Tasc críochnaithe

Tá an chéad tasc den tearma seo déanta agam. I bhfad níos éasca anois ó bhfuair mé torthaí an tearma seo chaite – fiú torthaí sealadach. Fuair mé 2.1 agus nílim ag argóint leis sin! An tasc a bhí le déanamh agam ná dialann machnamhach ar r-fhoghlaim. Sin ráite bhí mé srianta go 500 focal – rud a chuir srian leis an machnamh dar liom.