(English below)
Bhí droch-am agam an tseachtain seo chaite le gúna a bhí mé ag iarraidh déanamh do na Gradaim Fís Idirlíne. Seo thíos fís Qik a rinne mé nuair a bhí mé fós dóchasach, roimh a chuaigh gach rud tóin chun tosaigh. Is ar éigean is a bhí an gúna críochnaithe agam. Tháinig mo mháthair sall chun cúnamh agus comhairle a thabhairt dom i dtreo é a chríochnú. Roimh a chur mé an tsíp isteach (an tríú ceann a bhí ceannaithe agam an tseachtain sin!) dúirt sí, “Cuir ort é go gcinnteoimid nach bhfuil sé ró-mhór nó a leithéid.” Beag baol go raibh an diabhal rud ró-mhór! Bhí beagnach dhá orlach ar iarraidh sa dhroim! Mar a bhfeicfidh sibh ón bhfís thíos rinne mé toile agus gach rud, agus ní raibh fadhb ar bith le droim an toile (bhí fadhbanna eile leis ach sin scéal eile…). Bhíomar ar tí tosnú ón tús arís ach bhí sé chomh déanach bheartaigh mé ar sean-gúna a tharraingt amach as an wardrús. Tar éis dom trí no ceithre cinn a thriail dúirt Mum agus Himself go b’é an ceann a bhfeicfidh sibh sa dara fís thíos an ceann is deise orm. Bhraithe mé an-aisteach ann oíche na ngradaim toisc go b’é mo ghúna bainise agus gan Himself i mo theannta ach ar ar laghad bhí mo bhean chuideachta liom mar a bhfeicfidh sibh sa dara fís thíos!
I had a terrible time last week with the dress I was trying to make for the Net Visionary Awards. Here’s a Qik vid I made while I was still hopeful, before everything went arse over backwards. I nearly had the dress finished; Mum came over to advise and help me finish it (she’s brilliant at dressmaking) . Before we put the zip in (the third one I had bought that week!) she said, “Try it till we make sure it’s not too big or anything.” Fat chance the thing would be too small – two inches too narrow at the back. And I wouldn’t mind but I made a toile – I’ve never made a toile before – and it (mostly but that’s another story) fit me perfectly. You can see me working on the toile in the first Qik video below. So we were about to start pretty much from the beginning with the dress and I just decided I can wear something from the wardrobe. So I tried on three or four but in the end Mum and Himself decided that the one you can see in the second vid below was the best. It felt a bit strange on the night of the awards, wearing my dress without Himself being there but at least I had my bridesmaid as you can see from the second vid.