Blagaigí!

BilletesFuair mé r-phost le déanaí ó Oifigeach na Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Tá siad ag déanamh urraíochta ar an gComórtas Blagadóireachta san Oireachtas arís i mbliana. Is dócha (agus cur i gceart mé má táim ar strae faoi seo) nach bhfuil comórtas blagála eile sa tír seo le duais chomh mór le bhuachan: €500.00 don bhuaiteoir! Cé tá ag tarraingt a bhfoclóir Uí Dhónaill amach ó chúl an chófra anois?! De réir na rialacha, áfach,

Ba cheart don scríbhneoireacht sa bhlag a bheith dúshlánach, spreagúil, corraitheach agus taitneamhach, agus insint agus stíl bhríomhar sholéite i nGaeilge nádúrtha a bheith i gceist. Maidir le hábhar, bheadh aon cheann de na seánraí seo a leanas inghlactha: prós; filíocht; dialann; gné-alt; tuairisceoireacht nuachta; tráchtaireacht spóirt/pholaitiúil/eacnamaíochta; léirmheastóireacht cheoil/drámaíochta/scannánaíochta; alt taighde nó eile (níl aon srian maidir le hábhar).

B’fhéidir go bhfuil níos mó béime sa chomórtas seo ar caighdeán, stíl agus cruinneas na scríobhnóireachta ná mar atá i gcomórtas eile blagadóireachta ach is mír den chomórtas liteartha den Oireachtas an comórtas seo. Ní aon íonadh an bhéim sin mar sin. Má tá tú ag smaoineamh ar iontráil a chur isteach ní leor tús a chur le blag i nGaeilge inniu (don bhliain seo ar aon nós!) Caithfidh do bhlag i nGaeilge a bheith beo agus tugtha suas chun dáta rialta go leor ó 30 Márta 2010 go 30 Meitheamh 2010. Is é an spriocdháta ar iontrálacha an chéad lá mí Iúil agus gheofar tuilleadh eolais i leith iontráil anseo.

Déanfar an blag a mheas maidir leis na critéir seo a leanas:

  • caighdeán na scríbhneoireachta tríd síos;
  • chomh húdarásach is atá an scríbhneoir agus é ag scríobh faoi pé ábhar atá roghnaithe aige/aici;
  • an méid a chuireann an blag leis an bpobal Gaeilge ar líne trí ábhar suimiúil a chur faoi bhráid a lucht léitheoireachta (idir thagairtí d’fhoinsí eile agus a c(h)uid scríbhneoireachta féin);
  • an tuiscint agus tiomantas a léiríonn an t-údar i leith úsáid na meán ar líne ar bhonn sóisialta agus na buntáistí atá anseo don Ghaeilge;
  • an méid idirphlé a chruthaíonn an blag agus an dóigh a spreagtar an t-idirphlé seo (mar shampla, spás do nótaí tráchta agus naisc le blaganna eile a bheith curtha ar fáil).

Feicim ó suíomh álainn nua an Oireachtais freisin go bhfuil comórtas nua acu freisin le cabhair ó Ionad an Léinn Cheiltigh i Má Nuad darbh ainm de Giob Geab do theachtaireacht téacs! Speisiúil!

Go n-éirí libh!
Is le Eric Caballeroan ghriangraf thuas (cc)

Have a comment? Have at ye!