Filleann an Feall ar an bhFeallaire

The recent announcement that the Turing Award had been awarded to a team that created “Eugene Goostman” got me thinking for my most recent article for Beo.ie.

Beo.ie is currently seeking the assistance of its readership and supporters of independent minority language media. It is among a raft of Irish Language organisations that have had their funding withdrawn by Foras na Gaeilge in 2014, many of which have since closed their doors including my former place of work, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge which was founded in the 1940s. Beo.ie is a vital part of the international Irish language community media since 2001, allowing Irish Language writers and readers to consider and discuss news and current events in their own language.

‘To conquer the unknown, you must trust.’ Sin an mana a bhí ar lipéid mo dheoch tae luibhe ar maidin mar spreagadh don lá amach romham. Ritheann sé liom go mbíonn sé deacair uaireanta, go háirithe nuair atá tú ag plé leis an idirlíon, an oscailteacht seo a iompar leat i rith an lae.

Samhlaigh go bhféadfaí lipéid ar thae luibhe, rud chomh bunúsach, ársa mar dhea, deacrachtaí nuálaithe ár linne a achoimriú i mbeagán focal. De réir Pamela Mayer, saineolaí aigneolaíochta agus údar ‘Liespotting’, cloistear idir 10 is 200 bréag in aghaidh an lae. Tugann sí “deception epidemic” ar mhéid an mhí-ionracais atá sa saol comhaimseartha, ach dá réir, is tréith inbheirthe é sa chine daonna atá againn ó aois an-óg.

Ach le borradh teicneolaíochta tá sraithe eile ann: conas gur féidir linn a bheith muiníneach faoi na mílte duine atá inár gciorcal soisialta anois? Conas is féidir linn muinín a bheith againn sna céadta seirbhísí idirlín a bhfuil sonraí pearsanta acu fúinn? Conas is féidir linn ár ngá don teicneolaíocht a chomhardú le príobháideachas agus le sábháltacht eolais? Tá caibidil nua, gan chaint ar leabhar nua, á dhreachtú (is athhdreachtú) faoi mhothú ionannas an duine, cúrsaí muiníne agus teorainn phearsanta.

Drochscéala ‘Eugene Goostman’

Dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí muiníne acu cheana, déarfainn gur chuir an nuacht is déanaí faoi Dhuais Turing soir in iomlán iad. Fógraíodh an mhí seo chugainn gur bhuaigh scata forbróirí an duais cháiliúil seo toisc gur chreid níos mó ná aon trian de mheitheal moltóirí go raibh siad ag plé le Eugene Goostman, buachaill de trí déag ón Ucráin in ionad a bheith i mbun cumarsáide le clár ríomhaire. Bunaíodh an duais in onóir Alan Turing a scríobh faoi mheaisíní machnaimh in 1950 is a chur an cheist:

“Are there imaginable digital computers which would do well in the imitation game?”

Is é seo prionsabal fealsúnachta bunúsach i gcúrsaí intleacht shaorga (IS) atá fós á phlé 60 bliain i ndiaidh bás Turing.

Ar ndóigh táthar ann nach dtugann mórán creidiúnt dá leitheid, ag rá go bhfuil an triail róghairid (5 nóiméad), nó gur cleas a bhí ann pearsa déagóra nach Béarla a phríomhtheanga a úsáid nó nach bhfuil fiúntas ar bith lena leithéid de dul chun cinn. Léigh mé cáinteoir amháin a rinne mórán de rud gur comhtharlúint dochreidte a bhí ann gur tharla seo ar ócáid comórtha 60 bliain ó bhás Turing.

Más é todhchaí éasca a shamhlaigh Arthur C. Clarke i gcathair Diaspar ina úrscéal The City and the Stars atá uainn is céim bheag ina threo sin an chéim seo. Samhlaigh mura mbeadh ar na ceadta céimí ollscoile tabhairt faoi dhíol is tacú teicneolaíochta in ionaid glaonna ar fud na cruinne. Samhlaigh go bhféadfaimís an obair sin a fhágáil le IS. Ní bheadh de dhíth ach na forbróirí agus, céim ar céim, bheadh an IS in ann tabhairt faoi fhorbairt na ríomhchlár freisin. Is é an todhchaí sin a chuireann eagla orainn is dócha agus a phléigh Clarke sa leabhar céanna agus a phléann na ceadta scríbhneoirí ficsin is fealsúnachta i leith IS.

An Neamh Seo Chugainn

Go pearsanta táimse ag súil leis an lá nuair is féidir liom díriú ar cheardanna agus ar na healaíona, ar rothaíocht is siúl trí choillte agus cois farraige, ar gach uile leabhar a léamh sa leabharlann, ar leabhair a chur sa leabharlann mé féin, ar luí siar agus a bheith ag samhlú dom féin. Tá mé ag súil leis an lá nuair nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo agus an t-aon sprioc a bheas againn ná spriocanna bunaithe ar spéis in ionad a bheith bunaithe ar bhrabús corporáideach. Ach conas is féidir linn a dhóthain muiníne a bheith againn i dteicneolaíocht chun an saol só sin a ghealluint do gach mac is iníon máthar?

Táimid fós i bhfad uaigh sin go háirithe nuair a dtuigeann tú an comhrac inmheánach agus an lámhacán cúl scéithe a bhaineann le, mar shampla amháin, OAuth agus OpenID, péire creatlach aitheantais atá in úsáid, nó nach bhfuil in úsáid i gceart ag a leithéid Facebook, Microsoft, Google agus Twitter. Ligeann an creatlach seo úsáid frithchuimilte a dhéanamh dá seirbhísí i dteannta le suíomhanna idirlín eile. Mar shampla, más mian leat tráchtaireacht a dhéanamh ar suíomh is féidir ‘Social sign-in’ a úsáid toisc OAuth. Tá rian coimhlinte le leanúint i leith na teicneolaíochta seo chomh fada siar le 2012 de réir mo léamhsa.

An mhí seo chaite bhí an creatlach seo sa nuacht arís nuair a fógraíodh go ligeann feidhmiú an chreatlaigh do shuíomhanna mailíseacha eolas pearsanta a bhailiú gan stró. Tugadh “Covert Redirect” ar an locht seo. Cé nach bhfuil an earráid seo chomh contúirteach is atá Heartbleed faoinar scríobh Joseph Steinberg,

“Some might argue that [Heartbleed] is the worst vulnerability found (at least in terms of its potential impact) since commercial traffic began to flow on the Internet.”

Is achrann eile é a chuireann siar céim eile i dtreo saol na bhFlaitheas a bhfuil muid ag dréim leis.

Mar sin is buille eile é seo i gcoinne muinín i dteicneolaíocht ach mar a mhíníonn Matthew J. Schwartz ina alt faoi, ní hí an teicneolaíocht atá lochtach ach iad siúd atá á chur i bhfeidhm:

“Many developers, however, have used implicit flows when they should be using code flows, and many sites have allowed them to do so. (Bradley recently published OAuth guidance for developers about how to employ the right flow techniques.)”

Faoi Scáth an Amhrais

Thosaigh mé ag machnamh mar sin ar an bpriacal atá inghlactha dúinn agus sinn ag plé le teicneolaíocht. An ligfidh nádúr an chine daonna dúinn riamh an chéim mhór chun tosaigh a thógáil a fhad is a bhfuil grifters, is sharks, is con-artists amuigh ansin ag iarraidh feall a imirt orainn? De réir an tsaineolaí slándála Bruce Schneier, táimid ag éirí níos drogallaí in aghaidh contúirtí de réir a chéile toisc ár n-in-oiriúnachta.

When you implement measures to mitigate the effects of the random risks of the world, you’re safer as a result. When you implement measures to reduce the risks from your fellow human beings, the human beings adapt and you get less risk reduction than you’d expect — and you also get more side effects, because we all adapt.

Ar dTús, bhí an Clódóir – Beo mí an Mheithimh

My article this month for Beo! focusses on 3D printing. While it was an article about an arrest in Japan that got me thinking about this burgeoning technology, it was the development in the 3D printing of food that really amazed me.

This may well be my last artcile for Beo! as it is among the organisations that have had their funding cut entirely by Foras na Gaeilge. (English)

Le tamall de bhlianta anuas, bhí mé nach mór cinnte dearfa go raibh scaireanna ag an irisleabhar ‘The Economist’ i gcomhlacht cló 3D. Ní raibh mí ann nach raibh alt san iris seachtainiúil sin faoin teicneolaíocht úrnua seo. Nach mise a bhí tuartha de agus, go pointe, mícheart is mé ag caitheamh anuas orthu im’ intinn? Tá ré na clódóireachta 3D linn.

Tarraingíodh m’aird ar an réimse teicneolaíochta seo arís le déanaí nuair a ghabh póilíní sa tSeapáin Yoshitomo Imura toisc go raibh 5 gunna clóite aige sa bhaile. Tá dlithe na Seapáine an-ghéar ar ghunnaí, rud a chiallaíonn go bhfuil baol ann go gcaithfidh Imura roinnt ama i ngéibheann. Chraol Imura físeáin dó féin lena chuid gunnaí ar YouTube agus dá bharr thug na póilíní aghaidh ar a theach. Dúirt Imura, atá 27, nár thuig sé go raibh aon ní mídhleathach déanta aige. Ritheann sé liom go bhfuil an ceart ag údaráis na Seapáine a bheith dian ó thaobh gunnaí mar gheall ar a leithéid de ráiteas. Bí ag caint ar easpa stuaime.

Fuair Imura na dearthaí do na gunnaí ó shuíomh ar líne. Ina measc bhí an dearadh ‘The Liberator’ a chruthaigh conspóid do Cody Wilson anuraidh nuair a rinne sé é agus nuair a scaoil sé é ar cheamara. B’é seo an chéad ghunna a clódh le clódóir 3D agus ar ndóigh chruthaigh seo raic mhór ag an am. Ar ndóigh toisc gur dearadh agus gur clódh é sna Stáit Aontaithe raic as cuimse a bhí ann tharla go bhfuil deighilt as cuimse ann idir iad siúd atá i gcoinne agus ar son smacht ar ghunnaí. Ar ndóigh ní bhfuair na guthanna ciallmhara an chluas éisteachta chéanna le linn na raice seo.

An Oibríonn Sé?

Bhí saineolaí armlóin ann a mhínigh cén fáth nach mbeadh mórán úsáide i ngunnaí clóite as plaisteach mar seo. Go bunúsach, theipfeadh ar an bplaisteach an phléasc a choimeád taobh istigh do bhairille an ghunna agus, mar sin, ní bheadh an chumhacht chuí taobh thiar don urchar chun é a chasadh is a chaitheamh leis an neart ceart.w

Mar sin féin, tá comhlacht clódóireachta 3D amháin nach bhfuil ag gabháil sa seans. Tá bogearra cruthaithe ag an gcomhlacht Create It Real dá gclódóir a aithníonn nuair a chuirtear dearadh gunna ann agus a chuireann ceal lena chló ar a chuid uirlísí. N’fheadar cad a tharlódh dá mbeifeá ag cló banana?

Is ag caint ar bhananaí, tá neart comhlachtaí atá ag díríú ar na féidearachtaí a tharlaíonn nuair a mheasctar bia le clódóireacht 3D. Fuair Anjan Contractor ó Systems and Materials Research $125,000 ó NASA chun Pizza Inchlóite a chruthú anuraidh agus d’éirigh leis. Ag úsáid a mheaisín foinse oscailte RepRap (.i. meaisín déanta ó dhearadh saor in aisce atá in ann a pháirteanna féin a chló chun é féin a atáirgeadh) chlóigh sé amach an taos, an t-anlann agus ansin an “protein layer”. NOM! Cé is moite de Heston Blumenthal, ní dóigh liom go mbeidh a leithéid á thairgeadh i bpríomhbhialann na cruinne go luath! Sin ráite tuigim go maith cén fáth gur thug NASA faoina leithéid de thaighde: éiríonn na spásairí braon den ghnáthbhia spáis. Más mian leat a leadrán a thuiscint is féidir bia spáis a cheannach ar líne http://www.thespacestore.com/spacefood.html agus bhí sé ar fáil ó Easons thart fán Nollaig. Fuair mé uachtar reoite Neapolitan ó Dheaidí na Nollag anuraidh. Ní mholfainn é.

Bíonn Blas ar an mBréagán

Comhlacht eile atá ag déanamh rudaí spéisiúla le cló 3D agus bia ná NaturalMachines.com atá ag cruthú clódóir bia 3D don ghnáthchistin. Beidh praghas timpeall €1000 ar an meaisín: mar sin ní gnáthchistin mar is eol dúinn atá i gceist. Ligfidh a mheaisín don úsáideoir saghasanna bia atá deacair a chruthú a dhéanamh sa bhaile cosúil le ravioli, pizza nó roisíní. N’fheadar conas mar a d’éirigh leis na céadta mamaithe Iodáileacha go dtí seo? An difríocht is mó idir an Foodini s’acu (atá fós le seoladh) ná gur cruthaíodh mar uirlis cistine é agus is féidir do rogha bia a chur ann.

3D Systems mar shampla ag díriú ar chruthanna clóite as siúcra amháin in ionad raon bia agus feicfidh tú leis na pictiúir thíos go bhfuil siad ag cruthú rudaí áille ar fad.


Cinnte, níl anseo ach cleas nuair a thuigeann tú an obair eile atá ar siúl ag 3D Systems. Lena chumasc leis an gcomhlacht Medical Modelling, beidh borradh mór faoin obair ag cruthú próistéitic agus eisichreatlach. Is féidir leo cló le titanium agus mar sin is féidir leo ionchlannán uathúil a chruthú leis an ábhar sin agus le hábhair eile bio-comhoiriúnach.

Tá físeáin ar a suíomh a thaispeánann Amanda Boxtel ag siúl tar éis dhá bhliain déag a chaitheamh i gcathaoir rotha. Murach scanadh 3D agus cló 3D, ní bheadh 3D Systems in ann an eisichreatlach uathúil a dhéanamh a lig di siúl. Tá teicneolaíocht ag ligint di an leaba a sraideog a chrochadh den talamh agus siúl léi.

Giuirléidí don Téarma Nua Oll/scoile

In my most recent article for Beo! I write about some “essential” technology for what the French call “La Rentree” and marketers here call “Back to School”. Hearty congratulations to all those who received Leaving Cert results this week, especially my nephew in Wexford, who, as expected, sailed through. Phew! If nothing else, folks, you’ve passed a rite of passage of sorts and soon you’ll be consumed by something else. Good luck wherever your road may lead.

Ní bheidh i bhfad anois go mbeidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag eisiúnt torthaí na hArdteistiméireachta. Ní dhéanfaidh mórán daoine Éireannacha dearmad ar an lá cinniúnach sin ach mar a dúirt giolchairí amháin anuraidh, is cuma ar bhealach faoi na torthaí – ní bheidh sibh ag éirí as go dtí 2064. Spúnóg mhór réadúlachta.

Ach tá athruithe móra tagtha ar an mbealach a bhfaightear na torthaí le cúpla bliain anuas. Is féidir do chuid torthaí a fháil ar líne nó ar an nguthán anois. Moltar gabháil chun na scoile ar aon nós, ar mhaithe leis an gcomhairle a dtabharfaidh an scoil duit má tá aon deacracht nó ceisteanna agat. Déarfainn gur faoiseamh mór é do an-chuid scoláirí gur féidir na torthaí tábhachtacha sin a léamh go príobháideach agusfaoi shocracht ar leataobh leat féin.

Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agusceannaigh na giuirléidí seo a leanas.

Kindle

Táimse féin rud beag déanach chuig an gcóisir seo, caithfidh mé admháil. D’fhoghlaim mé sin san ollscoil: ní fiú ar bith duit a bheith luath ag aon chóisir. Fuair m’fhear chéile Kindle le déanaí agus le linn ár saoire bhliaintúil, thug sé ar iasacht dom é ionas go mbeinn in ann an cúigiú cuid de Game of Thrones a léamh. Sea, déanach chuig an gcóisir sin fosta. Cé nach léiríonn an rogha sin leabhair é, is breá liom léamh agus is breá liom na cuimhneacháin a mhúsclaíonn gach leabhar ar an tseilf. Cuimhním ar ócáidí ar leith i mo shaol go minic trí na leabhar a bhí á léamh agam. Braithim go bhfuil rud éigin caillte agam anois le teacht an Kindle i mo shaol, ach ní fhéadfainn a shéanadh chomh feidhmiúil is atá an uirlis bheag seo agus, ar ndóigh, tá ceann uaim féin anois. Tá neart téacsleabhar ar fáil ar an Kindle go deimhin freisin agus go háirithe má tá tú ag tabhairt faoi chúrsa staidéir sa sruithléann, mholfainn go mór é. Dá mbeadh a leithéid ann nuair a bhí mé féin ag tabhairt faoi mo chuid foghlama sa Ghaeilge agus sa Drámaíocht, bheinn in ann “Complete Works of Shakespeare” a fháil ar $1.99 nócóip de dhánta an Ríordánaigh a fháil ar $15.04. Níl an difríocht idir praghas na leabhar don dráma agus don Ghaeilge athraithe ar aon nós! Ar £69.00 (nó $69.00) ar an leagan is bunúsaí is infheistíocht an-mhaith an teicneolaíocht seo.

Éist leis an bPeann

Ceann de na rudaí is tuirsiúil san ollscoil ná nótaí a ghlacadh. Go háirithe má bhí tú amuigh ar an drabhlas go breacadh an lae ag staidéar go géar go breacadh an lae. Beidh Livescribe Sky Wifi Smartpen uait mar sin. Cabhróidh an peann seo go mór leat. Leis an ngiuirléid agus a leabhar nótaí tionlacain speisialta seo, is féidir scríobh agus taifeadadhag an am céanna. Nuair a léann tú siar ar na nótaí is féidir an peann cniogóige a bhualadh ar aon áit ar do chuid nótaí agus seinnfidh an peann gach a thaifead sé ag an mbomaite a scríobh tú an nóta sin. D’fhéadfá an peann seo a bheith rud beag níos lú agus rud beag níos saoire, ach is tús íontach maith é san earnáil seo. Tá costas timpeall $200 ar ceann de na pinn seo ag brath ar cúpla rogha.

Cluasáin Fhuaimdhíonacha

B’fhéidir nach gceapfá go mbeadh cluasáin fhuaimdhíonacha róthábhachtach ach má cheapann tú ar feadh meandair amháin gur chóir duit tabhairt faoin staidéar i leabharlann na hollscoile leis na cluasáin a fuair tú le do iPod/ seinnteoir MP3/ guthán, b’fhéidir gur chóir duit gabháil ar ais ar scoil! Tá rud nó dhó le foghlaim agat go fóill! Tá liosta cuimsitheach ag CNET  ach níl ach ceann nó dhó díobh siúd liostáilte níos saoire ná $100 dá réir. Molaim roinnt siopadóireachta nó coigiltis a dhéanamh. An rud is maith liom le CNET ná go mbíonn treoir cheannaitheora lena gcuid léirmheasanna a ligeann duit do chinneadh féin a dhéanamh.

Clódóir agus Feidhmhcláirín Scanóra

An rud is cuimhin liom faoin ollscoil ná cló agus fótóchóipeáil idir aistí agus leathanach anseo agus ansiúd as leabhar tagartha nach raibh ar fáil ar iasacht ón leabharlann. Don chuid is mó anois, is ar líne nó thar r-phost a sheoltar isteach aistí ach, ag brath ar an ábhar, beidh gach seans go mbeidh clódóir uait. Roghnaigh clódóir le WiFi, a chlónn ó iOS agus Android chomh maith le ríomhaire agus déan roinnt taighde ar costas na gcartús dúigh mar is é sin an costas is mó a bheas ort amach anseo. Tá neart clódóirí ar fáil anois atá idir €100 agus €150 agus má bhraitheann tú go mbeidh ort ábhar a chló is fiú an infheistíochta. Má tá guthán cliste agat, molaim feidhmchláirín scanóra a ligfidh duit fótóchóipeáil a fhágáil sa 20ú aois mar is chóir! Arís tá rogha mór de na feidhmchláiríní seo, ach oibríonn DocScanner ar iOS agus Android. Is féidir aon ábhar a bhailíonn tú a shábháil chuig Evernote, DropBox nó Google Drive agus tá na cáipéisí inchuardaithe uaidh sin.

Cúltacaigh gach Ní!

Nuair a d’fhreastail mé ar an ollscoil (agus táimid ag druidim le 20 bliain ó thosnaigh mé ann!) bhí cead againn aistí scríofa de láimh a thabhairt isteach. Bhí ort cead a fháil chun seoladh r-phost a aimsiú agus is cuimhin liom míniú don léachtóir Gaeilge s’agam céard ba r-phost ann agus cén fáth go raibh sé uaim. Go bunúsach, bhí ré órga na teicneolaíochta fós le gabháil i bhfeidhm ar hallaí ársa Coláiste na Tríonóide. Fiú nuair a bhí orainn gach aon ní a chló amach agus a fhágáil i mbosca taobh amuigh d’oifig an rúnaí, is minic a theip ar ríomhairí agus bheadh caoineadh agus briseadh croí agus bosca ciarsúr tarraingthe amach ag an rúnaí céanna. Is dócha go bhfoghlaimíonn an chuid is mó de scoláirí an ceacht crua. Éist le mo mholtaí agus má ceannaíonn tú aon ní ón líosta seo ceannaigh tiomántán cúltaca agus socraigh réim mhíleata chúltaca duit féin! Gabhfaidh tú buíochas liom nuair a shábháilim do leabharlann iTunes gan chaint ar d’aiste críochthéarma.

Mar fhocal scoir, smaoinigh ar cúpla rud eile a bheadh ina gcabhair mór don scoláire dáiríre (ahem!). Dá mbeinn féin ag scríobh aiste ollscoile, bheadh pointí caillte agam faoin am seo as a bheith fadálach agus mar sin fágfaidh mé fúibh féin léamh fúthu:

Cumhacht bhreise dod’ fóin póca ionas nach gcaillfidh tú an téacs tábhachtach sin faoin gcoisír léacht http://www.mycharge.com/ http://www.mophie.com

Lampa deisc le modhanna éagsúla fá choinne léimh, staidéir agus sos a ligint http://www.satechi.net/index.php/new-products/led-desk-lamp-black

Minecraft agus Imní Tuismitheora

My most recent article for Beo.ie looks at some of the issues that I as a parent am experiencing as my children get more involved in technology. Can I keep up with them? The latest game to cause some concern is Minecraft. Read on or contact me for a rough translation 🙂

Thugamar cuairt ar an deartháir is sine liom faoi Nollaig. Tá beirt chailíní aige agus le linn na cuairte thaispeáin siad Minecraft, cluiche ar an iPad nua s’acu, don bheirt gasúir is sine linne. Ó shin i leith tá na buachaillí s’againne go huile is go hiomlán gafa leis. D’insealbhaigh m’fhear chéile an leagan in aisce ar an iPad s’aige, ag ceapadh nach mairfeadh an leannán seo acu.

Thug m’fhear chéile a iPad leis ar turas coicíse agus go ceann trí lá d’ímpigh siad is d’impigh siad orm Minecraft a insealbhú ar an iPad s’agamsa. Dhiúltaigh mé. Thairg an duine is sine a chuid airgid féin chun íoc as: dar leis, thuill sé an t-airgead timpeall an tí agus is faoi féin conas a chaitheann sé é. Sa deireadh tháinig muid ar réiteach agus fuair mé an leagan nua de Lego Harry Potter. Tá dífríocht amháin idir Minecraft agus Lego Harry Potter a thuigfidh aon tuismitheoir eile le ‘crafters’ sa teach: tá críoch le Lego Harry Potter; leanfaidh Minecraft go deo.

Ach nach ionann cluiche amháin leictreonach agus ceann eile? Is ea, go pointe áirithe, ach tá difríochtaí móra idir gnáthchluichí agus Minecraft agus ní ormsa amháin atá imní faoin mbealach a imríonn na gasúir an cluiche seo. Ní gá ach cuardach a dhéanamh ar Google ar nós “kids playing too much minecraft” agus tiocfaidh tú ar neart cláracha plé agus blagmhíreanna ag tuismitheoirí imníoch ag lorg freagra ar an gceist.

Seoladh Minecraft don PC déanach i 2011 agus bronnadh duaiseanna láithreach air: “best downloadable game”, “best indie game”, srl. Tugtar cluiche bosca gainimh nó domhan oscailte ar a leitheid de cluiche. Seard atá i gceist leis seo ná nach bhfuil scéal ar leith i gceist leis an gcluiche: fágtar faoin imreoir taiscéal a dhéanamh sa domhan iad féin.

So proud - my nippers made this... :-/
So proud – my nippers made this… :-/

Tú Féin atá ar an Maide Eolais

De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht. Mar sin is féidir a leithéid de chluichí a sheoladh go sciobtha de ghnáth freisin. Míbhuntáiste, ar ndóigh, is ea go bhfuil gá leis na rialacha ó nach bhfuil sé dodhéanta gach uile féidearacht insinte a shamhlú ar an gcéad dul síos agus a chruthú. In alt i 2005 (tá fhios agam – ársa go maith!) scríobh forbróir cluiche amháin, David Braben, go bhfuil ardchaighdeán léiriúcháin sroichte: tá samhail an tsaoil réadúil cruthaithe ach “The Holy Grail we are looking for in fifth generation gaming is the ability to have freedom, and to have truly open ended stories.”

An rud is aistí faoi Minecraft ansin ná go bhfuil na graificí bunúsach. An-bhunúsach. Tá siad blocach, tá an pailéad srianta go maith ach is cuma don imreoir mar má shocraíonn sé nó sí ar teaichín deich n-urlár le díon tuí a chruthú, thig leis. Níl srian ar bith leis an tsamhlaíocht ann. Sin an rud a tharraingíonn ar ais arís is arís eile iad. Sin an fáth go bhfuil an-spéis ag oideachasóirí sa chluiche seo.

Inár dteach tá neart uirlísí aibhléise idir uirlísí iOS agus ríomhairí. Tá Wii agus tá PSP againn agus d’éirígh leis na gasúir am a chur isteach ag imirt cluiche ar an meaisín DVD fiú! B’fhearr i bhfad leo suí siar le cluiche in ionad clár teilifíse agus go dtí seo tá níos mó spéis acu i gcluichí ina bhfuil fadhbanna le réiteach iontu nó sprioc ar leith in ionad cluichí “shoot-em-up”. Is é am ríomhaireachta an duais is fearr is féidir thabhairt dóibh agus tuilleann siad dearbháin timpeall an tí gur féidir leo trádáil ar son 15 nóiméad anseo is ansiúd.

Sách Buartha

Sa dara áit don duine is sine tá leitheoireacht agus dá dhearthair, tá teilifís mar chaitheamh aimsire. Nil mórán speise ag ceachtar acu i spórt, idir rannpháirteacht nó féachaint air. Mar sin, cosúil le híomhá choitinn na máthar, táim buartha go bhfuil siad ag foghlaim drochnósanna a mbeidh tionchar acu ar a sláinte anois agus amach anseo. Scríobh mé cheana (féach an nasc ‘is fearr an tsláinte’) faoin mbealach ina bhfuil cruthaitheoirí teicneolaíochtaí sláinte ag iarraidh “gamification” a shníomh tríd a gcuid earraí agus léigh mé alt amháin a leagann síos gurb iad na tréithe aigneolaíochta céanna a chruthaíonn cluichirí dírithe is a chruthaíonn “gym rats” dírithe. Nílim róchinnte ach feicim tréith na hiomaíochta sna gasúir. Le Minecraft feicim gur féidir leo díriú isteach ar thionscnamh agus fanacht leis go dtí go mbeidh sé curtha i gcrích acu. Caithfidh na himreoirí na hábhair thart timpeall orthu a úsáid chun an timpeallacht a mhúnlú. Tá dhá modh imeartha sa chluiche: cruthaitheacht nó modh an mharthanais. Ligeann an chéad cheann don imreoir leanúint leis an tógáil gan tionchar ó ocras, caitheamh an lae nó ó ionsaitheoirí cosúil le ainmhithe, damháin alla nó zombies. Sa mhodh marthanais, caithfidh an t-imreoir gabhail i ngleic leis seo go léir chun teacht slán. Is féidir leo imirt leo féin nó is féidir imirt thar an idirlíon le cairde agus stráinséirí.

STRÁINSÉIRÍ?? Coimthígh!

Bíonn tuismitheoirí buartha go minic faoi choimhthigh ar líne agus ar ndóigh ní cabhraíonn a leithéid de scéal is “Man jailed for having sex with 13 year old”  ina bhfuil an suíomh Bebo lárnach. Mar thuismitheoir briseann an scéal seo mo chroí. Is léir go dtuigeann cruthaitheoirí Minecraft deacrachtaí tuismitheoirí le hoscailteacht córas ar líne. Tuigeann siad an eagla. Ach is creatúir sóisialta muid agus giorraíonn beirt bóthair go háirithe nuair ortsa atá an fhreagracht an bóthar sin a thógáil cloch mhéarach i ndiaidh na cloiche méaraí. Tá modh sa chluiche mar sin gur féidir leat freastálaí priobháideach a shocrú agus na sonraí a roinnt le do chairde amháin. An buntáiste is mó atá leis seo ná gur le cuireadh amháin a ligeann tú imreoirí teacht isteach; an míbhuntáiste ná is faoin tuismitheoir, de ghnáth, an freastalaí a riaradh. Deis iontach foghlamtha, nach ea?!

D’fhógair Mojang, cruthaitheoirí Minecraft, le déanaí go mbeidh siad ag cur seirbhís freastalaí príobháideacha ar fáil, Minecraft Realms, ar costas $10 – $15 in aghaidh na míosa. Go dtí seo níl mórán spéise ag an mbeirt s’againne imirt lena gcairde agus faoin am a mbeidh, b’fhéidir go mbeidh riarachán freastálaí ar mo thoil agam…!

Réalta an Eolais (Beo mí na Samhna)

This is my latest article for the Irish Online Magazine Beo! In this article I write about the best online and mobile resources for stargazers. Thanks to Nipper 1.0 for the inspiration 🙂


I often looked up at the sky an’ assed meself the question—what is the stars, what is the stars? – ‘Juno and the Paycock’ (1925) act 1 “The treasures hidden in the heavens are so rich that the human mind shall never be lacking in fresh nourishment.” – Johannes Kepler (1571-1630) “If thou follow thy star, thou canst not fail of a glorious heaven.” – Dante Aligheri (1265-1321) Ní inniu ná inné a gineadh grá an duine daonna do na réalta, don spéir, don spás. Le déanaí bhí níos mó ná 8m ag breathnú beo ar YouTube ar Felix Baumgartner is é ag léimt ‘ó na réalta’ anuas. Gach duine beo againn agus ár gcroí inár mbéal agus ár súile dírithe go géar ar an “gealt” sin. Tá fianaise ann go bhfuil daoine ag úsáid na réalta mar oireas loingseoireachta agus eile leis na cianta. Is iad cairteanna agus catalóganna ón Éigipt is ón mBabalóin ón gcúigiú haois déag RC an fhianaise is sine ar marthain, rud a léiríonn ní hamháin an spéis ach an tábhacht a bhain lena leithéid i saol na ndaoine ársa seo. Is do na speisialtóirí amháin a bhí na cairteanna, catalóganna agus uirlísí seo ar fáil thar na blianta ach anois le teacht aois na ríomhaireachta pearsanta, soghluaiste agus líonraithe is féidir linn uile gabháil i ngleic leis na réaltaí. Tá neart acmhainní ar líne agus i bhfoirm feidhmchláir a chabhróidh le réaltóga de gach aois aithne níos fearr a chur ar an gcosmas.

Acmhainní

Má tá sé i gceist agat tabhairt faoin dtogra seo i dteannta duine óg is fiú go mór Google Earth chun tuiscint níos doimhne a thabhairt daoibh archruth na cruinne agus ar a háit sa gCosmas ar an gcéad dul síos. Chomh maith le radharcanna den domhan is féidir turas a thabhairt timpeall Mars agus timpeall na Gealaí leis. Tá cairteanna réalta ann freisin. Tá, ar ndóigh, roinnt feidhmchláiríní do Google Earth ach taitníonn Moon Globe don iPhone agus Moon Maps do Android liom freisin. Má tá tú ag iarraidh a bheith níos gníomhaí arís i leith ár gcomharsan neamhaí is féidir páirt a ghlacadh i MoonZoo.org, tionscnaimh atá ag iarraidh rangú a dhéanamh ar gach grianghraf a tharraing an Fithiseoir Taisceolaí Ghealaí.

Twisst

Ar mhaith leat giolc a fháil chuile uair a mbeidh an Stáisiún Idirnáisiúnta Spás ag trasnú na spéire gar duit?

Ar bhonn rialta faighim giolc ón seirbhís uathoibritheach seo agus uair nó dhó bhí mé in ann seasamh amach sa gháirdín chúl agus lámh a creathadh leis na spástaistealaithe ar an ISS. Bhí Twisst féin i gcontúirt ó algartam turscair Twitter a chur stop leis na mílte giolcanna a chuireann an tseirbhís seo chuig úsáideoirí ach tá réiteach socraithe acu. In ionad na seirbhíse féin, tá blag iontach acu agus tá liosta cuimisitheach d’acmhainní réalteolaíocha ag http://twisst.nl/mobile_astronomy Ireland, Wales, & Scotland.  on TwitpicMás úsáideoir Twitter a bhfuil do shúil ar na spéartha agat, is fiú go mór an líosta seo de lucht spástaistilar Twitter ag GeekoSystem.com Tháinig mé ar an íomhá álainn seo d’Éirinn, tarraingte ag Soichi Naguchi atá ar an ISS faoi láthair.  Amach leat agus beannaigh dó os do chionn!

An Chruinne Phóca

Feidhmchláirín eile atá agam le fada, fada ná Pocket Universe déanta ag Craic Design (Ceapaim gur Éireannach é an cruthaitheoir John Kennedy, bíodh nach luann sé ach na Stáit agus Ríocht Aontaithe mar áit chónaithe ar a shuíomh). Ar an bhfeidhmchláirín seo (atá uasghrádaithe don iPhone 5 fiú) gheobhaidh tú eolas ar chéimeanna na gealaí, buaicphointí agus ar imeachtaí reatha sa spéir, tráth na gceisteannaagus neart eile. Tá Orbhraí ann freisin a oibríonn le GPS dúchasach an iPhone chun do spéir agatsa féin a mhíniú duit féin. Anois dá mbeadh feidhmchláirín a fhaigheann réidh leis na scamaill bheadh muid ar muin na muice! Ach i ndáiríre is fiú go mór eolas a bhailiú roimh do oíche mhór réaltóg ó fheidhmchláirín nó ó shuíomh réamhfhaisnéis na haimsire nó b’fhéidir gur ag cur amú do chuid ama a bheas tú. Ach muna bhfuil an aimsir leat is féidir Star Walk don iPad a úsáid fiú nuair a bhíonn an ghrian faoi smúid. Úsáideann an feidhmchláirín seo “augmented reality” chun ainmneacha an ábhair neamhaí a thaispeáint don úsáideoir. Tá dearadh álainn ar an bhfeidhmchláirín iontach seo a ligean duit breathnú ar na réaltaí ar neamhchead d’am nó don aimsir atá ann. Is mór liom an feidhmchláirín Android Meteor Shower Calendar a thaispeánann cathain a bheidh an chéad dreigechith eile agus eolas a bhailiú faoi ar líne. Cé go bhfuil an feidhmchláirín seo bunúsach go maith, má chabhraíonn sé leat dreigechith a fheiscint is mór is fiú é – ceann de na radharcanna is spreagúla a chonaic mé riamh. Tá comhairle fheidhmiúil le fáil don réaltóg úr ar an suíomh seo – cuid de a bheadh soiléir go maith ach cuid eile b’fhéidir nach smaoineofaí air…

Éirí chun Imeachta

Mar fhocal scoir (beagnach!) molaim an blag íontach seo  atá lán le carachtar an tsaineolaí seo atá ag déanamh taighde ar thionchar an spáis ar chodladh is ar bhunfheidhmeanna colainne eile. Is mór liom a blagmhír go háirithe faoi “The 10 most bizarre space experiments” Tá obair an bhlagadóra seo ina measca i dteannta le Lego ar an ISS.

Mar fhíorfhocal scoir, scríobh mé cheana faoin ngá le hoideachas teicneolaíochta níos cuimsithí sa tír seo ag gach léibhéal. Fuair mé scéal le déanaí faoi scéim phiolótach oideachas teicneolaíochta a bhí an-ráthúili gCo. an Chláir. Tá an scéim seo anois i mbaol, ní hamháin mar gheall ar chiorruithe deontais ach mar gheall ar chríoch iomlán leis an rannóg a bhí ag riar na ndeontas féin. Mar sin, tá togra Fundit cruthaithe ag na bunaitheoirí: ligfidh gealltán €600 do scoil páirt a ghlacadh sa scéim. Is léir ó thaighde Dr. Conor Galvin  go bhfuil fiúntas ar leith ag baint leis an togra seo do na daltaí a ghlac páirt ann. Tuilleadh eolais faoin dtogra féin ag www.missionv.ie; geall deontas ar Fundit.ie