiouscupcakes.com mar shampla, a dúirt liom ar líne le déanaí go mbeidh siad ag bácáil isag dáileadh leo go dtí sin.)

Ar ndóigh is féidir bréagáin a cheannach ar líne ach n’fheadar an bhfaca tú riamh rogha chomh leathan is atá ag www.mimitoys.ie? Dontuismistheoir nach féidir leo tabhairt faoi na siopaí ar chor ar bith, tá catagóir líonmhar stocaí acu fiú amháin le hainmhithe beaga, cniotálaífrancaise, ábhar ealaíne, liathróidí lonracha, téada scipeála aguscleasanna beaga eolaíochta. Rud eile gur mór liom faoin raon atá ag MimiToys ná easpa a leithéidí Lightning McQueen is Peppa Pig orthu!

Minimix frameAch ar ndóigh, ní do na gasúir amháin í an Nollaig. Ach don ghasúr atá ionainn ar fad tá http://www.pressieport.ie agus www.GiftGenies.com. Is suíomhanna Éireannacha an péire seo agus tá neart spéisiúil le feiceáil orthu. Mar shampla, nach é do mhuintir bun agus barr na Nollag? Sin a chreidimse féin agus is breá liom an fráma pictiúir seo a ligeadh don úinéir an chlann ar fad a thaispeáint lena chéile ar bhealach tarraingteach: www.pressieport.ie/products/Minimix-Frame.html

Lucht Coimeádta na mBronntanas

An rud sainiúil faoi People Love Presents ná go mbailíonn an bheirt bhan a chruthaigh an suíomh na bronntanais is fearr ó gach cearn denidirlíon: d’fhéadfá coimeádaithe na mbronntanas a thabhairt orthu!Sheol siad feidhmchláirín don iPhone le déanaí a ligean duit anfaighteoir a shainiú ionas go mbeidh an cláirín in ann an bronntanas is oiriúnaí a roghnú duit. Ná habair liom nach mbeadh sé sin ina chabhair mhór duit i gceann coicíse! Féach, cuirim i gcás, ar son do leannáin:People Love Presents – cá háit eile a bhfaighfeá bronntanas chomh speisialta sin?

Tá péire bronntanais ceannaithe agam cheana ar www.gruupy.com ach ní féidir liom scríobh an iomarca fúthu ar eagla go léadh an faighteoir faoi anseo. Is múnla gnó spéisiúil é Gruupy: cuireann siad margadh ar fáil chuile lá ar an tuiscint go mbeidh a dhóthain daoine ann chun a margadh a chomhlíonadh. Bhí iPad ar fáil ar €400.00, fágaim, a fhad isa bhí cúigear déag sásta ceann an duine a cheannach. Bhí an lá sin.

Is ag caint ar iPadanna is ar iFóineanna, nó iGhutháin, n’fheadar an raibh fhios agat gur féidir feidhmchláirín a bhronnadh ar duine eile? San AppStore é féin, roghnaigh an cláirín a bhfuil fonn ort é a bhronnadh; gabh síos go bun an scáileáin agus feicfidh tú cnaipe “Gift this App” a ligfeas duit r-phost a sheoladh leis na sonraí ar fad ann. Thar cinn don té atá ag súil le iPhone sa stoca maidin Lá Nollag! Is féidiréarlais iTunes Store a bhronnadh ar an mbealach céanna freisin agus ligfear don bhfaighteoir ceol, cláirín nó scannáin a cheannach.

Dearbhán, Cinnte!

Caithfidh mé a rá gur fearr liom i bhfad dearbhán bronntanais leictreonach mar seo mar is é mo bharúil go mbíonn sé i bhfad níos éasca nasc a cliceáil i rphost ná cinntiú go bhfuil an dearbhán i do phóca is tú ag tabhairt faoin mbaile mór. Rud níos deise fós faoi dearbhán ó Asos.com, ná nach ngearrfar an t-airgead archárta creidmheasa an bhronntóra go dtí go gcaitheann an faighteoir an dearbhán. Rud eile a thug mé faoi deara ná gur féidir dearbhán a roghnú do bhronntanas ar leith ar Amazon. Luíonn sé seo isteach go deas leis an tseirbhís mhianliosta atá acu. Nuair atá tú ag brabhsáil ar Amazon ar do ghuthán nó ar do ríomhaire, is féidir táirgí a chur le liosta do mhianta. Is féidir an liosta seo a dhéanamh poiblí nó príobháideach. Má bhíonn sé poiblí, is féidir le haon duine teacht air trí chuardach agus bronntanas a roghnú as do mhianliosta féin ansin. Agus má tá mianliosta agat féin, is féidir cnaipe a chur ar do bhrabhsálaí a ligfidh duit tairgí ar shuíomh ar bith a chur leis an mianliosta, (rud atá an-spéisiúil domhiondíoltóirí idirlín). Ní bhfaighidh tú geansaí Nollag riamh arís. Ach ab é go dtiocfaidh d’aintín ar an suíomh seo: http://www.gammychristmasjumpers.com/

Is é an Duine an t-Léine

Stair na tléineIs ag caint ar éadaí, má bhíonn tú ag smaoineamh orthu mar bhronntanas caith súil ar ayearoftees.com*,togra álainn ina bhfuil fear darbh ainm Keith Walsh ag dearadh t-léine in aghaidh an lae. Tá siad monachróim ach tá roinnt díbh go gleoite, roinnt díbh greannmhar, roinnt meonach, ach tá siad go léiruathúil. Más fearr le sprioc do bhronntanais níos mó dathanna, caith súil ar lafraise.com. Ní suíomh Éireannach é, admhaím, ach tá sé Eorpach ar a laghad! Do na mná i do shaol, tá neart le fáil ar doo-lally.com a chuirfeadh gliondar ar a gcroí!

*I gather that as this project is finished the tee-shirts are no longer for sale. Boohoo!

Tá neart búistéirí ar líne (rud a fuair mé amach le déanaí is a chuir íonadh orm!) agus tá duais Gradam Gréasáin na hÉireann is Eircom Spider buaite le déanaí ag James Whelan Butchershttp://www.jameswhelanbutchers.com/ – glacaim leis go mbeidh cearc fhrancach is liamháis le fáil uaidh.Má tá fíon uait le gabháil leis an bhféasta seo, molaim féin www.curiouswines.com – tá siad sásta a gcuid saineolais a roinnt leat ar an nguthán, ar r-phost, ar Facebook nó ar Twitter is tú ag roinnt an fhíona fhoirfe don bhféasta.

Má tá tuilleadh eolais uait faoi shiopaí Éireannacha atá ag díol ar líne, tabhair cuairt ar an mbunachar atá cruthaithe ag Damien Mulley ina bhfuil dátaí deireanacha seachadta liostáilte ag na miondíoltóirí chomh maith le roinnt lascainí. http://bit.ly/9jV331

Mar fhocal scoir, muna bhfuil do dhóthain ansin duit, tabhair cuairt ar I Love Shopping, suíomh atá curtha ar fáil ag An Post ina bhfuil beagnach gach miondíoltóir Éireannach ar líne luaite.

Nollaig Shona daoibh go léir!

Blagaigí!

BilletesFuair mé r-phost le déanaí ó Oifigeach na Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Tá siad ag déanamh urraíochta ar an gComórtas Blagadóireachta san Oireachtas arís i mbliana. Is dócha (agus cur i gceart mé má táim ar strae faoi seo) nach bhfuil comórtas blagála eile sa tír seo le duais chomh mór le bhuachan: €500.00 don bhuaiteoir! Cé tá ag tarraingt a bhfoclóir Uí Dhónaill amach ó chúl an chófra anois?! De réir na rialacha, áfach,

Ba cheart don scríbhneoireacht sa bhlag a bheith dúshlánach, spreagúil, corraitheach agus taitneamhach, agus insint agus stíl bhríomhar sholéite i nGaeilge nádúrtha a bheith i gceist. Maidir le hábhar, bheadh aon cheann de na seánraí seo a leanas inghlactha: prós; filíocht; dialann; gné-alt; tuairisceoireacht nuachta; tráchtaireacht spóirt/pholaitiúil/eacnamaíochta; léirmheastóireacht cheoil/drámaíochta/scannánaíochta; alt taighde nó eile (níl aon srian maidir le hábhar).

B’fhéidir go bhfuil níos mó béime sa chomórtas seo ar caighdeán, stíl agus cruinneas na scríobhnóireachta ná mar atá i gcomórtas eile blagadóireachta ach is mír den chomórtas liteartha den Oireachtas an comórtas seo. Ní aon íonadh an bhéim sin mar sin. Má tá tú ag smaoineamh ar iontráil a chur isteach ní leor tús a chur le blag i nGaeilge inniu (don bhliain seo ar aon nós!) Caithfidh do bhlag i nGaeilge a bheith beo agus tugtha suas chun dáta rialta go leor ó 30 Márta 2010 go 30 Meitheamh 2010. Is é an spriocdháta ar iontrálacha an chéad lá mí Iúil agus gheofar tuilleadh eolais i leith iontráil anseo.

Déanfar an blag a mheas maidir leis na critéir seo a leanas:

  • caighdeán na scríbhneoireachta tríd síos;
  • chomh húdarásach is atá an scríbhneoir agus é ag scríobh faoi pé ábhar atá roghnaithe aige/aici;
  • an méid a chuireann an blag leis an bpobal Gaeilge ar líne trí ábhar suimiúil a chur faoi bhráid a lucht léitheoireachta (idir thagairtí d’fhoinsí eile agus a c(h)uid scríbhneoireachta féin);
  • an tuiscint agus tiomantas a léiríonn an t-údar i leith úsáid na meán ar líne ar bhonn sóisialta agus na buntáistí atá anseo don Ghaeilge;
  • an méid idirphlé a chruthaíonn an blag agus an dóigh a spreagtar an t-idirphlé seo (mar shampla, spás do nótaí tráchta agus naisc le blaganna eile a bheith curtha ar fáil).

Feicim ó suíomh álainn nua an Oireachtais freisin go bhfuil comórtas nua acu freisin le cabhair ó Ionad an Léinn Cheiltigh i Má Nuad darbh ainm de Giob Geab do theachtaireacht téacs! Speisiúil!

Go n-éirí libh!
Is le Eric Caballeroan ghriangraf thuas (cc)

Grá mo shaol

(This would work a lot better if I were a man but such is life, eh? My entry for the Flowers Made Easy Blog Competition)

Ní chuimhin liom cathain ar bhuaileamar le chéile don chéad uair ach bhí baint laethúil againn le chéile cinnte ó bhí mé ceathair bliain d’aois. Ní fhéadfainn a rá gur grá ar an gcead radharc a bhí ann ach bhí cairdeas fada eadrainn agus chuir mé aithne uirthi beag ar beag. D’imir mé ina teannta; rinneamar rince le chéile; d’fhoghlaim mé amhráin uaithi, filíocht uaithi; agus cabhraigh sí liom stair agus tíreolaíocht na tíre seo a thuiscint agus mé ag fás aníos.

Thainig deighilt eadrainn nuair a thug mé aghaidh ar an meánscoil mar a tharlaíonn go minic idir chairde ag an aois sin. Níor chaith mé ach b’fhéidir 40 nóiméad sa lá ina teannta sa bhlianta seo. Chuir mé aithne mhaith ar teangacha eile má thuigeann tú mé! Lean seo ar aghaidh go dtí go raibh mé seacht déag agus chuaigh an bheirt againn ar saoire trí seachtain le chéile i nGaeltacht Dún na nGall agus thit mé go hiomlán i ngrá léi ansin.

Rinne beart ceart dár ngrá dhá bhliain ina dhiaidh sin agus shocraíomar gur bhfreastalóidh muid ar ollscoil le chéile. Chuaigh mé ar Erasmus léi fiú agus le linn na hama sin chuir mé aithne ar a deirfiúr is ansa léi agus cairde léi ansin. Ach

Ar feadh tamaillín ina dhiaidh sin lean ár gcaidreamh ar aghaidh agus gan mórán ard tugtha agam uirthi. Bhí sé deacair orainn mar ní raibh na spéiseanna céanna ag ár gcairde agus níor thuig na cairde is mór liom í. Agus a cairde! Is minic a chuir siad soir in iomlán mé! Níor thaitin a bpolaitíocht liom nó a cgur i láthair. Bhí cairde eile aici áfach a thuig in iomlán nach leor bheith paiseanta fuithí, caithtear bheith paiseanta léithí. Ach in ainneoin sin d’éirigh mé ciniciúil agus thosaign mé ag cur críoch leis an gcaidreamh

Ach ansin chloisfinn abairt nó amhráin nó píosa filíochta agus thiteann i ngrá leis an nGaeilge arís.

The irony is, of course, that the real love of my life, the man I cannot live without, would struggle to understand all of the above. 🙂

Lá ‘le Vailíntín shona libh na leannáin ar fad!

Croc na gCearc

In the forest on the way to the top of Carrigmaclear, Co. TipperaryEnglish below

Bhí deireadh seachtaine den chéad scoth agam i measc mo dhlúthchairde le déanaí. Bhí grúpa de haonar déag taghtha le chéile chun seanchara linn a seoladh i dtreo a pósadh a bheidh ar siúl i mí Lúnasa. D’eagraigh a péire bridesmaids agus na mná ar fad craic, ceoil, bia agus deoch do chách agus bhain na circ ar fad an-taitneamh go deo as an deireadh seachtaine ar fad. Bhí bia úr, blasta agus galánta againn déanta don chuid is mó ag Bittersweet Food Company: Seafood Bouillabaisse followed by Cress, Pear and Pecan salad and finished off with Karen’s signature chocolate fondant with creme fraiche and mixed berries. I hate to admit it but her chocolate fondant is better than my chocolate fudge cake. Agus neart cocktails déanta ag na Cocktail Queens!

Tá gach seans ann go mbeadh muid tar éis taitnimh a bhaint as an deireadh seachtaine cuma cá háit a rabhamar ach níl aon ceist faoin rud gur chuir an teach a roghnaigh na bridesmaids go mór mór leis an deireadh seachtaine. Croc an Óir i Mullinahone, Tiobráid Árainn a bhí ann agus má tá slua ban ann a bhfuil taithí acu ar “self-catering accomodation” (Bear with me I’ve an Irish Language spell checker that i not as bilingual as I am) is muidinne iad. Is dócha go bhfuil saoire caite againn in iostais féinfhreastail ar a laghad i ngach cúige in Éireann agus gach seans i ngach contae chósta in iarthair na tíre agus níl ann amhras go b’é seo an áit is deise. B’fhéidir nach bhfuil sé díreach chomh pictiúrtha ach cinnte tá siad níos saoire ná títhe Landmark ach leis an áiseanna céanna. Miasniteoir (great word!), meaisín níocháin agus triomadóir. Bhí sciana géara ann (annamh go leor in iostais féinfhreastail), bhí seomra codlata le en suite a bhí oiriúnach do chathaoir rotha agus dhá seomra folctha eile. Bhí spás a dhóthain do aonar déag agus bhí a teaichín beag féin ag bean amháin. Agus do na ceoltóirí atá ag léamh: tá seomra ceoil ann freisin. Chuamar ar siúlóid álainn ar an Sathairn agus lean roinnt dúinn ar aghaidh chomh fada le barr Carraig mo chliar. Bhí an radharc anseo gleoite ar fad.

Is léir go ndeachaigh muidinne i bhfeidhm ar úinéir an tí freisin mar dúirt sé an méad seo i r-phost le ceann de na bridesmaids:

“Many thanks for your kind words in the guest book. My Mother met the bus driver’s wife yesterday and she told her how impressed he was by you all. His previous experiences with hen parties had not been so positive. Tell the girls they left a good impression in Tipperary.”

Makes us sound kinda boring… he did call us girls though. Hooya! And I didn’t need his invitation to know I’ll be going back to Croc an Óir.

The view from CarrigmaclearHad the best weekend last weekend when 11 of my friends got together to send off one of our best friends before she gets married in August. Her two bridesmaids organised with a little help from her friends a great weekend of music, fun, food and cocktails. Amazing, tasty, fresh and elegant food from the Bittersweet Food Company: Seafood Bouillabaisse followed by Cress, Pear and Pecan salad and finished off with Karen’s signature chocolate fondant with creme fraiche and mixed berries. I hate to admit it but her chocolate fondant is better than my chocolate fudge cake. And plentiful cocktails from the Cocktail Queens!

Chances are we would have enjoyed ourselves no matter where we were but there’s no question that the accommodation that the bridesmaids chose definitely added to the weekend. We stayed in Croc an Óir in Mullinahone, Tipperary and if there was ever a group of women who know their self-catering accommodation we are them. We must have stayed in holiday homes in certainly every province of Ireland and quite probably every coastal county in the West. Maybe not as picturesque as Landmark houses but definitely cheaper and with all the same facilities: a dishwasher, a washing machine AND tumble dryer. One bedroom had an ensuite that was wheelchair accessible. (Actually the only negative thing I’d say is that this room also had an unneccesary skylight with no shade so we were woken at the crack of dawn. Definitely not good after all those cocktails.) There were two other bathrooms and one of the ladies had a little house all to herself. And for the musicians reading this: there’s even a music room. We went for a fun walk on Saturday and some of us carried on right to the very top of Carrigmaclear where we were awarded with stunning views and history.

As the quote above testifies we obviously made an impression on the owner as well!