Revealed: Gaeilge costs EU €13,000 per minute

Irish Examiner | Irish News | News from Ireland: “Revealed: Gaeilge costs EU €13,000 per minute

By Mary Regan
LESS than 30 minutes of Irish was spoken in the European Parliament in the first full year as an official language — working out at a little less than €13,000 a minute.”

Tá sé an-deacair a leithéid de eolas a thomhais muna gcuirtear i gcomparáid leis na costais a bhaineann teangacha eile an AE. Má’s ea an loighic a bhaineann leis seo go bhfuil sé ró-dhaor an Ghaeilge a úsáid san AE nach é críoch na loighce céanna gur chóir éirigh as ilteangachas an AE in iomlán agus gan ach teanga amháin (Béarla? Fraincís? Gaeilge?) a labhairt? Má’s ceist airgead amháin atá ann níl aon teanga ná cultúr sábháilte. Ní bhaineann úsáid na Gaeilge san AE go díreach leis an ngeilleagar ach tá baint indíreach ann. Má tá tír sásta an teanga atá luaite mar theanga oifigiúil ina bunreacht a chur ar leataobh, céard eile a bheadh an tír céanna sásta cur ar leataobh? Chun an Ghaeilge a tharraingt siar ón AE bheadh gá le reifreann náisiúnta faoi áit na Gaeilge sa bhunreacht agus bígí cinnte nach dtarlóidh sin inniu nó amárach. Céard tá níos costaisí: an Ghaeilge san AE nó reifreann faoin nGaeilge sa bhaile? Go polaitiúil an dara ceann agus níl aon baint ag airgead leis sin.

Have a comment? Have at ye!