Déanta ag Rosie: Taking pride in making

Elliblanky

A bilingual blog post so skim on through if you have no Irish as there is more for the Anglophile below. There will be a touch more Irish on this site in future as my gig with Beo.ie has fallen by the wayside due to the loss of their funding. I need somewhere to keep it going! In this post I muse on the burgeoning pride in making and on how the Internet allows us to take pride and share the creative process.

Bhí mé ag súil nach mbeadh anseo ach blagmhír scioptha faoi rudaí a chríochnaigh mé le déanaí. Ach tá mé díreach tagtha ar ais ó pháirt a ghlacadh ar an gclár cainte Róisín ar TG4 agus cuir an ábhar cainte ag smaoineamh mé. Ní bhíonn am a dhóthain ar teilifís nó ar raidió ceisteanna móra an lae a phlé in iomlán. Nílim ag cur an milleán ar an dteilifís ach sin mar atá an foirmeád. Is iomaí uair a shéan mé ábhar dom’ phíosa ar Splanc Newstalk toisc go raibh sé ró-chasta nó fealsúnach in ionad ceann le níos mó siamsaíocht ag baint leis.

Mar sin is ar éigean go raibh an triúir againn ar an gclár abalta leath den mhéad a bhí againn le rá a chlúdach ar an gcéad clár den tsraith úr. I ndáiríre is dócha go raibh an triúir againn ar an leathanach céanna faoi síneadh scileanna tís ó ghlúin go glúin. Tá ghá leis agus gheobhaidh roinnt páistí na scileanna sa bhaile, roinnt ar scoil agus roinnt ó leabhair agus ar ndóigh ón Idirlíon mar a dúirt mé ar an gclár. I ndáiríre is meascán de na foinsí a mbeidh i gceist: d’fhoghlaim mise conas crochet ó leabhar agus ansin thug aintín liom nodanna breise dom. D’fhoghlaim mé conas fúáil ó mo mháthair agus anois faighim nodanna breise ó leabhair nó blaganna pearsanta.

“A woman’s work is never done.

Maybe that’s why they are paid less.”

– Seán Lock, comedian.

I laughed when I heard Lock throwing out this one-liner in a repeat of an ancient Live at the Apollo that he was hosting. Yes, I know some might take offence at this but I see it more along the lines of so-funny-because-it’s-true. I got to thinking about finding worth in the unpaid work of making a home, be it for yourself, your and a partner or for a family whatever shape that might take. If this work is unpaid how else can it be given value? Kudos, appreciation, applause, feedback can go a long way to making a person feel like they have acheived something. This doesn’t even have to come from outside: I’ve noticed online a few folk talking about journals where they plan what they hope to achieve each week, month, year and then review accordingly. Patting yourself on the back isn’t only physically difficult, yoga babes excepted.

Ach an rud a rith liom is mé ag teacht abhaile ná gur tháinig meath ar luach na scileanna seo mar ní raibh aon stádas ag baint leo i sochaí caiptlíoch. Ní raibh aon brabus i mbacáil cáca nó dearnáil poll i ngeansaí. Fiú ba chur amú ama a leithéid nuair a bhítear inann cáca i measc na ceadta a cheannach sa siopa nó nuair a bhí sé níos saoire geansaí nua a cheannach.

Ach píosa ar píosa, le leathnú an Idirlíne, tá athrú ag tarlúint. Dar liom is athrú tábhachtach é i sochaí. Tá borradh mór tagtha ar an mbród a léiríonn déantóirí as an obair atá á dhéanamh acu. Don chuid is mó is obair gan phá atá i gceist: caitheamh aimsire nó obair tí. Tugann lucht na fógraíochta “mummy bloggers” ar roinnt dóibh, i mbealach dímheasúil, “makers” ar chuid eile dóibh. Aithnítear, i réimse na fógraíochta, go bhfuil cumhacht ar leith ag baint leis na mummy bloggers: nuair a mholann na blagadóirí is ráthúla ina measc tairge ar leith, bíonn tóir air. Ach rud a rith liom ná go bhfuil níos mó i gceist anseo ná mioneolas don earnáil fógraíochta. Tá neart de na blagadóirí seo atá ag séanadh fógraíocht nó formhuiniú tairge. Cinnte, b’fhéidir go bhfuil siad ag iarraidh a dtairgí féin a chur chun cinn ach táthar ann nach bhfuil “agenda” ar bith acu seachas eolas a roinnt.

Ach sé mo thuairim féin ná go bhfuil snáithe amháin fite fuaite tríd na suíomhanna seo ar fad. Is é sin an bród. Nílim ag caint ar mórtas ná ar mórchúiseacht ach an píosín beag bród a bhraitheann tú ionat féin nuair atá rud curtha i gcrích agat agus jab maith déanta agat. Bhraithim sin óna blagadóirí seo mar tá siad sásta, don chuid is mó, a sprioc, a gníomh agus an toradh a roinnt linn. Muna roinneoidh ach an toradh ní bheadh deas againne, na léitheoirí, an saibhreas céanna a chur lenár saol féin.

Lena chois sin seo cúpla rud a chur mé féin i gcrích thar an tsamhraidh. Gheobhaidh sibh naisc chuig na hoideas is na patrún fite tríd, ó blagadóirí is gnólachtaí beaga a bhí bródúil as a gcuid oibre agus sásta ligint dúinn ar fad cuid den bród céanna a bhraith.


 

Nuair a bhí mé níos óige ba mhinic a rinne mé éadaí dom féin, go háirithe fá choinne ócáidí speisialta. Táim beag agus cé go glacaim leis le gnáth éadaí laethúla b’fhearr i bhfad liom go luífeadh gúna liom d’ocáid speisialta. Mar sin rinne mé (le cabhair agus treoir mo mháthair foighdeach) mo ghúna féin do mo “Debs”, don Trinity Ball ach faraor ní raibh an muinín agam mo ghúna bainise féin a dhéanamh. Is dócha go ndéarfadh mo mháthair go dtagann ciall le haois! An uair dheireanach a rinne mé iarracht gúna a dhéanamh fá choinne ócáid speisialta rinne mé praiseach iomlán de (agus b’éigean dom mo ghúna bainise a chaitheamh ina áit – an-aisteach ar fad). Ó shin i leith ba bheag ní a fúáil mé.

But after lining a few crochet bags and purses earlier this year and rustling up a few small things on the machine my confidence began to return and I decided to make Nipper 3.0 a dress. That was in July. I finished it early September. I used the Sally Dress Pattern from VeryShannon.com, a cute Russian Doll Cotton Print by Rose & Hubble that I picked up in Murphy Sheehy in town one day.

I can’t begin to describe the little sparkles of joy I get in seeing Nipper 3.0 wearing the finished dress. There were 2 false starts, mainly down to Americans’ ridiculous use of non-standard paper sizes (shakes fist) but I have requested some Letter sized paper to be brought home from Yankland to avoid this problem in future.

I finished this little blanket below for my latest grandniece. If I have rabbited on before that I am great aunt to five, forgive me. But also believe me: it deserves this level of rabbiting on as it is a perennial shock to me.

This is my own pattern and I hope to post it soon. I can’t say that it was quick to hook but it required that extra time to ensure it was safe for a baby. It is soft and light but tight enough to avoid entangling tiny baby fingers.

image
Tomato Salsa from Smitten Kitchen

As to food we have tried some new and interesting things. I love this tomato salsa recipe from Smitten Kitchen and I far prefer her photos. I’m going for the photo-realism look here. A great recipe to use up your glut of tomatoes and I would definitely recommend adding the lime juice that she wavers on in her blog post. Fingers crossed next year I will be using my own tomatoes in this recipe!

image
Campfire Cones. mmmmmmm

Another big hit at home and at a few other family events this summer were campfire cones. Here you can see Himself looking very summery, enjoying one hot off the barbeque at home. As I synthesised a few recipes to make the most of Irish ingredients I will shortly post this recipe here so keep your eyes peeled. I can’t believe it’s still warm enough on the eve of October to think that some of you might be able to try these still! Otherwise file (Pin it!) for next summer.

 

Grilled Salmon Skewers
Grilled Salmon Skewers

A new BBQ favourite that I have made successfully under the grill are these delicious salmon skewers which I found on Epicurious.com. In this pic they are on our barbeque with just the marinade and thinly slice lemon wedges. However the second time I made them I added courgette and red pepper and mixed these three ingredients in the marinade, rather then trying to coat skewers once, eh, skewered. Consider adding chunks of feta because Feta and Salmon are just fabulous together.

I’ve also designed a new pair of crochet baby booties after much trial and error. I think they are a really cute and unique present to give on the arrival of a newborn but I was not happy with all of any of the patterns that I tried so I decided to design my own. I will post this pattern soon. It will get cold soon and you will be glad of it! I am also working on a pair of fingerless mittens which I hope to share soon too, once I’ve gotten over my bootie obsession.

Lastly I finally made myself a crochet jumper that actually fits. I have yet to collect photographic evidence. This is a lovely pattern, easy and quick to hook up.

I also gussied up MacdaraSmith.com, RosemaryMacCabe.com and this site of course. The latter is the latest to go live: I’m not 100% happy with some aspects of it but would love your feedback on it too.

Happiness works for me

Well the cat is officially out of the bag. My future boss tweeted yesterday morning that I will be joining their team at Prosperity.

In some ways it will be a big change but in essence I hope I can continue to help people help companies do more, better online. To quote themselves:

“We are Prosperity: Ireland’s leading digital, advertising, marketing and creative recruitment consultancy. We bring great people and great companies together. We make the world a happier place. We know, it’s not world peace – but it’s a start. Happiness works. Seek happiness here.”

I’m all about happy. As my good friend told me in our physics class way back when “I always remember which is positive because it’s Roseannode.”

I’ve been with the IIA for just over three years and much has changed in the IIA, in Ireland, in the world and in my life since then. And just when you think that life may has paused, plateaued, someone suggests an alternative to you that gets you thinking, “What if…?”

I’m excited about the idea that I’ll be making people think “What if…?” every day. Imagine I’ll be changing lives from July – how cool is that?

Cuir ceist agus tosnóidh comhrá

I was recently commissioned to take on the Technology section in the Irish Language Lifestyle Magazine Website, Beo. Here is my first article which was originally published in Beo.

Ag teacht abhaile dom ó Gradaim na mBlag i gCorcaigh, pócaí go breá ach cloigeann tinn orm, d’éirigh liom roinnt machnaimh a dhéanamh ar blagadóireacht agus cúrsaí ghnó. Ba spéisiúil éabhlóid an gradaim ghnó i measc na ngradam ó gur thosaigh sé mar Ghradam don Bhlagadóir Ghnó is Fearr ach i mbliana d’athraigh an teideal go dtí An Blag Comhlachta is Fearr. Is léargas ar leith é seo ar borradh na mblag comhlachta in Éireann fiú le bliain anuas. Is é sin le rá tá borradh tagtha ar na comhlachtaí atá ag úsáid blaganna mar lárchuid dá stráitéis ghnó.

Chun an fhírinne a scríobh ní ró-mhinic a bhíonn an t-ábhar sin i bhfad ó bharr mo chloigeann, tinn nó eile! Táim faoi láthair ag obair do chumann gnó Éireannach agus machnamh á dhéanamh agam chuile lá ar na bealaí is féidir an t-idirlíon a úsáid mar uirlis ghnó. Táim ag obair ní ach go háirithe le grúpa oibre ar an meáin sóisialta agus machnaimh, plé, ceardlainne agus tuairiscí á dhéanamh againn ar an gcás ghnó do na meáin soisialta. An feiniméan is mó spéise liom faoi dul chun cinn an ghreasáin ó thaobh gnó de ná don chuid is mó is iad na tomhaltóirí atá chun tosaigh ar na gnólachtaí. Tá corporáidí móra ag tabhairt cuirithe do bhlagadóirí, líonroirí soisialta agus fiú giolchairí (“tweeters”) teacht chun labhairt leo faoina bproifíl ar líne, na huirlisí a úsáideann siad, an méad ama a chaitheann siad agus conas ar thóg siad a líonra. Tá na corporáidí proifisiúnta ag labhairt leis na saineolaí “amaitéaracha” seo chun tuiscint níos mine a fháil ar an réabhlóid cumarsáide seo. Cúpla bliain ó shin ba leor suíomh greasáin cúpla leathanach nach mór cosúil leis an ábhar margaíochta clóite a bhí ag an ngnó cheana. Ach anois tá domhain nua ann ar line, áit a bhfuil an-chuid le tuilleamh ag an té atá cróga.

Is é cumarsáid atá mar bhunús an domhain nua cróga seo. Leis an ábhar margaíochta clóite bhíodh an cumarsáid ag gabháil treo amháin i gcónaí. Do mhórmhór comhlachtaí in Éireann, cuma cé chomh mór is atá siad, creidtear gur mar seo a leanann cúrsaí. Ach ní gá ach cuardach a dhéanamh ar Google, Facebook, BeboIGOPeople agus gheobhaidh úinéirí na ngnólachtaí seo amach go bhfuil comhrá ar siúl cheana faoina dtairgí agus seirbhísí, agus maith nó olc, leanfaidh an comhrá sin cuma má tá inchur acu ann nó muna bhfuil. Nó b’fheidir go bhfaighfidh siad amach nach bhfuil oiread is focal amháin scríofa futhú ar líne agus is measa sin i bhfad fiú ná gearáin. Dóibh siúd ar a dtugtar anois dúchasaigh digiteacha, daoine idir aois 15 agus 25, is é an t-idirlíon an chead pointe eolais agus teagmhála dóibh. Muna bhfuil daoine ag scríobh faoi do chomhlacht agus dá bharr ag nascadh chuig do chomhlacht ar líne teipfidh ort nuair a déanann saoránaigh an domhain úr cróga cuardach ort ar líne. Titfidh an comhlacht síos, síos an rangú agus ardófar iad siúd atá ag plé an comhlacht céanna ar a mblaganna maith nó, dia ár shábháil, olc. In Éireann, toisc braiteoreacht ghnólachtaí léimt isteach san uisce fiorúil agus an rud go bhfuil torthaí logánaithe ag Google ní ach go háirithe tá an contúirt seo méadaithe.

Dar liomsa sin ceann de na difríochtaí is mó atá ann idir an ghreasáin agus aon meáin eile a chuaigh roimhe. Tá cumarsáid mar bhunús ann ní ach go háirithe le seacht mbliain anuas. Agus tosnaíonn an cumarsáid sin go minic le ceist agus cuirtear an cheist sin le Google (I mí na Samhna 2008 thosnaigh 70.8% de na cuardach idirlíne ar Google). Muna bhfuil do chomhlacht le feiceáil mar fhreagra ar an gceist sin, caillfidh an chomhlacht amach. Rachaidh an easpa láithreachta i bhfeidhm níos mó is níos mó mar is é seo domhain na ndúchasach digiteacha áit nach mbeidh leathanaigh buí le fáil amach anseo.

Fiú an t-ábhar a diúltaíonn cumarsáid tógtar anois é agus déantar meascán nó “mash-up” an Bhéarla dhó fud fad an ghreasáin. Ar líne tá cearta freagartha ag an té a breathnaíonn ar aon suíomh, físeáin, cód fuaime, ábhar, íomhá, learáid gur fiú é. Níl tada digiteach ar domhain go bhféadfaí a chur ar fáil mar rud uathúil, mar aonad ann féin. Fiú má déantar iarracht acmhainní ganna a dhéanamh de acmhainn digiteach agus é a chosaint ó dháileadh agus athrú tá daoine ar líne agus níl faic níos gaire dá gcroíthe ach cosant na hacmhainne sin a bhris agus an acmhainn a scaipeadh fud fad an ghreasáin má’s féidir. Is cuma cad a cheaptar faoi dleathachas an ghnímh, is cumarsáid atá ansin freisin. Cumarsáid idir corporáidí agus a dtomhaltóirí.

Ach ní hacker mise, fiú níl aon spéis agam ann. Ligeann an ghreasáin dom mo shrutha cumarsáide a leathnú amach thar a mar a d’fhéadfainn riamh roimhe seo. Mar sin agus mé ag scríobh don iris seo don chéad uair ba mhaith liom cuireadh a thabhairt daoibh a léitheoirí. Níl i mo chuid alt anseo ach tús comhrá. Má tá fonn oraibh é a leanúint liom ar líne is féidir teacht orm ar mo bhlag, ar Twitter, ar LinkedIn, ar IGOPeople, nó ar FriendFeed. Agus cuirim fáilte riamh comhrá i nGaeilge ar ndóigh!

Foilsíodh an t-alt seo ar dtús i mBeo Márta 2009.

Working women almost certainly caused the credit crunch – The Irish Times – Wed, Feb 25, 2009

Newton Emerson, satirist-in-chief with the Irish Times writes what I hope is a tongue in cheek article about women’s place in work entitledWorking women almost certainly caused the credit crunch. We all may laugh (you bloody better be rather than nodding your head in agreement) but the fact is that this attitude is still enshrined in Article 41 of the Irish Constitution:

2. 1° In particular, the State recognises that by her life within the home, woman gives to the State a support without which the common good cannot be achieved.
2° The State shall, therefore, endeavour to ensure that mothers shall not be obliged by economic necessity to engage in labour to the neglect of their duties in the home.

When, oh when, will the wording of this be changed to reflect at least the aspiration that either parent, or indeed a parent, regardless of gender, should be afforded this sort of moral support with the housekeeping.

Picture above from The Library of Congress Collection in the Commons on Flickr.