Faigh bainne ldt. GRMA

This is my April article for Beo.ie. I write about how crowd sourcing helped me get organised. There has even been developments since but more anon in another blog post. Take a peek at the original on Beo for help with the more difficult phrases. I’ve left all the grammar and spelling mistakes in below for authenticity don’t you know 🙂 Enjoy!

Ní nochtadh mór é seo ach is breá liom an t-idirlíon. Cabhraíonn sé go mór liom i mo chuid oibre. Sin ráite táim ag obair don Irish Internet Association (IIA) – bheifí ag súil lena leithéid! Ach is cumann gnó neamh-brabach é an IIA agus dá bharr caithfimid ar fad bheith cliste lenar n-acmhainní; ár gcuid ama ní ach go háirithe. Sin ráite tá acmhainn den chéad scoth againn agus cloistear plé ar go minic ó thaobh cúrsaí idirlíne de agus sin an slua.

Ní cleachtú nua atá ann bailiúcháin ríomhairí cianda a úsáid chun jab mór a dhéanamh agus ar bealach is an cleachtú céanna seo atá taobh thiar de neal-ríomhaireacht. I ndáiríre b’shin túspointe an idirlín, siar sna seascaidí nuair a chruthaíodh ARPANET. Sa tslí chéanna go stairiúl is é an 7 Aibreán 1969 breithlá an idirlín nuair a foilsíodh an chéad “Request for Comments“, cáipéis a scríobh Steve Crocker ag lorg moltaí i leith protocáil agus córais idirlíne ón slua. Ní hamháin go b’é seo bunús “rialacha” an idirlín ach go pointe b’é seo bunús modh oibre an idirlín. Is gluaiseacht daonlathach agus cuimsitheach a bhí ann; gan cliarlathas traidisiúnta.

Go pearsanta nílim ró-chinnte ar éirigh leis nó ar mhair an easpa cliarlathachais seo agus nílim ró-chinnte faoi cé chomh cuimsitheach is atá sé. Don chuid is mó den domhain is ollmhaitheas na mbrionglóidí atá san idirlíon, nach bhfaighfidh siad rochtain air go deo na ndeor. Nach mór an scannal é ach nílim ag caint faoi mhuintir iargúlta an Mhongóil nó tóin an domhain. Tá daoine in Éireann nach dtuigeann an t-idirlíon mar níl sé feicthe acu. Níl aon ní cuimsitheach faoi rud nach bhfuil ann sa chéad áit.

Ach ní féidir an milléan a chur ar aithreacha an idirlín (agus b’aithreacha iad don chuid is mó ach sin alt eile in iomlán!) Bhí fís acu agus go pointe maireann an nós cúnta a thosnaigh leis an gcéad “Request for Comments”. Thuig mé seo i gceart le déanaí nuair a bhain mé úsáid as an slua nó rinne mé  “slua foinsiú” (crowdsourcing an Bhéarla) chun freagra a fháil ar cheist a bhí agam.

Bhain an cheist seo le úsáid cliste acmhainní freisin. Bhí sé de nós agam liosta fada “nithe le déanamh” a scríobh i leabhar nóta agus lán fhios agam gur droch nós a bhí ann. Samhlaigh dá gcaillfinn an leabhar nóta nó mar a tharla go minic bheinn ag obair áit amhain agus bheadh an leabhar nóta in áit eile. Agus do bhean atá ag obair i réimse na teicneolaíochta! An náire! Go háirithe nuair a bhí lán fhios agam go raibh réimse leathan cláir feidhme greasáin ann a ligeadh dom an jab seo a dhéanamh i mbealach i bhfad níos éifeachtaí. Ach asaibh siúd cérbh é an ceann is fearr? Chas mé le slua ar leith agus chuir mé ceist orthu: conas a eagraíonn tusa do liosta le déanamh? Dírim isteach ar an dá ceann is mó a luadh liom ag an am; ceann amháin do Apple Mac agus ceann amháin do RP le Windows air.

thingsThings: is feidhmclár é Things don Mac agus dá mbeadh Mac agam úsáidfinn é seo. Is dócha an gné is cumhachtaí faoin bhfeidmhchlár seo ná an bealach gur féidir, trí aicearra méarchláir, fuinneog tasc a oscailt cuma cén bogearra atá in úsáid agat chun tasc a chrúthú láithreach bonn roimh a dhéanann tú dearmad air. Gné eile tarraingteach ná an bealach gur féidir comhaid, seoltaí idirlíne nó r-phostanna a tharraingt agus ligint titim isteach sa bhfeidhmchlár freisin chun tasc nó meabhracháin a chruthú futhú freisin. Is féidir an feidhmchlár seo a fháil don iTouch nó iPhone leis. Laghdaíonn an pointe deireanach seo an t-aon mí-bhuntáiste atá ann, dar liom, agus sin an rud nach feidhmchlár greasáin atá ann agus dá bharr nach féidir rochtain a fháil ar do liosta muna bhfuil do Mhac leat. Ach cosúil le an-chuid eile, dá mbeach Mac agam, déarfainn go gcodlóinn leis! Cosnaíonn Things rud beag níos lú ná $50.00 don bhfeidhmchlár riomhaire agus €7.99 don bhfeidhmchlár iPhone/iTouch. Bronntanas Nollag na ndeartháireacha socraithe agamsa!

rtmRememberTheMilk: Seo an ceann a úsáidim féin agus mholfainn é do éinne a úsáideann Gmail agus Firefox ní ach go háirithe. Is féidir forlíontán a fháil do Firefox, brabhsálaí idirlíne, a ligeann duit é a úsáid láithreach ó do chuntas Gmail. Is gné cliste é seo mar is minic tríd an r-phost a thagann tascanna. Is féidir leagan de a fháil don Apple iPhone agus iTouch ar ndóigh freisin ach domsa ar an Nokia E51 tá suíomh so-ghluaiste m.rememberthemilk.com acu atá glan agus éasca le n-úsáid. B’fhearr i bhfad liom feidhmchlár beag don Nokia ach tuigim b’fhéidir nach fiú an margadh dóibh. Tá na bungnéithe is úsáidí den bhfeidhmchlár seo saor in aisce agus ar $25 in aghaidh na bliana is féidir tuilleadh feidhmeannas agus tacaíocht a fháil. Tuigfidh tú, a léitheoir, agus aithne á chur orm thar saolré na nalt seo go bhfuilim craiceáilte faoin na meáin sóisialta agus is é Twitter an greasán is giorra dem chroí i láthair na huaire. Rud álainn faoi RTM (mar a thugann cara leis air J ) ná gur féidir tascanna a sheoladh chuige trí theachtaireacht díreach (priobháideach) a chruthú ar Twitter chuig RTM. Ó tá Twitter mar fheidhmchlár ar mo fóin agam i bhfoirm Twibble ní dhéanfaidh mé dearmad ar an mbainne riamh arís. Ach ná scaip sin mar gheallúint uaim!

Questionnaire that could affect the future of Ireland

Okay the subject line might seem a little bit dramatic but I actually think it might be the case. The organisation I work for, Comhdh�il N�isi�n�nta na Gaeilge, ran a story in today’s edition of our fortnightly newsletter (you mean you didn’t get it! visit www.gaelport.com and sign up now! It’s free and packed full of info, available in Irish only or bilingual version) about an online survey being run by the National Council for Curriculum and Assessment that aims to find out people’s attitudes about the Senior Cycle and Leaving Cert and their hopes and expectations for the Leaving Cert of the future. “So what?”, says you “I did my LC years ago!” However, you may (like me) have a youngster sitting down to do their LC in less than 20 years or you may plan to start your own business and will have to employ people or you may even get to the stage in your job where you have to interview people, it would be nice to think that the rounded individual concerned had you to thank for the balanced education they received. Especially if you feel the Senior Cycle did nothing for you and ruined your life, you should do something now to stop it doing the same to others!

The survey is here

Here is the article from Eolas@Gaelport.com, the fortnightly electronic newsletter:

+++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++

TODHCHA� NA GAEILGE SA CH�RAS OIDEACHAIS

T� athbhreithni� � dh�anamh ag an gComhairle N�isi�nta Curaclaim agus Meas�nachta CNCM (NCCA) ar scr�d� na hArdteistim�ireachta. Ar nd�igh t� �it na Gaeilge san �ireamh san athbhreithni� seo.

T� ceistneoir ag an NCCA ar a su�omh Gr�as�in http://www.ncca.ie agus tugtar deis do gach duine a dtuairim i leith na n-�bhar a nochtadh. I l�thair na huaire t� 57% d�ibh si�d a d’fhreagair an ceistneoir ag r� gur ch�ir go mbeadh an Ghaeilge roghnach ag leibh�al na hArdteiste. Beidh impleachta� m�ra ann do thodhcha� na Gaeilge n� amh�in sa ch�ras oideachais ach i gcoitinne sa ch�s go dtaobha�onn an Rialtas leis an tuairim sin. N�l m�r�n ama againn (Is � 30 Meitheamh an spriocdh�ta) m� theasta�onn uainn go mbeidh �r dtuairim� san �ireamh san athbhreithni� seo. Molann Comhdh�il N�isi�nta na Gaeilge go l�idir do gach duine an ceistneoir a �osl�d�il agus a l�onadh.

THE FUTURE OF IRISH IN THE EDUCATION SYSTEM

The National Council for Curriculum and Assessment (NCCA) are reviewing the Leaving Certificate Examination. Of course the Irish Language syllabus is included in this review.

NCCA have a questionnaire on their site http://www.ncca.ie and everyone has the opportunity to let his/her opinion on all subjects be known. Currently 57% of those who answered the questionnaire think that Irish should be an optional subject at Leaving Cert level. This has serious implications for the future of the Irish Language not only in the education system but in a more general sense if the government agrees with this opinion.

We don’t have much time (30 June is the deadline) if we want our views to be included in this review. Comhdh�il N�isi�nta na Gaeilge recommends that everyone complete the questionnaire.

Litir Oscailte � Helen � Murch�, Sti�rth�ir Chomhar na M�inteoir� Gaeilge |

Open letter from Helen � Murch�, Director of Comhar na M�inteoir� Gaeilge

+++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++

And if you like campaigns, try this one on for size