Iomaíocht do iGaeilge ar an bhFód go Luath!?

My article for Beo! in April where I admit that writing about technology hadn’t been at the forefront of my mind as I prepared arrival of Nipper 3.0. However that didn’t stop me using technology to help me! I also put a shout out for assistance in translating WordPress into Irish. Volunteer below in the comments please!

Caithfidh mé admháil, a léitheoirí, nach raibh m’aird chomh dírithe ar an dteicneolaíocht mar ba chóir le tamall anuas. Rugadh mo thríú leanbh ag tús na míosa seo chaite. Sin ráite, tá an teicneolaíocht chomh lárnach sin i mo shaol gur bhain mé úsáid as feidmhchlár iPhone is mé á tabhairt ar an saol! ‘Labor Mate’ a tugadh ar an bhfeidhmchlár seo a dhéanann taifeadadh ar chrapthaí le linn tinneas clainne. Is mé ag cuartú a leithéid de fheidhmchlár san App Store (agus tá neart díobh ann!) bhí mé ag gáire faoin gcur síos a mhaígh go bhféadfaí sonraí an tinnis clainne a sheoladh ar r-phost láithreach chuig do dhochtúir nó bhean ghlúine agus am a shábháil mar sin. Nílim cinnte céad fán gcéad go bhfuil rochtain ag foireann ár gcuid otharlann ar ríomhaire gan chaint ar r-phost ar ghléas soghluaiste!

Maith dom mar sin go bhfuil m’alt rud beag scaipthe an mhí seo. Aithním féin snáth ag rith tríd: tábhacht an chomhphobail agus na féidearachtaí atá ann nuair a ghríosaítear an pobal sin, ach fós féin, aithním gur torchaire agus murchuir na míosa atá ann.

Thugamar Ada ar ár n-iníon d’Ada Lovelace, an chéad ríomhchláraitheoir. Rinneadh ceiliúradh ar Ada Lovelace agus ar mhná san eolaíocht agus sa teicneolaíocht go ginearálta ar 24ú Márta, Lá Ada Lovelace. Gheofar tuilleadh eolais faoin lá seo agus faoi Ada í féin ag www.findingada.com. Mar chuid den cheiliúradh seo, scríobh níos mó ná 2,000 blagadóirí blagmhíreanna faoi na heolaithe agus faoin lucht teicneolaíochta baineann a spreagann iad. Leamh go leor is mé ag scríobh an ailt seo, tá mo bhlagmhír féin ina dréacht go fóill mar go bhfuil mé chomh gafa sin lenár nAda féin.

Twestival agus Gradaim Bhlag

De bharr theacht Ada ar an saol, chaill mé dhá imeacht mhóra i gcomhphobal ar líne na hÉireann. Dhá imeacht chosmhuintire atá i Twestival agus Gradaim na mBlag a tharla ag deireadh mhí Mhárta. Féile idirnáisiúnta is ea Twestival a bhailigh níos mó ná €200,000 i mbliana go domhanda do Concern.  Bhí imeachtaí ar siúl i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. De réir na ngiolcacha a léigh mé ar Twitter ar an oíche, bhí an-am ag cách sna trí ionad agus cnuasaíodh an-chuid airgid. Gheofar tuilleadh eolais ag www.twestival.com

Imeacht eile a lean mé ar Twitter freisin toisc a bheith sáite i dtuismitheoireacht ná Gradaim na mBlag a bhí ar siúl i nGaillimh i mbliana. Ritheann sé liom gur scríobh mé mo chéad alt don iris seo is mé ag filleadh abhaile ar an traein ó Chorcaigh tar éis na nGradam anuraidh! Is ceiliúradh den scoth í an ócáid seo ar na blaig is fearr in Éirinn. An t-aon deacracht atá agam leis na gradaim seo ná gur féidir leis na buaiteoirí gabháil san iomaíocht arís an bhliain dar gcionn. Dá bharr sin, tá an duais buaite ag an mblag céanna i gcatagóir an ceoil, cuirim i gcás, le ceithre bliana anuas. Ar ndóigh, tá an pointe ann, más é an blag is fearr é, níl séanadh air, is é an blag is fearr é, agus má ghearrtar a leithéid amach as an iomaíocht é, is toradh bréagach aon toradh eile. Níl aon cheist go bhfuil an duais tuillte ag an mblag céanna agus b’fhéidir go bhfuil an ceart acu siúd a deir nach bhfuil iomaitheoir ann dó in Éirinn. Ach chun na ceolbhlagadóirí eile a spreagadh, dar liom féin, ba chóir dóibh cleachtas Chorn Uí Riada an Oireachtais a leanúint: nuair atá an Corn buaite faoi thrí, ní cheadaítear don amhránaí sin gabháil san iomaíocht arís. Cé mhéad onóir gur féidir le blag amháin iompar ar aon nós!

Mar a tharla sé, bhuaigh iGaeilge sa chatagóir “An Úsáid is Fearr den Ghaeilge i mBlag” arís i mbliana agus níl aon amhras orm go bhfuil an onóir tuillte ag Conchubhar Ó Liatháin, údar an bhlaig. Tá an iomaíocht géar sa chatagóir sin, go háirithe ó ligean an catagóir meascán mór de bhlaganna le Gaeilge iontu gabháil san iomaíocht. Tabhair faoi deara nach é an “An Blag Gaeilge is Fearr” atá i gceist.

Dea-Scéala WordPress

Mar a luaigh mé is ócáid chomhphobail blagadóireachta atá san imeacht seo. Tá an pobal seo ag fás chuile bhliain.  Mar a tharlaíonn sé, tá naisc ar leith le muintir WordPress, ceann de na hardáin is mó blagadóireachta, le hÉirinn. Tá duine de phríomhinnealtóirí WordPress ag obair leis ó Chontae Chorcaigh agus cheannaigh WordPress Polldaddy i 2008. Is ardán suirbhé is pobalbhreithe, a bunaíodh in Éirinn, é Polldaddy. Ní haon ionadh mar sin go raibh Matt Mullenweg, duine de bhunaitheoirí WordPress, sásta teacht go hÉirinn chun cur i láthair a dhéanamh ag an Dublin Web Summit a tharla ag tús na bliana. Le linn na cuairte sin bhí comhrá ag Mullenweg le Éamonn Leonard ó EchoLibre.com. Chuir mé féin is Leonard aithne ar a chéile nuair a d’oibrigh an bheirt againn ar Gaelport.com roinnt blianta ó shin. I measc rudaí eile a phlé Leonard le Mullenweg, dúirt Mullenweg go raibh fonn air le fada leagan Gaeilge de WordPress a chur ar fáil. Cosúil le bogearraí foinse oscailte, nó saor in aisce, eile a aistríodh go Gaeilge roimhe seo, is trí iarrachtaí deonacha an phobail a dhéantar a leithéid. Mar sin tháinig Leonard chugam chun tús a chur leis an togra seo. Más speis leat páirt a ghlacadh sa togra seo, déan teagmháil liom ag roseanne ag roseannesmith punc com agus bígí cinnte go mbeidh iomaíocht ann go luath do iGaeilge!

Leave a Reply

Your email address will not be published.