Brining the language fada along the road

Bhreathnaigh mé ar chlár nua Des Bishop aréir, “In the name of the Fada”. Mar a dúirt Ryan Tubridy ar maidin, tá an cuma air go ndéanfaidh Des an rud céanna don teanga is a rinne Jamie Oliver don bhia scoile sa Bhreatain. Cosúlacht eile idir an dhá rud seo ná nár chóir go mbeadh bia, cosúil leis an teanga, chomh measctha suas leis an gcóras oideachais. Is léir go bhfuil sé mí-shláintiúl don bhia agus cinnte tá sé mí-shláintiúl don teanga.

Cheap mé go raibh sé spéisiúil an cur síos a rinne Des ina agallamh ar Radio 1 ar maidin ar an duine i dTír Chonaill a dúirt go raibh difríocht idir iadsan agus muintir Bleá Cliath, mar shampla, toisc nach ionann an teanga a labhair siad cosúil le Francach agus Éireannach.

Cé go creideann seisean gur Éireannach é agus creidim é agus ní cheistím an creideamh sin tugann a bhlas Meiriceánach agus a chlú slánú nó cosaint éigin dó dar liom. A luaithe is a osclaím mo bhéal, fiú agus Gaeilge á labhairt agam, tá a fhios láithreach ag daoine ní amháin gur Bleá Cliathach atá ionam ach Bleá Cliathach as aicme ar leith, le oideachas ar leith agus cúlra ar leith. Nílim ag rá nach bhfuil an ceart acu agus táim bródúil as mo phobal, mo chúlra agus an méad atá bainte amach agam. Ach tá Des cosanta ón bhealach ina dhéanann daoine cinneadh fút chomh luath is a osclaíonn tú do bhéal.
Des Bishop – New Website

Have a comment? Have at ye!