Ar dTús, bhí an Clódóir – Beo mí an Mheithimh

My article this month for Beo! focusses on 3D printing. While it was an article about an arrest in Japan that got me thinking about this burgeoning technology, it was the development in the 3D printing of food that really amazed me.

This may well be my last artcile for Beo! as it is among the organisations that have had their funding cut entirely by Foras na Gaeilge. (English)

Le tamall de bhlianta anuas, bhí mé nach mór cinnte dearfa go raibh scaireanna ag an irisleabhar ‘The Economist’ i gcomhlacht cló 3D. Ní raibh mí ann nach raibh alt san iris seachtainiúil sin faoin teicneolaíocht úrnua seo. Nach mise a bhí tuartha de agus, go pointe, mícheart is mé ag caitheamh anuas orthu im’ intinn? Tá ré na clódóireachta 3D linn.

Tarraingíodh m’aird ar an réimse teicneolaíochta seo arís le déanaí nuair a ghabh póilíní sa tSeapáin Yoshitomo Imura toisc go raibh 5 gunna clóite aige sa bhaile. Tá dlithe na Seapáine an-ghéar ar ghunnaí, rud a chiallaíonn go bhfuil baol ann go gcaithfidh Imura roinnt ama i ngéibheann. Chraol Imura físeáin dó féin lena chuid gunnaí ar YouTube agus dá bharr thug na póilíní aghaidh ar a theach. Dúirt Imura, atá 27, nár thuig sé go raibh aon ní mídhleathach déanta aige. Ritheann sé liom go bhfuil an ceart ag údaráis na Seapáine a bheith dian ó thaobh gunnaí mar gheall ar a leithéid de ráiteas. Bí ag caint ar easpa stuaime.

Fuair Imura na dearthaí do na gunnaí ó shuíomh ar líne. Ina measc bhí an dearadh ‘The Liberator’ a chruthaigh conspóid do Cody Wilson anuraidh nuair a rinne sé é agus nuair a scaoil sé é ar cheamara. B’é seo an chéad ghunna a clódh le clódóir 3D agus ar ndóigh chruthaigh seo raic mhór ag an am. Ar ndóigh toisc gur dearadh agus gur clódh é sna Stáit Aontaithe raic as cuimse a bhí ann tharla go bhfuil deighilt as cuimse ann idir iad siúd atá i gcoinne agus ar son smacht ar ghunnaí. Ar ndóigh ní bhfuair na guthanna ciallmhara an chluas éisteachta chéanna le linn na raice seo.

An Oibríonn Sé?

Bhí saineolaí armlóin ann a mhínigh cén fáth nach mbeadh mórán úsáide i ngunnaí clóite as plaisteach mar seo. Go bunúsach, theipfeadh ar an bplaisteach an phléasc a choimeád taobh istigh do bhairille an ghunna agus, mar sin, ní bheadh an chumhacht chuí taobh thiar don urchar chun é a chasadh is a chaitheamh leis an neart ceart.w

Mar sin féin, tá comhlacht clódóireachta 3D amháin nach bhfuil ag gabháil sa seans. Tá bogearra cruthaithe ag an gcomhlacht Create It Real dá gclódóir a aithníonn nuair a chuirtear dearadh gunna ann agus a chuireann ceal lena chló ar a chuid uirlísí. N’fheadar cad a tharlódh dá mbeifeá ag cló banana?

Is ag caint ar bhananaí, tá neart comhlachtaí atá ag díríú ar na féidearachtaí a tharlaíonn nuair a mheasctar bia le clódóireacht 3D. Fuair Anjan Contractor ó Systems and Materials Research $125,000 ó NASA chun Pizza Inchlóite a chruthú anuraidh agus d’éirigh leis. Ag úsáid a mheaisín foinse oscailte RepRap (.i. meaisín déanta ó dhearadh saor in aisce atá in ann a pháirteanna féin a chló chun é féin a atáirgeadh) chlóigh sé amach an taos, an t-anlann agus ansin an “protein layer”. NOM! Cé is moite de Heston Blumenthal, ní dóigh liom go mbeidh a leithéid á thairgeadh i bpríomhbhialann na cruinne go luath! Sin ráite tuigim go maith cén fáth gur thug NASA faoina leithéid de thaighde: éiríonn na spásairí braon den ghnáthbhia spáis. Más mian leat a leadrán a thuiscint is féidir bia spáis a cheannach ar líne http://www.thespacestore.com/spacefood.html agus bhí sé ar fáil ó Easons thart fán Nollaig. Fuair mé uachtar reoite Neapolitan ó Dheaidí na Nollag anuraidh. Ní mholfainn é.

Bíonn Blas ar an mBréagán

Comhlacht eile atá ag déanamh rudaí spéisiúla le cló 3D agus bia ná NaturalMachines.com atá ag cruthú clódóir bia 3D don ghnáthchistin. Beidh praghas timpeall €1000 ar an meaisín: mar sin ní gnáthchistin mar is eol dúinn atá i gceist. Ligfidh a mheaisín don úsáideoir saghasanna bia atá deacair a chruthú a dhéanamh sa bhaile cosúil le ravioli, pizza nó roisíní. N’fheadar conas mar a d’éirigh leis na céadta mamaithe Iodáileacha go dtí seo? An difríocht is mó idir an Foodini s’acu (atá fós le seoladh) ná gur cruthaíodh mar uirlis cistine é agus is féidir do rogha bia a chur ann.

3D Systems mar shampla ag díriú ar chruthanna clóite as siúcra amháin in ionad raon bia agus feicfidh tú leis na pictiúir thíos go bhfuil siad ag cruthú rudaí áille ar fad.


Cinnte, níl anseo ach cleas nuair a thuigeann tú an obair eile atá ar siúl ag 3D Systems. Lena chumasc leis an gcomhlacht Medical Modelling, beidh borradh mór faoin obair ag cruthú próistéitic agus eisichreatlach. Is féidir leo cló le titanium agus mar sin is féidir leo ionchlannán uathúil a chruthú leis an ábhar sin agus le hábhair eile bio-comhoiriúnach.

Tá físeáin ar a suíomh a thaispeánann Amanda Boxtel ag siúl tar éis dhá bhliain déag a chaitheamh i gcathaoir rotha. Murach scanadh 3D agus cló 3D, ní bheadh 3D Systems in ann an eisichreatlach uathúil a dhéanamh a lig di siúl. Tá teicneolaíocht ag ligint di an leaba a sraideog a chrochadh den talamh agus siúl léi.

Giuirléidí don Téarma Nua Oll/scoile

In my most recent article for Beo! I write about some “essential” technology for what the French call “La Rentree” and marketers here call “Back to School”. Hearty congratulations to all those who received Leaving Cert results this week, especially my nephew in Wexford, who, as expected, sailed through. Phew! If nothing else, folks, you’ve passed a rite of passage of sorts and soon you’ll be consumed by something else. Good luck wherever your road may lead.

Ní bheidh i bhfad anois go mbeidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag eisiúnt torthaí na hArdteistiméireachta. Ní dhéanfaidh mórán daoine Éireannacha dearmad ar an lá cinniúnach sin ach mar a dúirt giolchairí amháin anuraidh, is cuma ar bhealach faoi na torthaí – ní bheidh sibh ag éirí as go dtí 2064. Spúnóg mhór réadúlachta.

Ach tá athruithe móra tagtha ar an mbealach a bhfaightear na torthaí le cúpla bliain anuas. Is féidir do chuid torthaí a fháil ar líne nó ar an nguthán anois. Moltar gabháil chun na scoile ar aon nós, ar mhaithe leis an gcomhairle a dtabharfaidh an scoil duit má tá aon deacracht nó ceisteanna agat. Déarfainn gur faoiseamh mór é do an-chuid scoláirí gur féidir na torthaí tábhachtacha sin a léamh go príobháideach agusfaoi shocracht ar leataobh leat féin.

Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agusceannaigh na giuirléidí seo a leanas.

Kindle

Táimse féin rud beag déanach chuig an gcóisir seo, caithfidh mé admháil. D’fhoghlaim mé sin san ollscoil: ní fiú ar bith duit a bheith luath ag aon chóisir. Fuair m’fhear chéile Kindle le déanaí agus le linn ár saoire bhliaintúil, thug sé ar iasacht dom é ionas go mbeinn in ann an cúigiú cuid de Game of Thrones a léamh. Sea, déanach chuig an gcóisir sin fosta. Cé nach léiríonn an rogha sin leabhair é, is breá liom léamh agus is breá liom na cuimhneacháin a mhúsclaíonn gach leabhar ar an tseilf. Cuimhním ar ócáidí ar leith i mo shaol go minic trí na leabhar a bhí á léamh agam. Braithim go bhfuil rud éigin caillte agam anois le teacht an Kindle i mo shaol, ach ní fhéadfainn a shéanadh chomh feidhmiúil is atá an uirlis bheag seo agus, ar ndóigh, tá ceann uaim féin anois. Tá neart téacsleabhar ar fáil ar an Kindle go deimhin freisin agus go háirithe má tá tú ag tabhairt faoi chúrsa staidéir sa sruithléann, mholfainn go mór é. Dá mbeadh a leithéid ann nuair a bhí mé féin ag tabhairt faoi mo chuid foghlama sa Ghaeilge agus sa Drámaíocht, bheinn in ann “Complete Works of Shakespeare” a fháil ar $1.99 nócóip de dhánta an Ríordánaigh a fháil ar $15.04. Níl an difríocht idir praghas na leabhar don dráma agus don Ghaeilge athraithe ar aon nós! Ar £69.00 (nó $69.00) ar an leagan is bunúsaí is infheistíocht an-mhaith an teicneolaíocht seo.

Éist leis an bPeann

Ceann de na rudaí is tuirsiúil san ollscoil ná nótaí a ghlacadh. Go háirithe má bhí tú amuigh ar an drabhlas go breacadh an lae ag staidéar go géar go breacadh an lae. Beidh Livescribe Sky Wifi Smartpen uait mar sin. Cabhróidh an peann seo go mór leat. Leis an ngiuirléid agus a leabhar nótaí tionlacain speisialta seo, is féidir scríobh agus taifeadadhag an am céanna. Nuair a léann tú siar ar na nótaí is féidir an peann cniogóige a bhualadh ar aon áit ar do chuid nótaí agus seinnfidh an peann gach a thaifead sé ag an mbomaite a scríobh tú an nóta sin. D’fhéadfá an peann seo a bheith rud beag níos lú agus rud beag níos saoire, ach is tús íontach maith é san earnáil seo. Tá costas timpeall $200 ar ceann de na pinn seo ag brath ar cúpla rogha.

Cluasáin Fhuaimdhíonacha

B’fhéidir nach gceapfá go mbeadh cluasáin fhuaimdhíonacha róthábhachtach ach má cheapann tú ar feadh meandair amháin gur chóir duit tabhairt faoin staidéar i leabharlann na hollscoile leis na cluasáin a fuair tú le do iPod/ seinnteoir MP3/ guthán, b’fhéidir gur chóir duit gabháil ar ais ar scoil! Tá rud nó dhó le foghlaim agat go fóill! Tá liosta cuimsitheach ag CNET  ach níl ach ceann nó dhó díobh siúd liostáilte níos saoire ná $100 dá réir. Molaim roinnt siopadóireachta nó coigiltis a dhéanamh. An rud is maith liom le CNET ná go mbíonn treoir cheannaitheora lena gcuid léirmheasanna a ligeann duit do chinneadh féin a dhéanamh.

Clódóir agus Feidhmhcláirín Scanóra

An rud is cuimhin liom faoin ollscoil ná cló agus fótóchóipeáil idir aistí agus leathanach anseo agus ansiúd as leabhar tagartha nach raibh ar fáil ar iasacht ón leabharlann. Don chuid is mó anois, is ar líne nó thar r-phost a sheoltar isteach aistí ach, ag brath ar an ábhar, beidh gach seans go mbeidh clódóir uait. Roghnaigh clódóir le WiFi, a chlónn ó iOS agus Android chomh maith le ríomhaire agus déan roinnt taighde ar costas na gcartús dúigh mar is é sin an costas is mó a bheas ort amach anseo. Tá neart clódóirí ar fáil anois atá idir €100 agus €150 agus má bhraitheann tú go mbeidh ort ábhar a chló is fiú an infheistíochta. Má tá guthán cliste agat, molaim feidhmchláirín scanóra a ligfidh duit fótóchóipeáil a fhágáil sa 20ú aois mar is chóir! Arís tá rogha mór de na feidhmchláiríní seo, ach oibríonn DocScanner ar iOS agus Android. Is féidir aon ábhar a bhailíonn tú a shábháil chuig Evernote, DropBox nó Google Drive agus tá na cáipéisí inchuardaithe uaidh sin.

Cúltacaigh gach Ní!

Nuair a d’fhreastail mé ar an ollscoil (agus táimid ag druidim le 20 bliain ó thosnaigh mé ann!) bhí cead againn aistí scríofa de láimh a thabhairt isteach. Bhí ort cead a fháil chun seoladh r-phost a aimsiú agus is cuimhin liom míniú don léachtóir Gaeilge s’agam céard ba r-phost ann agus cén fáth go raibh sé uaim. Go bunúsach, bhí ré órga na teicneolaíochta fós le gabháil i bhfeidhm ar hallaí ársa Coláiste na Tríonóide. Fiú nuair a bhí orainn gach aon ní a chló amach agus a fhágáil i mbosca taobh amuigh d’oifig an rúnaí, is minic a theip ar ríomhairí agus bheadh caoineadh agus briseadh croí agus bosca ciarsúr tarraingthe amach ag an rúnaí céanna. Is dócha go bhfoghlaimíonn an chuid is mó de scoláirí an ceacht crua. Éist le mo mholtaí agus má ceannaíonn tú aon ní ón líosta seo ceannaigh tiomántán cúltaca agus socraigh réim mhíleata chúltaca duit féin! Gabhfaidh tú buíochas liom nuair a shábháilim do leabharlann iTunes gan chaint ar d’aiste críochthéarma.

Mar fhocal scoir, smaoinigh ar cúpla rud eile a bheadh ina gcabhair mór don scoláire dáiríre (ahem!). Dá mbeinn féin ag scríobh aiste ollscoile, bheadh pointí caillte agam faoin am seo as a bheith fadálach agus mar sin fágfaidh mé fúibh féin léamh fúthu:

Cumhacht bhreise dod’ fóin póca ionas nach gcaillfidh tú an téacs tábhachtach sin faoin gcoisír léacht http://www.mycharge.com/ http://www.mophie.com

Lampa deisc le modhanna éagsúla fá choinne léimh, staidéir agus sos a ligint http://www.satechi.net/index.php/new-products/led-desk-lamp-black

Beo na Samhna: Sásanna na Sláinte

This is my article from BEO.ie November edition. In this I write about iOS, Android and Web apps and sites that can help you stay healthy. Perfect timing I think for anyone planning to turn over a new leaf in January. I even spoke about my recommendations below on a recent broadcast of Splanc on Newstalk.
 
Peggy Bacon in mid-air backflip, Bondi Beach, Sydney, 6/2/1937 / by Ted HoodTáim i mo shuí sa chistin agus tá an bháisteach ag síorthitim amuigh. N’fheadar an é seo an t-am is fearr chun scríobh faoi theicneolaíocht a chabhróidh leat aire a thabhairt dod’ shláinte? Níl uaim ach tine mhór the theolaí, an dá shlipéar agus m’fhallaing sheomra. Bhraithim ciontach faoin alt seo a scríobh go háirithe ó nár rith mé féin ar maidin le drochaimsir. Ach coicís ó shin bhí mé an-mhórálach asam féin ó chríochnaigh mé clár ‘Couch to 10K’. Seo clár 13 seachtain ina ritear trí uaire in aghaidh na seachtaine. Siúlfaidh tú ag an tús le giotaí reatha anois is arís ach ag an deireadh san iomlán tá tú in ann rith gan stró ar feadh 10 ciliméadar. Bhí traenálaí agam i mo phóca i rith an chláir ar fad: feidhmchláirín beag, Couch to 10K
 
Ach in am scríofa an ailt seo, tá an aimsir go hainnis agus is deacair brú a chur ort féin aon ní a dhéanamh nuair mar sin atá sé. Ach, mar a deirim go minic, níor chóir dúinn in Éirinn go háirithe aon ní a chur ar ceal mar gheall ar chúpla braon báistí. Caithfimid coinneáil orainn!
 
Sin ceann de na tréithe is tábhachtaí faoi réim shláinte nó bhia: leanúint leat – is féidir le teicneolaíocht cabhrú go mór linn é sin a dhéanamh. Má choinníonn tú taifead den obair atá curtha isteach agat freisin, is spreagadh mór an méid sin ar laethanta dona dorcha dhúluachair na bliana. Is féidir breathnú siar ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Más féidir do chuid éachtaí a roinnt le daoine eile atá den tuairim chéanna. Beidh tacaíocht agat freisin. Más féidir leat léargas a fháil ar imeachtaí lúthchleasa do chairde féin nó daoine a bhfuil meas agat orthu, gríosófar thú chun iarracht a dhéanamh tú féin.
 

Beartas Sláinte

 
Mar sin, lena n-áireamh, is iad beartas, taifead, spreagadh agus tacaíocht na ceithre rudaí is mó cabhair nuair atá tú ag tabhairt faoi réim shláinte. Féach nodanna eile ar shuíomh iontach an rialtais Get Ireland Active – tá neart ann chun thú a ghríosadh ó eolas agus firicí faoi shláinte go cluichí liathróide is rannta. Is fiú go mór roinnt ama a chaitheamh ar an suíomh seo.
 
“Ach Roseanne,” cloisim uaibh, “is colún teicneolaíochta seo, ní slí maireachtála! B’fhéidir gurb ionann an dá rud duitse ach bhí mise ag súil leis an alt sin faoi iOS5 nár scríobh tú go fóill!” Ach, a chairde, tá neart suíomhanna is feidhmchláiríní iOS is Android ann a chabhródh leat beartas agus taifead a dhéanamh agus spreagadh is tacaíocht a fháil nuair a bheas tú ag tabhairt faoi rún sláinte. B’fhéidir go mb’fhearr i bhfad an t-alt seo a scríobh do Bheo mhí Eanair nuair atá dea-mhianta na hathbhliana snasta úr ar bharr d’intinne. Ach dar liom, tá tú i bhfad níos fearr tabhairt faoi dhea-mhian ag am a oireann duit in ionad am nuair atá brú seachtrach ort é a dhéanamh.
 
Seo mo rogha de fheidmhcláiríní idirlín is gutháin a chabhródh go mór le duine atá ag tabhairt faoi.

  
Couch to 10K

 
Seo an ceann ar bhain mise feidhm as, ón tolg i leith. D’éirigh liom meachan a chailleadh lena chabhair agus, ar a laghad, tomhas ghúna amháin. Thaitin sé go mór liom mar lig sé dom taifead a choinneáil, chabhraigh sé liom mo dhul chun cinn a fhorbairt de réir a chéile agus má bhí fonn orm, lig an feidhmchláirín seo dom mo dhul chun cinn a roinnt le mo chairde ar Twitter agus ar Facebook. Fuair mé an-chuid tacaíochta ó mo chairde dá bharr. Is féidir éisteacht le do cheol féin ar d’iPod le linn a bheith ag rith. Le fáil mar fheidhmchláirín iOS.
 

Runkeeper.com

 
Seo an suíomh atá in úsáid agam anois, tharla an Couch 10K críochnaithe agam. Anois tá an nós agam, ligfidh seo dom taifead a choimeád. Tá suíomh ann, www.runkeeper.com, a ligeann duit taifead a choinneáil ded’ chuid cleachtadh lúthchleasa, bealach a leagan amach roimh ré, foireann sráide a chruthú agus ranganna áitiúla a aimsiú. Chomh maith leis an suíomh iontach, is féidir RunKeeper a chur ar uirlísí iOS, Android, Windows 7 agus le déanaí Symbian (e.g. Nokia). Ar iOS is féidir éisteacht le ceol ar an iPod le linn do chleachtadh aclaíochta (seachas snámh…!)
 

Nike Training Club

 
Seo ceann do na mná amháin. Is sás é ó Nike ar ndóigh atá lán le gnáthaimh aclaíochta idir 15 agus 45 nóiméad. Tá físeanna le gach gnáthamh a thugann treoir duit conas gach cuid den ghnáthamh a dhéanamh. Tá treoir ann freisin faoi na huirlisí a bheidh de dhíth (liathróid leighis, mata, meacháin, tromáin lúith srl.). Tá trí léibhéal difriúla ann do thosaitheoirí, idirmheánach is don ard-lúthchleasaí. Is féidir éisteacht le do cheol féin ar an iPod le linn an bhabhta traenála agus is féidir do dhul chun cinn a roinnt ar Facebook agus má tá ballraíocht agat ar Nike.com/NikeWomen, is féidir é a roinnt ansin. Má bhíonn ballraíocht agat ann freisin, gheobhaidh tú gnáthaimh bhreise mar dhuais. Thaitníonn an feidhmchláirín seo go mór liom: tá cuma an-dheas air agus tá na gnáthaimh crua, an-chrua! An t-aon míbhuntáiste ná nach bhfuil an feidhmchláirín seo ar fáil ach don iOS.
 
Chomh maith leis na feidhmchláiríní seo ar mo ghuthán, tá ceann a ligeann duit do ráta chroí a thaifead, tá feidhmchláirín eile Nike a d’fhéadfadh comhrá a dhéanamh le mo bhróga (tá slis sa sáile s’acu) agus ceann darbh ainm de MoodAgent a ligeann dom líostaí ceoil a chruthú bunaithe ar an bhfonn a bheadh orm féin. Tá feidhmchláiríní ann freisin a déanann cluiche de thraenáil: féach mar shampla FitocracyZombies Run. Má tá tuilleadh uait féach an liosta ar Greatist.
 
Má cheapann tú go bhfuil sé dochreidte go mbeadh do bhróga in ann teachtaireachtaí a chur chuig do ghuthán, nó chuig bunachar éigin sa néal, breathnaigh ar Withings. Pleascfaidh d’intinn!

Beo don Nollaig

Stair na tléine

Here’s my article for the December edition of Beo! In this article I give a few tips for your Christmas shopping. While it may be a little late to buy from international sites many of the Irish sites listed below might still be able to get your gifts to you in time. I also share a few ideas for virtual gifts: for example did you know that you can gift iPhone/ iPad apps and also check out others’ Amazon wishlists and gift them vouchers for a specific gift? Well now you do!

Tá an Nollaig buailte linn agus tá margaí le fáil ar líne. Tá margaí ó thaobh bronntanais agus do gach aon ní don bhféile idir bhia agus dheoch ar fáil. Is fiú go mór súil a chaitheamh ar roinnt suíomhannamiondíola Éireannacha chun na margaí sin a bhaint amach fiú chomhdéanach leis an 22 lá Nollaig. (Féach www.curiouscupcakes.com mar shampla, a dúirt liom ar líne le déanaí go mbeidh siad ag bácáil isag dáileadh leo go dtí sin.)

Ar ndóigh is féidir bréagáin a cheannach ar líne ach n’fheadar an bhfaca tú riamh rogha chomh leathan is atá ag www.mimitoys.ie? Dontuismistheoir nach féidir leo tabhairt faoi na siopaí ar chor ar bith, tá catagóir líonmhar stocaí acu fiú amháin le hainmhithe beaga, cniotálaífrancaise, ábhar ealaíne, liathróidí lonracha, téada scipeála aguscleasanna beaga eolaíochta. Rud eile gur mór liom faoin raon atá ag MimiToys ná easpa a leithéidí Lightning McQueen is Peppa Pig orthu!

Minimix frameAch ar ndóigh, ní do na gasúir amháin í an Nollaig. Ach don ghasúr atá ionainn ar fad tá http://www.pressieport.ie agus www.GiftGenies.com. Is suíomhanna Éireannacha an péire seo agus tá neart spéisiúil le feiceáil orthu. Mar shampla, nach é do mhuintir bun agus barr na Nollag? Sin a chreidimse féin agus is breá liom an fráma pictiúir seo a ligeadh don úinéir an chlann ar fad a thaispeáint lena chéile ar bhealach tarraingteach: www.pressieport.ie/products/Minimix-Frame.html

Lucht Coimeádta na mBronntanas

An rud sainiúil faoi People Love Presents ná go mbailíonn an bheirt bhan a chruthaigh an suíomh na bronntanais is fearr ó gach cearn denidirlíon: d’fhéadfá coimeádaithe na mbronntanas a thabhairt orthu!Sheol siad feidhmchláirín don iPhone le déanaí a ligean duit anfaighteoir a shainiú ionas go mbeidh an cláirín in ann an bronntanas is oiriúnaí a roghnú duit. Ná habair liom nach mbeadh sé sin ina chabhair mhór duit i gceann coicíse! Féach, cuirim i gcás, ar son do leannáin:People Love Presents – cá háit eile a bhfaighfeá bronntanas chomh speisialta sin?

Tá péire bronntanais ceannaithe agam cheana ar www.gruupy.com ach ní féidir liom scríobh an iomarca fúthu ar eagla go léadh an faighteoir faoi anseo. Is múnla gnó spéisiúil é Gruupy: cuireann siad margadh ar fáil chuile lá ar an tuiscint go mbeidh a dhóthain daoine ann chun a margadh a chomhlíonadh. Bhí iPad ar fáil ar €400.00, fágaim, a fhad isa bhí cúigear déag sásta ceann an duine a cheannach. Bhí an lá sin.

Is ag caint ar iPadanna is ar iFóineanna, nó iGhutháin, n’fheadar an raibh fhios agat gur féidir feidhmchláirín a bhronnadh ar duine eile? San AppStore é féin, roghnaigh an cláirín a bhfuil fonn ort é a bhronnadh; gabh síos go bun an scáileáin agus feicfidh tú cnaipe “Gift this App” a ligfeas duit r-phost a sheoladh leis na sonraí ar fad ann. Thar cinn don té atá ag súil le iPhone sa stoca maidin Lá Nollag! Is féidiréarlais iTunes Store a bhronnadh ar an mbealach céanna freisin agus ligfear don bhfaighteoir ceol, cláirín nó scannáin a cheannach.

Dearbhán, Cinnte!

Caithfidh mé a rá gur fearr liom i bhfad dearbhán bronntanais leictreonach mar seo mar is é mo bharúil go mbíonn sé i bhfad níos éasca nasc a cliceáil i rphost ná cinntiú go bhfuil an dearbhán i do phóca is tú ag tabhairt faoin mbaile mór. Rud níos deise fós faoi dearbhán ó Asos.com, ná nach ngearrfar an t-airgead archárta creidmheasa an bhronntóra go dtí go gcaitheann an faighteoir an dearbhán. Rud eile a thug mé faoi deara ná gur féidir dearbhán a roghnú do bhronntanas ar leith ar Amazon. Luíonn sé seo isteach go deas leis an tseirbhís mhianliosta atá acu. Nuair atá tú ag brabhsáil ar Amazon ar do ghuthán nó ar do ríomhaire, is féidir táirgí a chur le liosta do mhianta. Is féidir an liosta seo a dhéanamh poiblí nó príobháideach. Má bhíonn sé poiblí, is féidir le haon duine teacht air trí chuardach agus bronntanas a roghnú as do mhianliosta féin ansin. Agus má tá mianliosta agat féin, is féidir cnaipe a chur ar do bhrabhsálaí a ligfidh duit tairgí ar shuíomh ar bith a chur leis an mianliosta, (rud atá an-spéisiúil domhiondíoltóirí idirlín). Ní bhfaighidh tú geansaí Nollag riamh arís. Ach ab é go dtiocfaidh d’aintín ar an suíomh seo: http://www.gammychristmasjumpers.com/

Is é an Duine an t-Léine

Stair na tléineIs ag caint ar éadaí, má bhíonn tú ag smaoineamh orthu mar bhronntanas caith súil ar ayearoftees.com*,togra álainn ina bhfuil fear darbh ainm Keith Walsh ag dearadh t-léine in aghaidh an lae. Tá siad monachróim ach tá roinnt díbh go gleoite, roinnt díbh greannmhar, roinnt meonach, ach tá siad go léiruathúil. Más fearr le sprioc do bhronntanais níos mó dathanna, caith súil ar lafraise.com. Ní suíomh Éireannach é, admhaím, ach tá sé Eorpach ar a laghad! Do na mná i do shaol, tá neart le fáil ar doo-lally.com a chuirfeadh gliondar ar a gcroí!

*I gather that as this project is finished the tee-shirts are no longer for sale. Boohoo!

Tá neart búistéirí ar líne (rud a fuair mé amach le déanaí is a chuir íonadh orm!) agus tá duais Gradam Gréasáin na hÉireann is Eircom Spider buaite le déanaí ag James Whelan Butchershttp://www.jameswhelanbutchers.com/ – glacaim leis go mbeidh cearc fhrancach is liamháis le fáil uaidh.Má tá fíon uait le gabháil leis an bhféasta seo, molaim féin www.curiouswines.com – tá siad sásta a gcuid saineolais a roinnt leat ar an nguthán, ar r-phost, ar Facebook nó ar Twitter is tú ag roinnt an fhíona fhoirfe don bhféasta.

Má tá tuilleadh eolais uait faoi shiopaí Éireannacha atá ag díol ar líne, tabhair cuairt ar an mbunachar atá cruthaithe ag Damien Mulley ina bhfuil dátaí deireanacha seachadta liostáilte ag na miondíoltóirí chomh maith le roinnt lascainí. http://bit.ly/9jV331

Mar fhocal scoir, muna bhfuil do dhóthain ansin duit, tabhair cuairt ar I Love Shopping, suíomh atá curtha ar fáil ag An Post ina bhfuil beagnach gach miondíoltóir Éireannach ar líne luaite.

Nollaig Shona daoibh go léir!

Soitheach Naofa Gnó an Cheoil

This is my third article for the monthly online Irish Language magazine, Beo! In this article I write about how getting my iPhone brought music back into my life (although I don’t drone on about the iPhone too much). I talk about the ways the online music services help me find music and the clever ways in which internet entrepreneurs are handling the massive issue of digital rights managment. I describe Downloadmusic.ie, the brainchild of two Leitrim-based entrepreneurs, in particular as this service really locks into how those who buy music can actually pay for it. I didn’t have space to mention in my article that I also pick up a lot of my favourite new music from The Best of MySpace Podcast. Only other lispers will understand the attraction of Gill Mills and her fluffy tongue trying to rattle out Zero Machine by Le Castle Vania for example 🙂

Handknit iPhone from daddytypes.com
Handknit iPhone from daddytypes.com. Click image to find out how to make your own!

Ó fhoilsiú m’alt deireanach tá iPhone faighte agam. Ní gá duit bheith buartha: nílim chun alt a scríobh ag gabháil ar aghaidh is ar aghaidh faoi mo bhreagán nua. Ní scríobhfaidh mé oireadh is focal eile faoin mbealach a ligean an bosca beag slim seo dom coinneáil i dteagmháil, mo thascanna a eagrú, ceol a dhéanamh is a aithint, cluichí a imirt srl. srl. ad infinitum. Seo alt de shaghas éigin eile. Seo alt faoi teicneolaíocht an cheoil agus gnó an cheoil.

Tá an ceol ar ais i mo shaol. Sin ceann de na hathraithe is mó a tharla ó bhfuair mé m’iPhone dílis. Theip ar iPod s’againne le déanaí agus tar éis roinnt áitiú ar m’fhear chéile d’éirigh liom cás m’iPhone maoineach a dhéanamh. Sin ráite rinne eisean pointe maith i gcoinne an iPhone: toisc gur fóin agus uirlis teagmhála pearsanta atá ann ní féidir leis féin, mar shampla, gabháil amach ag siúl leis an iPod ina phóca a thuilleadh. Gan amhras smaoinigh Apple ar an rud céanna agus táthar ag súil sar i bhfad go mbeidh iPhone i bpóca gach mac agus iníon máthar beo. Sin mar a casann rothaí mór an tsaoil!

Maith nó olc tá an ceol ar ais i mo shaol toisc an uirlis nua seo agus leis an gné nua seo de mo shaoil tá ocras nua ann leis (cúl eile d’fhoireann na hÚlla!) Cé go bhainim taitneamh ar leith ó na seanfhoinn tá mé de shíor ar thóir ceoil nua.

Is cabhair an-mhór an idirlíon agus mé ag tabhairt faoin dtóraíocht seo.  Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr ní aon léim mór a dhéanamh ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.

Sin seard atá ar siúl ag Last.fm ó dheireadh an 20ú aois mar a deireann siad féin. An rud cliste faoin suíomh seo ná gur féidir an ceol atá seinnte agat ar d’iPod (nó má tá an t-ádh leat cosúil liomsa, ar d’iPhone!) a “scrobbláil” chuig an suíomh. Ciallaíonn seo ná trí fheidhmchlár beag ar do ríomhaire féin atá nasctha le iTunes is féidir eolas faoin gceoil atá cloister agat a chur chuig do phroifíl ar Last.fm. Molann an suíomh ceol duit bunaithe ar an gceol atá agat cheana mar sin agus is féidir sruth de na moltaí seo a sheinnt ar an suíomh nó ar d’fheidhmchlár féin cosúil le stáisiún raidió gan na fógraí. Chomh maith leis an gceol féin faigheann tú nasc chuig siopa ar line chun an píosa ceoil a cheannach agus tuilleadh eolais faoin gceoltóir nó an mbanna. Is pobal Last.fm féin a scríobhann agus a chuireann leis an eolas seo. Is líonra soisialta é Last.fm freisin agus is féidir cairde a chothú agus éisteacht le ceol iad siúd atá i do chomharsanacht ceolmhara leis. Tiocfaidh tú ormsa ann leis an leasainm crumlin. Is féidir liom mo rogha féin cheoil a roinnt leo siúd a léann mo bhlag trí ghiuirléid atá leabaithe agam ann. (Féach ar dheas: Low brow trash guaranteed!)

Oibríonn Last.fm mar tá tuiscint maith ag na cruthaitheoirí ar úsáid teicneolaíochta a spriocmhargaidh agus ar spéiseanna a spriocmhargaidh. Dream eile atá tuiscint an-mhaith acu ar na húsáid agus spéiseanna seo ná comhlacht atá lonnaithe i gCo. Liatroma, Downloadmusic.ie. Thuig Johnny Beirne, comhbhunaitheoir an chomhlachta seo, nach mbíonn cártaí creidmheasa ag daoine óga. Thuig sé freisin go b’é an dream céanna seo a ceannaíonn an ceoil is nuaí is minicí. Mar sin bhí gá bealach éigin a chrúthú dóibh chun an ceol nua seo a cheannach. Is annamh anois a mbuailfí le duine óg gan fóin póca. Ligeann Downloadmusic.ie do leannáin an cheoil é a cheannach trí théacs a chosnaíonn 99c. Simplí. Is féidir éisteacht le sruth cheoil ar Downloadmusic.ie freisin a gcabhródh leat do rogha a dhéanamh. Chomh maith leis sin tá seirbhís chun ticéid cheolchoirmeacha a ndíol. Don chuid is mó is ceoltóirí neamhspleacha atá le fail agus is cabhair mhór an tseirbhís seo dóibh. Má tá ceolchoirm acu is féidir leo na códanna gearra a bhaineann le amhrán ar leith a thaispeáint ar scáileán nó a dáileadh ar bileog rud a ligeann dóibh airgead a dhéanamh láithreach ar an gceol atá á sheinnt: “An maith leat an t-amhrán seo? Seol music 3076 go 57501 chun é a cheannach anois!” Agus muna leor sin tugtar aon díol ar an suíomh seo san áireamh i gcrúthú na gcairteanna ceoil Éireannacha.

Is é bun agus barr na seirbhísí seo agu ceist síoraí gnó an cheoil faoi láthair ná conas saolré gnó an cheoil a chothú. Bhí ceoil ann i gcónaí agus ag pointe éigin thosnaigh daoine ag déanamh airgead as agus rinneadh airgead as mar ní raibh sé ar fail do chách i ngach áit, i gcónaí. Chomh luath is a rinne ábhar digiteach de cheoil d’fhéadfaí fíor-chóipeanna a dhéanamh asdóibh. Tá luach ag baint le haon acmhainn a fhad is gur acmhainn gann atá ann. Chomh luath is gur féidir cóipeanna a dhéanamh den acmhainn go tapaidh is ar praghas iséal tá an luach tráchtála bainte de. Tuigeann an saol mór go bhfuil ré órga an cheoil taifeadta ag druidim. Tuigeann a leitheid Last.fm agus Downloadmusic.ie go bhfuil gá le múnla ghnó difriúl a chruthú agus a chothú. Sin an Soitheach Naofa anois: freagra an cheist faoi conas airgead a dheanamh ó acmhainní cultúrtha digiteacha. Agus sin bealach eile a chasann rothaí céanna mór an tsaoil!