Filleann an Feall ar an bhFeallaire

The recent announcement that the Turing Award had been awarded to a team that created “Eugene Goostman” got me thinking for my most recent article for Beo.ie.

Beo.ie is currently seeking the assistance of its readership and supporters of independent minority language media. It is among a raft of Irish Language organisations that have had their funding withdrawn by Foras na Gaeilge in 2014, many of which have since closed their doors including my former place of work, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge which was founded in the 1940s. Beo.ie is a vital part of the international Irish language community media since 2001, allowing Irish Language writers and readers to consider and discuss news and current events in their own language.

‘To conquer the unknown, you must trust.’ Sin an mana a bhí ar lipéid mo dheoch tae luibhe ar maidin mar spreagadh don lá amach romham. Ritheann sé liom go mbíonn sé deacair uaireanta, go háirithe nuair atá tú ag plé leis an idirlíon, an oscailteacht seo a iompar leat i rith an lae.

Samhlaigh go bhféadfaí lipéid ar thae luibhe, rud chomh bunúsach, ársa mar dhea, deacrachtaí nuálaithe ár linne a achoimriú i mbeagán focal. De réir Pamela Mayer, saineolaí aigneolaíochta agus údar ‘Liespotting’, cloistear idir 10 is 200 bréag in aghaidh an lae. Tugann sí “deception epidemic” ar mhéid an mhí-ionracais atá sa saol comhaimseartha, ach dá réir, is tréith inbheirthe é sa chine daonna atá againn ó aois an-óg.

Ach le borradh teicneolaíochta tá sraithe eile ann: conas gur féidir linn a bheith muiníneach faoi na mílte duine atá inár gciorcal soisialta anois? Conas is féidir linn muinín a bheith againn sna céadta seirbhísí idirlín a bhfuil sonraí pearsanta acu fúinn? Conas is féidir linn ár ngá don teicneolaíocht a chomhardú le príobháideachas agus le sábháltacht eolais? Tá caibidil nua, gan chaint ar leabhar nua, á dhreachtú (is athhdreachtú) faoi mhothú ionannas an duine, cúrsaí muiníne agus teorainn phearsanta.

Drochscéala ‘Eugene Goostman’

Dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí muiníne acu cheana, déarfainn gur chuir an nuacht is déanaí faoi Dhuais Turing soir in iomlán iad. Fógraíodh an mhí seo chugainn gur bhuaigh scata forbróirí an duais cháiliúil seo toisc gur chreid níos mó ná aon trian de mheitheal moltóirí go raibh siad ag plé le Eugene Goostman, buachaill de trí déag ón Ucráin in ionad a bheith i mbun cumarsáide le clár ríomhaire. Bunaíodh an duais in onóir Alan Turing a scríobh faoi mheaisíní machnaimh in 1950 is a chur an cheist:

“Are there imaginable digital computers which would do well in the imitation game?”

Is é seo prionsabal fealsúnachta bunúsach i gcúrsaí intleacht shaorga (IS) atá fós á phlé 60 bliain i ndiaidh bás Turing.

Ar ndóigh táthar ann nach dtugann mórán creidiúnt dá leitheid, ag rá go bhfuil an triail róghairid (5 nóiméad), nó gur cleas a bhí ann pearsa déagóra nach Béarla a phríomhtheanga a úsáid nó nach bhfuil fiúntas ar bith lena leithéid de dul chun cinn. Léigh mé cáinteoir amháin a rinne mórán de rud gur comhtharlúint dochreidte a bhí ann gur tharla seo ar ócáid comórtha 60 bliain ó bhás Turing.

Más é todhchaí éasca a shamhlaigh Arthur C. Clarke i gcathair Diaspar ina úrscéal The City and the Stars atá uainn is céim bheag ina threo sin an chéim seo. Samhlaigh mura mbeadh ar na ceadta céimí ollscoile tabhairt faoi dhíol is tacú teicneolaíochta in ionaid glaonna ar fud na cruinne. Samhlaigh go bhféadfaimís an obair sin a fhágáil le IS. Ní bheadh de dhíth ach na forbróirí agus, céim ar céim, bheadh an IS in ann tabhairt faoi fhorbairt na ríomhchlár freisin. Is é an todhchaí sin a chuireann eagla orainn is dócha agus a phléigh Clarke sa leabhar céanna agus a phléann na ceadta scríbhneoirí ficsin is fealsúnachta i leith IS.

An Neamh Seo Chugainn

Go pearsanta táimse ag súil leis an lá nuair is féidir liom díriú ar cheardanna agus ar na healaíona, ar rothaíocht is siúl trí choillte agus cois farraige, ar gach uile leabhar a léamh sa leabharlann, ar leabhair a chur sa leabharlann mé féin, ar luí siar agus a bheith ag samhlú dom féin. Tá mé ag súil leis an lá nuair nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo agus an t-aon sprioc a bheas againn ná spriocanna bunaithe ar spéis in ionad a bheith bunaithe ar bhrabús corporáideach. Ach conas is féidir linn a dhóthain muiníne a bheith againn i dteicneolaíocht chun an saol só sin a ghealluint do gach mac is iníon máthar?

Táimid fós i bhfad uaigh sin go háirithe nuair a dtuigeann tú an comhrac inmheánach agus an lámhacán cúl scéithe a bhaineann le, mar shampla amháin, OAuth agus OpenID, péire creatlach aitheantais atá in úsáid, nó nach bhfuil in úsáid i gceart ag a leithéid Facebook, Microsoft, Google agus Twitter. Ligeann an creatlach seo úsáid frithchuimilte a dhéanamh dá seirbhísí i dteannta le suíomhanna idirlín eile. Mar shampla, más mian leat tráchtaireacht a dhéanamh ar suíomh is féidir ‘Social sign-in’ a úsáid toisc OAuth. Tá rian coimhlinte le leanúint i leith na teicneolaíochta seo chomh fada siar le 2012 de réir mo léamhsa.

An mhí seo chaite bhí an creatlach seo sa nuacht arís nuair a fógraíodh go ligeann feidhmiú an chreatlaigh do shuíomhanna mailíseacha eolas pearsanta a bhailiú gan stró. Tugadh “Covert Redirect” ar an locht seo. Cé nach bhfuil an earráid seo chomh contúirteach is atá Heartbleed faoinar scríobh Joseph Steinberg,

“Some might argue that [Heartbleed] is the worst vulnerability found (at least in terms of its potential impact) since commercial traffic began to flow on the Internet.”

Is achrann eile é a chuireann siar céim eile i dtreo saol na bhFlaitheas a bhfuil muid ag dréim leis.

Mar sin is buille eile é seo i gcoinne muinín i dteicneolaíocht ach mar a mhíníonn Matthew J. Schwartz ina alt faoi, ní hí an teicneolaíocht atá lochtach ach iad siúd atá á chur i bhfeidhm:

“Many developers, however, have used implicit flows when they should be using code flows, and many sites have allowed them to do so. (Bradley recently published OAuth guidance for developers about how to employ the right flow techniques.)”

Faoi Scáth an Amhrais

Thosaigh mé ag machnamh mar sin ar an bpriacal atá inghlactha dúinn agus sinn ag plé le teicneolaíocht. An ligfidh nádúr an chine daonna dúinn riamh an chéim mhór chun tosaigh a thógáil a fhad is a bhfuil grifters, is sharks, is con-artists amuigh ansin ag iarraidh feall a imirt orainn? De réir an tsaineolaí slándála Bruce Schneier, táimid ag éirí níos drogallaí in aghaidh contúirtí de réir a chéile toisc ár n-in-oiriúnachta.

When you implement measures to mitigate the effects of the random risks of the world, you’re safer as a result. When you implement measures to reduce the risks from your fellow human beings, the human beings adapt and you get less risk reduction than you’d expect — and you also get more side effects, because we all adapt.

One Reply to “Filleann an Feall ar an bhFeallaire”

  1. is dóigh liom go gcuirtear an-iomarca muiníon i ngach rud atá ar an idirlíon, cosúil leo siúd a chreideadh gach rud a léigheadar ar an bpáipear nuachtáin. Níl an údaras céanna ag údair na suíomh. Cé acu is trustworthy – Wikipedia nó Encyclopedia Britannica?

Leave a Reply

Your email address will not be published.