Beo na Samhna: Sásanna na Sláinte

This is my article from BEO.ie November edition. In this I write about iOS, Android and Web apps and sites that can help you stay healthy. Perfect timing I think for anyone planning to turn over a new leaf in January. I even spoke about my recommendations below on a recent broadcast of Splanc on Newstalk.
 
Peggy Bacon in mid-air backflip, Bondi Beach, Sydney, 6/2/1937 / by Ted HoodTáim i mo shuí sa chistin agus tá an bháisteach ag síorthitim amuigh. N’fheadar an é seo an t-am is fearr chun scríobh faoi theicneolaíocht a chabhróidh leat aire a thabhairt dod’ shláinte? Níl uaim ach tine mhór the theolaí, an dá shlipéar agus m’fhallaing sheomra. Bhraithim ciontach faoin alt seo a scríobh go háirithe ó nár rith mé féin ar maidin le drochaimsir. Ach coicís ó shin bhí mé an-mhórálach asam féin ó chríochnaigh mé clár ‘Couch to 10K’. Seo clár 13 seachtain ina ritear trí uaire in aghaidh na seachtaine. Siúlfaidh tú ag an tús le giotaí reatha anois is arís ach ag an deireadh san iomlán tá tú in ann rith gan stró ar feadh 10 ciliméadar. Bhí traenálaí agam i mo phóca i rith an chláir ar fad: feidhmchláirín beag, Couch to 10K
 
Ach in am scríofa an ailt seo, tá an aimsir go hainnis agus is deacair brú a chur ort féin aon ní a dhéanamh nuair mar sin atá sé. Ach, mar a deirim go minic, níor chóir dúinn in Éirinn go háirithe aon ní a chur ar ceal mar gheall ar chúpla braon báistí. Caithfimid coinneáil orainn!
 
Sin ceann de na tréithe is tábhachtaí faoi réim shláinte nó bhia: leanúint leat – is féidir le teicneolaíocht cabhrú go mór linn é sin a dhéanamh. Má choinníonn tú taifead den obair atá curtha isteach agat freisin, is spreagadh mór an méid sin ar laethanta dona dorcha dhúluachair na bliana. Is féidir breathnú siar ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Más féidir do chuid éachtaí a roinnt le daoine eile atá den tuairim chéanna. Beidh tacaíocht agat freisin. Más féidir leat léargas a fháil ar imeachtaí lúthchleasa do chairde féin nó daoine a bhfuil meas agat orthu, gríosófar thú chun iarracht a dhéanamh tú féin.
 

Beartas Sláinte

 
Mar sin, lena n-áireamh, is iad beartas, taifead, spreagadh agus tacaíocht na ceithre rudaí is mó cabhair nuair atá tú ag tabhairt faoi réim shláinte. Féach nodanna eile ar shuíomh iontach an rialtais Get Ireland Active – tá neart ann chun thú a ghríosadh ó eolas agus firicí faoi shláinte go cluichí liathróide is rannta. Is fiú go mór roinnt ama a chaitheamh ar an suíomh seo.
 
“Ach Roseanne,” cloisim uaibh, “is colún teicneolaíochta seo, ní slí maireachtála! B’fhéidir gurb ionann an dá rud duitse ach bhí mise ag súil leis an alt sin faoi iOS5 nár scríobh tú go fóill!” Ach, a chairde, tá neart suíomhanna is feidhmchláiríní iOS is Android ann a chabhródh leat beartas agus taifead a dhéanamh agus spreagadh is tacaíocht a fháil nuair a bheas tú ag tabhairt faoi rún sláinte. B’fhéidir go mb’fhearr i bhfad an t-alt seo a scríobh do Bheo mhí Eanair nuair atá dea-mhianta na hathbhliana snasta úr ar bharr d’intinne. Ach dar liom, tá tú i bhfad níos fearr tabhairt faoi dhea-mhian ag am a oireann duit in ionad am nuair atá brú seachtrach ort é a dhéanamh.
 
Seo mo rogha de fheidmhcláiríní idirlín is gutháin a chabhródh go mór le duine atá ag tabhairt faoi.

  
Couch to 10K

 
Seo an ceann ar bhain mise feidhm as, ón tolg i leith. D’éirigh liom meachan a chailleadh lena chabhair agus, ar a laghad, tomhas ghúna amháin. Thaitin sé go mór liom mar lig sé dom taifead a choinneáil, chabhraigh sé liom mo dhul chun cinn a fhorbairt de réir a chéile agus má bhí fonn orm, lig an feidhmchláirín seo dom mo dhul chun cinn a roinnt le mo chairde ar Twitter agus ar Facebook. Fuair mé an-chuid tacaíochta ó mo chairde dá bharr. Is féidir éisteacht le do cheol féin ar d’iPod le linn a bheith ag rith. Le fáil mar fheidhmchláirín iOS.
 

Runkeeper.com

 
Seo an suíomh atá in úsáid agam anois, tharla an Couch 10K críochnaithe agam. Anois tá an nós agam, ligfidh seo dom taifead a choimeád. Tá suíomh ann, www.runkeeper.com, a ligeann duit taifead a choinneáil ded’ chuid cleachtadh lúthchleasa, bealach a leagan amach roimh ré, foireann sráide a chruthú agus ranganna áitiúla a aimsiú. Chomh maith leis an suíomh iontach, is féidir RunKeeper a chur ar uirlísí iOS, Android, Windows 7 agus le déanaí Symbian (e.g. Nokia). Ar iOS is féidir éisteacht le ceol ar an iPod le linn do chleachtadh aclaíochta (seachas snámh…!)
 

Nike Training Club

 
Seo ceann do na mná amháin. Is sás é ó Nike ar ndóigh atá lán le gnáthaimh aclaíochta idir 15 agus 45 nóiméad. Tá físeanna le gach gnáthamh a thugann treoir duit conas gach cuid den ghnáthamh a dhéanamh. Tá treoir ann freisin faoi na huirlisí a bheidh de dhíth (liathróid leighis, mata, meacháin, tromáin lúith srl.). Tá trí léibhéal difriúla ann do thosaitheoirí, idirmheánach is don ard-lúthchleasaí. Is féidir éisteacht le do cheol féin ar an iPod le linn an bhabhta traenála agus is féidir do dhul chun cinn a roinnt ar Facebook agus má tá ballraíocht agat ar Nike.com/NikeWomen, is féidir é a roinnt ansin. Má bhíonn ballraíocht agat ann freisin, gheobhaidh tú gnáthaimh bhreise mar dhuais. Thaitníonn an feidhmchláirín seo go mór liom: tá cuma an-dheas air agus tá na gnáthaimh crua, an-chrua! An t-aon míbhuntáiste ná nach bhfuil an feidhmchláirín seo ar fáil ach don iOS.
 
Chomh maith leis na feidhmchláiríní seo ar mo ghuthán, tá ceann a ligeann duit do ráta chroí a thaifead, tá feidhmchláirín eile Nike a d’fhéadfadh comhrá a dhéanamh le mo bhróga (tá slis sa sáile s’acu) agus ceann darbh ainm de MoodAgent a ligeann dom líostaí ceoil a chruthú bunaithe ar an bhfonn a bheadh orm féin. Tá feidhmchláiríní ann freisin a déanann cluiche de thraenáil: féach mar shampla FitocracyZombies Run. Má tá tuilleadh uait féach an liosta ar Greatist.
 
Má cheapann tú go bhfuil sé dochreidte go mbeadh do bhróga in ann teachtaireachtaí a chur chuig do ghuthán, nó chuig bunachar éigin sa néal, breathnaigh ar Withings. Pleascfaidh d’intinn!

Soitheach Naofa Gnó an Cheoil

This is my third article for the monthly online Irish Language magazine, Beo! In this article I write about how getting my iPhone brought music back into my life (although I don’t drone on about the iPhone too much). I talk about the ways the online music services help me find music and the clever ways in which internet entrepreneurs are handling the massive issue of digital rights managment. I describe Downloadmusic.ie, the brainchild of two Leitrim-based entrepreneurs, in particular as this service really locks into how those who buy music can actually pay for it. I didn’t have space to mention in my article that I also pick up a lot of my favourite new music from The Best of MySpace Podcast. Only other lispers will understand the attraction of Gill Mills and her fluffy tongue trying to rattle out Zero Machine by Le Castle Vania for example 🙂

Handknit iPhone from daddytypes.com
Handknit iPhone from daddytypes.com. Click image to find out how to make your own!

Ó fhoilsiú m’alt deireanach tá iPhone faighte agam. Ní gá duit bheith buartha: nílim chun alt a scríobh ag gabháil ar aghaidh is ar aghaidh faoi mo bhreagán nua. Ní scríobhfaidh mé oireadh is focal eile faoin mbealach a ligean an bosca beag slim seo dom coinneáil i dteagmháil, mo thascanna a eagrú, ceol a dhéanamh is a aithint, cluichí a imirt srl. srl. ad infinitum. Seo alt de shaghas éigin eile. Seo alt faoi teicneolaíocht an cheoil agus gnó an cheoil.

Tá an ceol ar ais i mo shaol. Sin ceann de na hathraithe is mó a tharla ó bhfuair mé m’iPhone dílis. Theip ar iPod s’againne le déanaí agus tar éis roinnt áitiú ar m’fhear chéile d’éirigh liom cás m’iPhone maoineach a dhéanamh. Sin ráite rinne eisean pointe maith i gcoinne an iPhone: toisc gur fóin agus uirlis teagmhála pearsanta atá ann ní féidir leis féin, mar shampla, gabháil amach ag siúl leis an iPod ina phóca a thuilleadh. Gan amhras smaoinigh Apple ar an rud céanna agus táthar ag súil sar i bhfad go mbeidh iPhone i bpóca gach mac agus iníon máthar beo. Sin mar a casann rothaí mór an tsaoil!

Maith nó olc tá an ceol ar ais i mo shaol toisc an uirlis nua seo agus leis an gné nua seo de mo shaoil tá ocras nua ann leis (cúl eile d’fhoireann na hÚlla!) Cé go bhainim taitneamh ar leith ó na seanfhoinn tá mé de shíor ar thóir ceoil nua.

Is cabhair an-mhór an idirlíon agus mé ag tabhairt faoin dtóraíocht seo.  Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr ní aon léim mór a dhéanamh ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.

Sin seard atá ar siúl ag Last.fm ó dheireadh an 20ú aois mar a deireann siad féin. An rud cliste faoin suíomh seo ná gur féidir an ceol atá seinnte agat ar d’iPod (nó má tá an t-ádh leat cosúil liomsa, ar d’iPhone!) a “scrobbláil” chuig an suíomh. Ciallaíonn seo ná trí fheidhmchlár beag ar do ríomhaire féin atá nasctha le iTunes is féidir eolas faoin gceoil atá cloister agat a chur chuig do phroifíl ar Last.fm. Molann an suíomh ceol duit bunaithe ar an gceol atá agat cheana mar sin agus is féidir sruth de na moltaí seo a sheinnt ar an suíomh nó ar d’fheidhmchlár féin cosúil le stáisiún raidió gan na fógraí. Chomh maith leis an gceol féin faigheann tú nasc chuig siopa ar line chun an píosa ceoil a cheannach agus tuilleadh eolais faoin gceoltóir nó an mbanna. Is pobal Last.fm féin a scríobhann agus a chuireann leis an eolas seo. Is líonra soisialta é Last.fm freisin agus is féidir cairde a chothú agus éisteacht le ceol iad siúd atá i do chomharsanacht ceolmhara leis. Tiocfaidh tú ormsa ann leis an leasainm crumlin. Is féidir liom mo rogha féin cheoil a roinnt leo siúd a léann mo bhlag trí ghiuirléid atá leabaithe agam ann. (Féach ar dheas: Low brow trash guaranteed!)

Oibríonn Last.fm mar tá tuiscint maith ag na cruthaitheoirí ar úsáid teicneolaíochta a spriocmhargaidh agus ar spéiseanna a spriocmhargaidh. Dream eile atá tuiscint an-mhaith acu ar na húsáid agus spéiseanna seo ná comhlacht atá lonnaithe i gCo. Liatroma, Downloadmusic.ie. Thuig Johnny Beirne, comhbhunaitheoir an chomhlachta seo, nach mbíonn cártaí creidmheasa ag daoine óga. Thuig sé freisin go b’é an dream céanna seo a ceannaíonn an ceoil is nuaí is minicí. Mar sin bhí gá bealach éigin a chrúthú dóibh chun an ceol nua seo a cheannach. Is annamh anois a mbuailfí le duine óg gan fóin póca. Ligeann Downloadmusic.ie do leannáin an cheoil é a cheannach trí théacs a chosnaíonn 99c. Simplí. Is féidir éisteacht le sruth cheoil ar Downloadmusic.ie freisin a gcabhródh leat do rogha a dhéanamh. Chomh maith leis sin tá seirbhís chun ticéid cheolchoirmeacha a ndíol. Don chuid is mó is ceoltóirí neamhspleacha atá le fail agus is cabhair mhór an tseirbhís seo dóibh. Má tá ceolchoirm acu is féidir leo na códanna gearra a bhaineann le amhrán ar leith a thaispeáint ar scáileán nó a dáileadh ar bileog rud a ligeann dóibh airgead a dhéanamh láithreach ar an gceol atá á sheinnt: “An maith leat an t-amhrán seo? Seol music 3076 go 57501 chun é a cheannach anois!” Agus muna leor sin tugtar aon díol ar an suíomh seo san áireamh i gcrúthú na gcairteanna ceoil Éireannacha.

Is é bun agus barr na seirbhísí seo agu ceist síoraí gnó an cheoil faoi láthair ná conas saolré gnó an cheoil a chothú. Bhí ceoil ann i gcónaí agus ag pointe éigin thosnaigh daoine ag déanamh airgead as agus rinneadh airgead as mar ní raibh sé ar fail do chách i ngach áit, i gcónaí. Chomh luath is a rinne ábhar digiteach de cheoil d’fhéadfaí fíor-chóipeanna a dhéanamh asdóibh. Tá luach ag baint le haon acmhainn a fhad is gur acmhainn gann atá ann. Chomh luath is gur féidir cóipeanna a dhéanamh den acmhainn go tapaidh is ar praghas iséal tá an luach tráchtála bainte de. Tuigeann an saol mór go bhfuil ré órga an cheoil taifeadta ag druidim. Tuigeann a leitheid Last.fm agus Downloadmusic.ie go bhfuil gá le múnla ghnó difriúl a chruthú agus a chothú. Sin an Soitheach Naofa anois: freagra an cheist faoi conas airgead a dheanamh ó acmhainní cultúrtha digiteacha. Agus sin bealach eile a chasann rothaí céanna mór an tsaoil!