Beo na Samhna: Sásanna na Sláinte

This is my article from BEO.ie November edition. In this I write about iOS, Android and Web apps and sites that can help you stay healthy. Perfect timing I think for anyone planning to turn over a new leaf in January. I even spoke about my recommendations below on a recent broadcast of Splanc on Newstalk.
 
Peggy Bacon in mid-air backflip, Bondi Beach, Sydney, 6/2/1937 / by Ted HoodTáim i mo shuí sa chistin agus tá an bháisteach ag síorthitim amuigh. N’fheadar an é seo an t-am is fearr chun scríobh faoi theicneolaíocht a chabhróidh leat aire a thabhairt dod’ shláinte? Níl uaim ach tine mhór the theolaí, an dá shlipéar agus m’fhallaing sheomra. Bhraithim ciontach faoin alt seo a scríobh go háirithe ó nár rith mé féin ar maidin le drochaimsir. Ach coicís ó shin bhí mé an-mhórálach asam féin ó chríochnaigh mé clár ‘Couch to 10K’. Seo clár 13 seachtain ina ritear trí uaire in aghaidh na seachtaine. Siúlfaidh tú ag an tús le giotaí reatha anois is arís ach ag an deireadh san iomlán tá tú in ann rith gan stró ar feadh 10 ciliméadar. Bhí traenálaí agam i mo phóca i rith an chláir ar fad: feidhmchláirín beag, Couch to 10K
 
Ach in am scríofa an ailt seo, tá an aimsir go hainnis agus is deacair brú a chur ort féin aon ní a dhéanamh nuair mar sin atá sé. Ach, mar a deirim go minic, níor chóir dúinn in Éirinn go háirithe aon ní a chur ar ceal mar gheall ar chúpla braon báistí. Caithfimid coinneáil orainn!
 
Sin ceann de na tréithe is tábhachtaí faoi réim shláinte nó bhia: leanúint leat – is féidir le teicneolaíocht cabhrú go mór linn é sin a dhéanamh. Má choinníonn tú taifead den obair atá curtha isteach agat freisin, is spreagadh mór an méid sin ar laethanta dona dorcha dhúluachair na bliana. Is féidir breathnú siar ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Más féidir do chuid éachtaí a roinnt le daoine eile atá den tuairim chéanna. Beidh tacaíocht agat freisin. Más féidir leat léargas a fháil ar imeachtaí lúthchleasa do chairde féin nó daoine a bhfuil meas agat orthu, gríosófar thú chun iarracht a dhéanamh tú féin.
 

Beartas Sláinte

 
Mar sin, lena n-áireamh, is iad beartas, taifead, spreagadh agus tacaíocht na ceithre rudaí is mó cabhair nuair atá tú ag tabhairt faoi réim shláinte. Féach nodanna eile ar shuíomh iontach an rialtais Get Ireland Active – tá neart ann chun thú a ghríosadh ó eolas agus firicí faoi shláinte go cluichí liathróide is rannta. Is fiú go mór roinnt ama a chaitheamh ar an suíomh seo.
 
“Ach Roseanne,” cloisim uaibh, “is colún teicneolaíochta seo, ní slí maireachtála! B’fhéidir gurb ionann an dá rud duitse ach bhí mise ag súil leis an alt sin faoi iOS5 nár scríobh tú go fóill!” Ach, a chairde, tá neart suíomhanna is feidhmchláiríní iOS is Android ann a chabhródh leat beartas agus taifead a dhéanamh agus spreagadh is tacaíocht a fháil nuair a bheas tú ag tabhairt faoi rún sláinte. B’fhéidir go mb’fhearr i bhfad an t-alt seo a scríobh do Bheo mhí Eanair nuair atá dea-mhianta na hathbhliana snasta úr ar bharr d’intinne. Ach dar liom, tá tú i bhfad níos fearr tabhairt faoi dhea-mhian ag am a oireann duit in ionad am nuair atá brú seachtrach ort é a dhéanamh.
 
Seo mo rogha de fheidmhcláiríní idirlín is gutháin a chabhródh go mór le duine atá ag tabhairt faoi.

  
Couch to 10K

 
Seo an ceann ar bhain mise feidhm as, ón tolg i leith. D’éirigh liom meachan a chailleadh lena chabhair agus, ar a laghad, tomhas ghúna amháin. Thaitin sé go mór liom mar lig sé dom taifead a choinneáil, chabhraigh sé liom mo dhul chun cinn a fhorbairt de réir a chéile agus má bhí fonn orm, lig an feidhmchláirín seo dom mo dhul chun cinn a roinnt le mo chairde ar Twitter agus ar Facebook. Fuair mé an-chuid tacaíochta ó mo chairde dá bharr. Is féidir éisteacht le do cheol féin ar d’iPod le linn a bheith ag rith. Le fáil mar fheidhmchláirín iOS.
 

Runkeeper.com

 
Seo an suíomh atá in úsáid agam anois, tharla an Couch 10K críochnaithe agam. Anois tá an nós agam, ligfidh seo dom taifead a choimeád. Tá suíomh ann, www.runkeeper.com, a ligeann duit taifead a choinneáil ded’ chuid cleachtadh lúthchleasa, bealach a leagan amach roimh ré, foireann sráide a chruthú agus ranganna áitiúla a aimsiú. Chomh maith leis an suíomh iontach, is féidir RunKeeper a chur ar uirlísí iOS, Android, Windows 7 agus le déanaí Symbian (e.g. Nokia). Ar iOS is féidir éisteacht le ceol ar an iPod le linn do chleachtadh aclaíochta (seachas snámh…!)
 

Nike Training Club

 
Seo ceann do na mná amháin. Is sás é ó Nike ar ndóigh atá lán le gnáthaimh aclaíochta idir 15 agus 45 nóiméad. Tá físeanna le gach gnáthamh a thugann treoir duit conas gach cuid den ghnáthamh a dhéanamh. Tá treoir ann freisin faoi na huirlisí a bheidh de dhíth (liathróid leighis, mata, meacháin, tromáin lúith srl.). Tá trí léibhéal difriúla ann do thosaitheoirí, idirmheánach is don ard-lúthchleasaí. Is féidir éisteacht le do cheol féin ar an iPod le linn an bhabhta traenála agus is féidir do dhul chun cinn a roinnt ar Facebook agus má tá ballraíocht agat ar Nike.com/NikeWomen, is féidir é a roinnt ansin. Má bhíonn ballraíocht agat ann freisin, gheobhaidh tú gnáthaimh bhreise mar dhuais. Thaitníonn an feidhmchláirín seo go mór liom: tá cuma an-dheas air agus tá na gnáthaimh crua, an-chrua! An t-aon míbhuntáiste ná nach bhfuil an feidhmchláirín seo ar fáil ach don iOS.
 
Chomh maith leis na feidhmchláiríní seo ar mo ghuthán, tá ceann a ligeann duit do ráta chroí a thaifead, tá feidhmchláirín eile Nike a d’fhéadfadh comhrá a dhéanamh le mo bhróga (tá slis sa sáile s’acu) agus ceann darbh ainm de MoodAgent a ligeann dom líostaí ceoil a chruthú bunaithe ar an bhfonn a bheadh orm féin. Tá feidhmchláiríní ann freisin a déanann cluiche de thraenáil: féach mar shampla Fitocracy nó Zombies Run. Má tá tuilleadh uait féach an liosta ar Greatist.
 
Má cheapann tú go bhfuil sé dochreidte go mbeadh do bhróga in ann teachtaireachtaí a chur chuig do ghuthán, nó chuig bunachar éigin sa néal, breathnaigh ar Withings. Pleascfaidh d’intinn!

Beo don Nollaig

Stair na tléine

Here’s my article for the December edition of Beo! In this article I give a few tips for your Christmas shopping. While it may be a little late to buy from international sites many of the Irish sites listed below might still be able to get your gifts to you in time. I also share a few ideas for virtual gifts: for example did you know that you can gift iPhone/ iPad apps and also check out others’ Amazon wishlists and gift them vouchers for a specific gift? Well now you do!

Tá an Nollaig buailte linn agus tá margaí le fáil ar líne. Tá margaí ó thaobh bronntanais agus do gach aon ní don bhféile idir bhia agus dheoch ar fáil. Is fiú go mór súil a chaitheamh ar roinnt suíomhannamiondíola Éireannacha chun na margaí sin a bhaint amach fiú chomhdéanach leis an 22 lá Nollaig. (Féach www.curiouscupcakes.com mar shampla, a dúirt liom ar líne le déanaí go mbeidh siad ag bácáil isag dáileadh leo go dtí sin.)

Ar ndóigh is féidir bréagáin a cheannach ar líne ach n’fheadar an bhfaca tú riamh rogha chomh leathan is atá ag www.mimitoys.ie? Dontuismistheoir nach féidir leo tabhairt faoi na siopaí ar chor ar bith, tá catagóir líonmhar stocaí acu fiú amháin le hainmhithe beaga, cniotálaífrancaise, ábhar ealaíne, liathróidí lonracha, téada scipeála aguscleasanna beaga eolaíochta. Rud eile gur mór liom faoin raon atá ag MimiToys ná easpa a leithéidí Lightning McQueen is Peppa Pig orthu!

Minimix frameAch ar ndóigh, ní do na gasúir amháin í an Nollaig. Ach don ghasúr atá ionainn ar fad tá http://www.pressieport.ie agus www.GiftGenies.com. Is suíomhanna Éireannacha an péire seo agus tá neart spéisiúil le feiceáil orthu. Mar shampla, nach é do mhuintir bun agus barr na Nollag? Sin a chreidimse féin agus is breá liom an fráma pictiúir seo a ligeadh don úinéir an chlann ar fad a thaispeáint lena chéile ar bhealach tarraingteach: www.pressieport.ie/products/Minimix-Frame.html

Lucht Coimeádta na mBronntanas

An rud sainiúil faoi People Love Presents ná go mbailíonn an bheirt bhan a chruthaigh an suíomh na bronntanais is fearr ó gach cearn denidirlíon: d’fhéadfá coimeádaithe na mbronntanas a thabhairt orthu!Sheol siad feidhmchláirín don iPhone le déanaí a ligean duit anfaighteoir a shainiú ionas go mbeidh an cláirín in ann an bronntanas is oiriúnaí a roghnú duit. Ná habair liom nach mbeadh sé sin ina chabhair mhór duit i gceann coicíse! Féach, cuirim i gcás, ar son do leannáin:People Love Presents – cá háit eile a bhfaighfeá bronntanas chomh speisialta sin?

Tá péire bronntanais ceannaithe agam cheana ar www.gruupy.com ach ní féidir liom scríobh an iomarca fúthu ar eagla go léadh an faighteoir faoi anseo. Is múnla gnó spéisiúil é Gruupy: cuireann siad margadh ar fáil chuile lá ar an tuiscint go mbeidh a dhóthain daoine ann chun a margadh a chomhlíonadh. Bhí iPad ar fáil ar €400.00, fágaim, a fhad isa bhí cúigear déag sásta ceann an duine a cheannach. Bhí an lá sin.

Is ag caint ar iPadanna is ar iFóineanna, nó iGhutháin, n’fheadar an raibh fhios agat gur féidir feidhmchláirín a bhronnadh ar duine eile? San AppStore é féin, roghnaigh an cláirín a bhfuil fonn ort é a bhronnadh; gabh síos go bun an scáileáin agus feicfidh tú cnaipe “Gift this App” a ligfeas duit r-phost a sheoladh leis na sonraí ar fad ann. Thar cinn don té atá ag súil le iPhone sa stoca maidin Lá Nollag! Is féidiréarlais iTunes Store a bhronnadh ar an mbealach céanna freisin agus ligfear don bhfaighteoir ceol, cláirín nó scannáin a cheannach.

Dearbhán, Cinnte!

Caithfidh mé a rá gur fearr liom i bhfad dearbhán bronntanais leictreonach mar seo mar is é mo bharúil go mbíonn sé i bhfad níos éasca nasc a cliceáil i rphost ná cinntiú go bhfuil an dearbhán i do phóca is tú ag tabhairt faoin mbaile mór. Rud níos deise fós faoi dearbhán ó Asos.com, ná nach ngearrfar an t-airgead archárta creidmheasa an bhronntóra go dtí go gcaitheann an faighteoir an dearbhán. Rud eile a thug mé faoi deara ná gur féidir dearbhán a roghnú do bhronntanas ar leith ar Amazon. Luíonn sé seo isteach go deas leis an tseirbhís mhianliosta atá acu. Nuair atá tú ag brabhsáil ar Amazon ar do ghuthán nó ar do ríomhaire, is féidir táirgí a chur le liosta do mhianta. Is féidir an liosta seo a dhéanamh poiblí nó príobháideach. Má bhíonn sé poiblí, is féidir le haon duine teacht air trí chuardach agus bronntanas a roghnú as do mhianliosta féin ansin. Agus má tá mianliosta agat féin, is féidir cnaipe a chur ar do bhrabhsálaí a ligfidh duit tairgí ar shuíomh ar bith a chur leis an mianliosta, (rud atá an-spéisiúil domhiondíoltóirí idirlín). Ní bhfaighidh tú geansaí Nollag riamh arís. Ach ab é go dtiocfaidh d’aintín ar an suíomh seo: http://www.gammychristmasjumpers.com/

Is é an Duine an t-Léine

Stair na tléineIs ag caint ar éadaí, má bhíonn tú ag smaoineamh orthu mar bhronntanas caith súil ar ayearoftees.com*,togra álainn ina bhfuil fear darbh ainm Keith Walsh ag dearadh t-léine in aghaidh an lae. Tá siad monachróim ach tá roinnt díbh go gleoite, roinnt díbh greannmhar, roinnt meonach, ach tá siad go léiruathúil. Más fearr le sprioc do bhronntanais níos mó dathanna, caith súil ar lafraise.com. Ní suíomh Éireannach é, admhaím, ach tá sé Eorpach ar a laghad! Do na mná i do shaol, tá neart le fáil ar doo-lally.com a chuirfeadh gliondar ar a gcroí!

*I gather that as this project is finished the tee-shirts are no longer for sale. Boohoo!

Tá neart búistéirí ar líne (rud a fuair mé amach le déanaí is a chuir íonadh orm!) agus tá duais Gradam Gréasáin na hÉireann is Eircom Spider buaite le déanaí ag James Whelan Butchershttp://www.jameswhelanbutchers.com/ – glacaim leis go mbeidh cearc fhrancach is liamháis le fáil uaidh.Má tá fíon uait le gabháil leis an bhféasta seo, molaim féin www.curiouswines.com – tá siad sásta a gcuid saineolais a roinnt leat ar an nguthán, ar r-phost, ar Facebook nó ar Twitter is tú ag roinnt an fhíona fhoirfe don bhféasta.

Má tá tuilleadh eolais uait faoi shiopaí Éireannacha atá ag díol ar líne, tabhair cuairt ar an mbunachar atá cruthaithe ag Damien Mulley ina bhfuil dátaí deireanacha seachadta liostáilte ag na miondíoltóirí chomh maith le roinnt lascainí. http://bit.ly/9jV331

Mar fhocal scoir, muna bhfuil do dhóthain ansin duit, tabhair cuairt ar I Love Shopping, suíomh atá curtha ar fáil ag An Post ina bhfuil beagnach gach miondíoltóir Éireannach ar líne luaite.

Nollaig Shona daoibh go léir!

Soitheach Naofa Gnó an Cheoil

This is my third article for the monthly online Irish Language magazine, Beo! In this article I write about how getting my iPhone brought music back into my life (although I don’t drone on about the iPhone too much). I talk about the ways the online music services help me find music and the clever ways in which internet entrepreneurs are handling the massive issue of digital rights managment. I describe Downloadmusic.ie, the brainchild of two Leitrim-based entrepreneurs, in particular as this service really locks into how those who buy music can actually pay for it. I didn’t have space to mention in my article that I also pick up a lot of my favourite new music from The Best of MySpace Podcast. Only other lispers will understand the attraction of Gill Mills and her fluffy tongue trying to rattle out Zero Machine by Le Castle Vania for example 🙂

Handknit iPhone from daddytypes.com
Handknit iPhone from daddytypes.com. Click image to find out how to make your own!

Ó fhoilsiú m’alt deireanach tá iPhone faighte agam. Ní gá duit bheith buartha: nílim chun alt a scríobh ag gabháil ar aghaidh is ar aghaidh faoi mo bhreagán nua. Ní scríobhfaidh mé oireadh is focal eile faoin mbealach a ligean an bosca beag slim seo dom coinneáil i dteagmháil, mo thascanna a eagrú, ceol a dhéanamh is a aithint, cluichí a imirt srl. srl. ad infinitum. Seo alt de shaghas éigin eile. Seo alt faoi teicneolaíocht an cheoil agus gnó an cheoil.

Tá an ceol ar ais i mo shaol. Sin ceann de na hathraithe is mó a tharla ó bhfuair mé m’iPhone dílis. Theip ar iPod s’againne le déanaí agus tar éis roinnt áitiú ar m’fhear chéile d’éirigh liom cás m’iPhone maoineach a dhéanamh. Sin ráite rinne eisean pointe maith i gcoinne an iPhone: toisc gur fóin agus uirlis teagmhála pearsanta atá ann ní féidir leis féin, mar shampla, gabháil amach ag siúl leis an iPod ina phóca a thuilleadh. Gan amhras smaoinigh Apple ar an rud céanna agus táthar ag súil sar i bhfad go mbeidh iPhone i bpóca gach mac agus iníon máthar beo. Sin mar a casann rothaí mór an tsaoil!

Maith nó olc tá an ceol ar ais i mo shaol toisc an uirlis nua seo agus leis an gné nua seo de mo shaoil tá ocras nua ann leis (cúl eile d’fhoireann na hÚlla!) Cé go bhainim taitneamh ar leith ó na seanfhoinn tá mé de shíor ar thóir ceoil nua.

Is cabhair an-mhór an idirlíon agus mé ag tabhairt faoin dtóraíocht seo.  Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr ní aon léim mór a dhéanamh ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.

Sin seard atá ar siúl ag Last.fm ó dheireadh an 20ú aois mar a deireann siad féin. An rud cliste faoin suíomh seo ná gur féidir an ceol atá seinnte agat ar d’iPod (nó má tá an t-ádh leat cosúil liomsa, ar d’iPhone!) a “scrobbláil” chuig an suíomh. Ciallaíonn seo ná trí fheidhmchlár beag ar do ríomhaire féin atá nasctha le iTunes is féidir eolas faoin gceoil atá cloister agat a chur chuig do phroifíl ar Last.fm. Molann an suíomh ceol duit bunaithe ar an gceol atá agat cheana mar sin agus is féidir sruth de na moltaí seo a sheinnt ar an suíomh nó ar d’fheidhmchlár féin cosúil le stáisiún raidió gan na fógraí. Chomh maith leis an gceol féin faigheann tú nasc chuig siopa ar line chun an píosa ceoil a cheannach agus tuilleadh eolais faoin gceoltóir nó an mbanna. Is pobal Last.fm féin a scríobhann agus a chuireann leis an eolas seo. Is líonra soisialta é Last.fm freisin agus is féidir cairde a chothú agus éisteacht le ceol iad siúd atá i do chomharsanacht ceolmhara leis. Tiocfaidh tú ormsa ann leis an leasainm crumlin. Is féidir liom mo rogha féin cheoil a roinnt leo siúd a léann mo bhlag trí ghiuirléid atá leabaithe agam ann. (Féach ar dheas: Low brow trash guaranteed!)

Oibríonn Last.fm mar tá tuiscint maith ag na cruthaitheoirí ar úsáid teicneolaíochta a spriocmhargaidh agus ar spéiseanna a spriocmhargaidh. Dream eile atá tuiscint an-mhaith acu ar na húsáid agus spéiseanna seo ná comhlacht atá lonnaithe i gCo. Liatroma, Downloadmusic.ie. Thuig Johnny Beirne, comhbhunaitheoir an chomhlachta seo, nach mbíonn cártaí creidmheasa ag daoine óga. Thuig sé freisin go b’é an dream céanna seo a ceannaíonn an ceoil is nuaí is minicí. Mar sin bhí gá bealach éigin a chrúthú dóibh chun an ceol nua seo a cheannach. Is annamh anois a mbuailfí le duine óg gan fóin póca. Ligeann Downloadmusic.ie do leannáin an cheoil é a cheannach trí théacs a chosnaíonn 99c. Simplí. Is féidir éisteacht le sruth cheoil ar Downloadmusic.ie freisin a gcabhródh leat do rogha a dhéanamh. Chomh maith leis sin tá seirbhís chun ticéid cheolchoirmeacha a ndíol. Don chuid is mó is ceoltóirí neamhspleacha atá le fail agus is cabhair mhór an tseirbhís seo dóibh. Má tá ceolchoirm acu is féidir leo na códanna gearra a bhaineann le amhrán ar leith a thaispeáint ar scáileán nó a dáileadh ar bileog rud a ligeann dóibh airgead a dhéanamh láithreach ar an gceol atá á sheinnt: “An maith leat an t-amhrán seo? Seol music 3076 go 57501 chun é a cheannach anois!” Agus muna leor sin tugtar aon díol ar an suíomh seo san áireamh i gcrúthú na gcairteanna ceoil Éireannacha.

Is é bun agus barr na seirbhísí seo agu ceist síoraí gnó an cheoil faoi láthair ná conas saolré gnó an cheoil a chothú. Bhí ceoil ann i gcónaí agus ag pointe éigin thosnaigh daoine ag déanamh airgead as agus rinneadh airgead as mar ní raibh sé ar fail do chách i ngach áit, i gcónaí. Chomh luath is a rinne ábhar digiteach de cheoil d’fhéadfaí fíor-chóipeanna a dhéanamh asdóibh. Tá luach ag baint le haon acmhainn a fhad is gur acmhainn gann atá ann. Chomh luath is gur féidir cóipeanna a dhéanamh den acmhainn go tapaidh is ar praghas iséal tá an luach tráchtála bainte de. Tuigeann an saol mór go bhfuil ré órga an cheoil taifeadta ag druidim. Tuigeann a leitheid Last.fm agus Downloadmusic.ie go bhfuil gá le múnla ghnó difriúl a chruthú agus a chothú. Sin an Soitheach Naofa anois: freagra an cheist faoi conas airgead a dheanamh ó acmhainní cultúrtha digiteacha. Agus sin bealach eile a chasann rothaí céanna mór an tsaoil!

Faigh bainne ldt. GRMA

This is my April article for Beo.ie. I write about how crowd sourcing helped me get organised. There has even been developments since but more anon in another blog post. Take a peek at the original on Beo for help with the more difficult phrases. I’ve left all the grammar and spelling mistakes in below for authenticity don’t you know 🙂 Enjoy!

Ní nochtadh mór é seo ach is breá liom an t-idirlíon. Cabhraíonn sé go mór liom i mo chuid oibre. Sin ráite táim ag obair don Irish Internet Association (IIA) – bheifí ag súil lena leithéid! Ach is cumann gnó neamh-brabach é an IIA agus dá bharr caithfimid ar fad bheith cliste lenar n-acmhainní; ár gcuid ama ní ach go háirithe. Sin ráite tá acmhainn den chéad scoth againn agus cloistear plé ar go minic ó thaobh cúrsaí idirlíne de agus sin an slua.

Ní cleachtú nua atá ann bailiúcháin ríomhairí cianda a úsáid chun jab mór a dhéanamh agus ar bealach is an cleachtú céanna seo atá taobh thiar de neal-ríomhaireacht. I ndáiríre b’shin túspointe an idirlín, siar sna seascaidí nuair a chruthaíodh ARPANET. Sa tslí chéanna go stairiúl is é an 7 Aibreán 1969 breithlá an idirlín nuair a foilsíodh an chéad “Request for Comments“, cáipéis a scríobh Steve Crocker ag lorg moltaí i leith protocáil agus córais idirlíne ón slua. Ní hamháin go b’é seo bunús “rialacha” an idirlín ach go pointe b’é seo bunús modh oibre an idirlín. Is gluaiseacht daonlathach agus cuimsitheach a bhí ann; gan cliarlathas traidisiúnta.

Go pearsanta nílim ró-chinnte ar éirigh leis nó ar mhair an easpa cliarlathachais seo agus nílim ró-chinnte faoi cé chomh cuimsitheach is atá sé. Don chuid is mó den domhain is ollmhaitheas na mbrionglóidí atá san idirlíon, nach bhfaighfidh siad rochtain air go deo na ndeor. Nach mór an scannal é ach nílim ag caint faoi mhuintir iargúlta an Mhongóil nó tóin an domhain. Tá daoine in Éireann nach dtuigeann an t-idirlíon mar níl sé feicthe acu. Níl aon ní cuimsitheach faoi rud nach bhfuil ann sa chéad áit.

Ach ní féidir an milléan a chur ar aithreacha an idirlín (agus b’aithreacha iad don chuid is mó ach sin alt eile in iomlán!) Bhí fís acu agus go pointe maireann an nós cúnta a thosnaigh leis an gcéad “Request for Comments”. Thuig mé seo i gceart le déanaí nuair a bhain mé úsáid as an slua nó rinne mé  “slua foinsiú” (crowdsourcing an Bhéarla) chun freagra a fháil ar cheist a bhí agam.

Bhain an cheist seo le úsáid cliste acmhainní freisin. Bhí sé de nós agam liosta fada “nithe le déanamh” a scríobh i leabhar nóta agus lán fhios agam gur droch nós a bhí ann. Samhlaigh dá gcaillfinn an leabhar nóta nó mar a tharla go minic bheinn ag obair áit amhain agus bheadh an leabhar nóta in áit eile. Agus do bhean atá ag obair i réimse na teicneolaíochta! An náire! Go háirithe nuair a bhí lán fhios agam go raibh réimse leathan cláir feidhme greasáin ann a ligeadh dom an jab seo a dhéanamh i mbealach i bhfad níos éifeachtaí. Ach asaibh siúd cérbh é an ceann is fearr? Chas mé le slua ar leith agus chuir mé ceist orthu: conas a eagraíonn tusa do liosta le déanamh? Dírim isteach ar an dá ceann is mó a luadh liom ag an am; ceann amháin do Apple Mac agus ceann amháin do RP le Windows air.

thingsThings: is feidhmclár é Things don Mac agus dá mbeadh Mac agam úsáidfinn é seo. Is dócha an gné is cumhachtaí faoin bhfeidmhchlár seo ná an bealach gur féidir, trí aicearra méarchláir, fuinneog tasc a oscailt cuma cén bogearra atá in úsáid agat chun tasc a chrúthú láithreach bonn roimh a dhéanann tú dearmad air. Gné eile tarraingteach ná an bealach gur féidir comhaid, seoltaí idirlíne nó r-phostanna a tharraingt agus ligint titim isteach sa bhfeidhmchlár freisin chun tasc nó meabhracháin a chruthú futhú freisin. Is féidir an feidhmchlár seo a fháil don iTouch nó iPhone leis. Laghdaíonn an pointe deireanach seo an t-aon mí-bhuntáiste atá ann, dar liom, agus sin an rud nach feidhmchlár greasáin atá ann agus dá bharr nach féidir rochtain a fháil ar do liosta muna bhfuil do Mhac leat. Ach cosúil le an-chuid eile, dá mbeach Mac agam, déarfainn go gcodlóinn leis! Cosnaíonn Things rud beag níos lú ná $50.00 don bhfeidhmchlár riomhaire agus €7.99 don bhfeidhmchlár iPhone/iTouch. Bronntanas Nollag na ndeartháireacha socraithe agamsa!

rtmRememberTheMilk: Seo an ceann a úsáidim féin agus mholfainn é do éinne a úsáideann Gmail agus Firefox ní ach go háirithe. Is féidir forlíontán a fháil do Firefox, brabhsálaí idirlíne, a ligeann duit é a úsáid láithreach ó do chuntas Gmail. Is gné cliste é seo mar is minic tríd an r-phost a thagann tascanna. Is féidir leagan de a fháil don Apple iPhone agus iTouch ar ndóigh freisin ach domsa ar an Nokia E51 tá suíomh so-ghluaiste m.rememberthemilk.com acu atá glan agus éasca le n-úsáid. B’fhearr i bhfad liom feidhmchlár beag don Nokia ach tuigim b’fhéidir nach fiú an margadh dóibh. Tá na bungnéithe is úsáidí den bhfeidhmchlár seo saor in aisce agus ar $25 in aghaidh na bliana is féidir tuilleadh feidhmeannas agus tacaíocht a fháil. Tuigfidh tú, a léitheoir, agus aithne á chur orm thar saolré na nalt seo go bhfuilim craiceáilte faoin na meáin sóisialta agus is é Twitter an greasán is giorra dem chroí i láthair na huaire. Rud álainn faoi RTM (mar a thugann cara leis air J ) ná gur féidir tascanna a sheoladh chuige trí theachtaireacht díreach (priobháideach) a chruthú ar Twitter chuig RTM. Ó tá Twitter mar fheidhmchlár ar mo fóin agam i bhfoirm Twibble ní dhéanfaidh mé dearmad ar an mbainne riamh arís. Ach ná scaip sin mar gheallúint uaim!

Cuir ceist agus tosnóidh comhrá

I was recently commissioned to take on the Technology section in the Irish Language Lifestyle Magazine Website, Beo. Here is my first article which was originally published in Beo.

Ag teacht abhaile dom ó Gradaim na mBlag i gCorcaigh, pócaí go breá ach cloigeann tinn orm, d’éirigh liom roinnt machnaimh a dhéanamh ar blagadóireacht agus cúrsaí ghnó. Ba spéisiúil éabhlóid an gradaim ghnó i measc na ngradam ó gur thosaigh sé mar Ghradam don Bhlagadóir Ghnó is Fearr ach i mbliana d’athraigh an teideal go dtí An Blag Comhlachta is Fearr. Is léargas ar leith é seo ar borradh na mblag comhlachta in Éireann fiú le bliain anuas. Is é sin le rá tá borradh tagtha ar na comhlachtaí atá ag úsáid blaganna mar lárchuid dá stráitéis ghnó.

Chun an fhírinne a scríobh ní ró-mhinic a bhíonn an t-ábhar sin i bhfad ó bharr mo chloigeann, tinn nó eile! Táim faoi láthair ag obair do chumann gnó Éireannach agus machnamh á dhéanamh agam chuile lá ar na bealaí is féidir an t-idirlíon a úsáid mar uirlis ghnó. Táim ag obair ní ach go háirithe le grúpa oibre ar an meáin sóisialta agus machnaimh, plé, ceardlainne agus tuairiscí á dhéanamh againn ar an gcás ghnó do na meáin soisialta. An feiniméan is mó spéise liom faoi dul chun cinn an ghreasáin ó thaobh gnó de ná don chuid is mó is iad na tomhaltóirí atá chun tosaigh ar na gnólachtaí. Tá corporáidí móra ag tabhairt cuirithe do bhlagadóirí, líonroirí soisialta agus fiú giolchairí (“tweeters”) teacht chun labhairt leo faoina bproifíl ar líne, na huirlisí a úsáideann siad, an méad ama a chaitheann siad agus conas ar thóg siad a líonra. Tá na corporáidí proifisiúnta ag labhairt leis na saineolaí “amaitéaracha” seo chun tuiscint níos mine a fháil ar an réabhlóid cumarsáide seo. Cúpla bliain ó shin ba leor suíomh greasáin cúpla leathanach nach mór cosúil leis an ábhar margaíochta clóite a bhí ag an ngnó cheana. Ach anois tá domhain nua ann ar line, áit a bhfuil an-chuid le tuilleamh ag an té atá cróga.

Is é cumarsáid atá mar bhunús an domhain nua cróga seo. Leis an ábhar margaíochta clóite bhíodh an cumarsáid ag gabháil treo amháin i gcónaí. Do mhórmhór comhlachtaí in Éireann, cuma cé chomh mór is atá siad, creidtear gur mar seo a leanann cúrsaí. Ach ní gá ach cuardach a dhéanamh ar Google, Facebook, Bebo nó IGOPeople agus gheobhaidh úinéirí na ngnólachtaí seo amach go bhfuil comhrá ar siúl cheana faoina dtairgí agus seirbhísí, agus maith nó olc, leanfaidh an comhrá sin cuma má tá inchur acu ann nó muna bhfuil. Nó b’fheidir go bhfaighfidh siad amach nach bhfuil oiread is focal amháin scríofa futhú ar líne agus is measa sin i bhfad fiú ná gearáin. Dóibh siúd ar a dtugtar anois dúchasaigh digiteacha, daoine idir aois 15 agus 25, is é an t-idirlíon an chead pointe eolais agus teagmhála dóibh. Muna bhfuil daoine ag scríobh faoi do chomhlacht agus dá bharr ag nascadh chuig do chomhlacht ar líne teipfidh ort nuair a déanann saoránaigh an domhain úr cróga cuardach ort ar líne. Titfidh an comhlacht síos, síos an rangú agus ardófar iad siúd atá ag plé an comhlacht céanna ar a mblaganna maith nó, dia ár shábháil, olc. In Éireann, toisc braiteoreacht ghnólachtaí léimt isteach san uisce fiorúil agus an rud go bhfuil torthaí logánaithe ag Google ní ach go háirithe tá an contúirt seo méadaithe.

Dar liomsa sin ceann de na difríochtaí is mó atá ann idir an ghreasáin agus aon meáin eile a chuaigh roimhe. Tá cumarsáid mar bhunús ann ní ach go háirithe le seacht mbliain anuas. Agus tosnaíonn an cumarsáid sin go minic le ceist agus cuirtear an cheist sin le Google (I mí na Samhna 2008 thosnaigh 70.8% de na cuardach idirlíne ar Google). Muna bhfuil do chomhlacht le feiceáil mar fhreagra ar an gceist sin, caillfidh an chomhlacht amach. Rachaidh an easpa láithreachta i bhfeidhm níos mó is níos mó mar is é seo domhain na ndúchasach digiteacha áit nach mbeidh leathanaigh buí le fáil amach anseo.

Fiú an t-ábhar a diúltaíonn cumarsáid tógtar anois é agus déantar meascán nó “mash-up” an Bhéarla dhó fud fad an ghreasáin. Ar líne tá cearta freagartha ag an té a breathnaíonn ar aon suíomh, físeáin, cód fuaime, ábhar, íomhá, learáid gur fiú é. Níl tada digiteach ar domhain go bhféadfaí a chur ar fáil mar rud uathúil, mar aonad ann féin. Fiú má déantar iarracht acmhainní ganna a dhéanamh de acmhainn digiteach agus é a chosaint ó dháileadh agus athrú tá daoine ar líne agus níl faic níos gaire dá gcroíthe ach cosant na hacmhainne sin a bhris agus an acmhainn a scaipeadh fud fad an ghreasáin má’s féidir. Is cuma cad a cheaptar faoi dleathachas an ghnímh, is cumarsáid atá ansin freisin. Cumarsáid idir corporáidí agus a dtomhaltóirí.

Ach ní hacker mise, fiú níl aon spéis agam ann. Ligeann an ghreasáin dom mo shrutha cumarsáide a leathnú amach thar a mar a d’fhéadfainn riamh roimhe seo. Mar sin agus mé ag scríobh don iris seo don chéad uair ba mhaith liom cuireadh a thabhairt daoibh a léitheoirí. Níl i mo chuid alt anseo ach tús comhrá. Má tá fonn oraibh é a leanúint liom ar líne is féidir teacht orm ar mo bhlag, ar Twitter, ar LinkedIn, ar IGOPeople, nó ar FriendFeed. Agus cuirim fáilte riamh comhrá i nGaeilge ar ndóigh!

Foilsíodh an t-alt seo ar dtús i mBeo Márta 2009.