Bhuail mé léi ar líne – mar a gheall mé!

ireland.com – The Irish Times – Wed, Jan 23, 2008 – Ní aithne go ar líne
Ní aithne go ar líne

Roseanne Smith
(This is the text of the article that I wrote for The Irish Times last week. Basically wonders about why people are so surprised by friendships that grow online when nearly all the world doesn’t think twice about doing business with near strangers, using all sorts of technology.)

Beocheist: Bhuail mé léi ar líne. Nuair a chloistear an abairt sin is idir magadh is dáiríre a bhíonn aghaidh an éisteora. Conas gur féidir leat muinín bheith agat as duine nár bhuail tú riamh leis nó léi?

Conas gur féidir caidreamh ceart, caidreamh macánta, caidreamh réadúil bheith agat le duine ar bhuail tú leis nó léi ar líne? Is dócha gur ar chumann rómánsach a smaoiníonn formhór na ndaoine nuair a luann tú gur bhuail tú le duine ar líne.

Caithfidh gur bealach tarraingteach é chun buaileadh le daoine nó n’fheadar an bhfuil dul amú ar an 40 milliún Meiriceánach a bhí ag úsáid seirbhísí dáta ar líne de réir figiúirí ó 2003? B’shin thart fá leath na ndaoine singil sa tír sin ag an am de réir taighde ó Choláiste Ollscoile Berkeley.

Samhlaigh dá mbeadh an dara leath de na leannáin ar líne ag an am céanna, b’fhéidir nach mbeadh ‘singileach’ ar bith fágtha i SAM! Cá bhfios céard iad na himpleachtaí polaitiúla, eacnamaíocha nó sóisialta a bheadh ina leithéid de saol úr cróga?

Is margadh luachmhar é margadh an ghrá. Tá am agus iarracht curtha agus á chur sa mhargadh seo ag forbróirí bogearraí líonraithe. Gach seans go mbíonn níos mó ráth ar lucht seilge an ghrá ar líne ná mar a bhíonn orthu sa phub de bharr an ama agus na hiarrachta seo. Agus toisc ráth na mbogearraí seo mar upa dóibh siúd atá mar othar don ghrá, thosaigh na forbróirí ar seilg margaí úra.

De réir figiúirí sa nuachtán seo tá 190,000 Éireannach cláraithe le Facebook faoi láthair. Bí cinnte go bhfuil Éireannaigh de gach aois chomh tógtha céanna le myspace agus bebo agus suímh Idirlín eile ar a bhfuil líonrú sóisialta mar bhunaidhm.

Timpeall na cruinne tá 57 milliún úsáideoir gníomhach cláraithe le Facebook. De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Technorati tá 50 milliún blag ann. Ach cad a mheallann na milliúin ball seo?

Ligeann na suímh seo dá mbaill líonrú lena chéile. Bíonn siad ag déanamh plé faoi na hábhair gur spéis leo, ag taispeáint grianghraif dá chéile, ag roinnt físeanna digiteacha, ag cruthú is ag imirt cluichí agus ag poibliú imeachtaí agus ag ceannach is ag díol gach uile rud faoin spéir. Go minic ní bhíonn aithne ag na daoine seo ar a chéile ach go fíorúil agus, a mhalairt le lucht seilge an ghrá, is cuma leo má bhuaileann siad leis na daoine seo i gclí riamh. Níl ann ach caitheamh aimsire.

Nuair atá post leadránach agat nó nuair atá tú ag iarraidh briseadh ón staidéar tá a leithéid de shuíomh níos spéisiúla ná cluiche eile Patience. Séard a mheallann na baill ar ais arís is arís eile ná tuiscint cheart ar an spriocmargadh agus áit lárnach teicneolaíochtaí an eolais ina saoil. De ghnáth, feidhmíonn na suímh mar ba chóir agus fanann teaghlaigh agus cairde scaipthe i dteagmháil lena chéile.

Ach uaireanta teipeann ar na córais seo mar a tharla le déanaí don bhfear a cheannaigh fáinne geallta dá ghrá geal ar líne, eolas a rinne Facebook a fhoilsiú go huathoibríoch dá chairde ar fad, a chailín san áireamh!

Tá blagadóir a scríobhann ar Scripting.com ag cur na ceiste cén fáth go mbíonn an t-eolas luachmhar seo faoi céard is fearr agus is fuath linn á stóráil ag na comhlachtaí in ionad againne féin? Ba chóir go mbeadh an t-eolas seo faoinár smacht féin, dar leis. Ba chóir go mbeadh a leithéid Amazon agus ITunes srl, atá ag tuilleadh airgead mór as aithne a chur orainn, sásta íoc as an eolas sin trí, ar a laghad, tairiscintí an-speisialta.

Tá an chuid is mó de na hollmhargaí sásta íoc as ár ndílseacht: cén fáth nach leanann na comhlachtaí móra ar líne a sampla? Ach fós bheadh na cinicí ag croitheadh na gcloigne: conas gur féidir caidreamh a chothú ar líne? I dtaighde a rinne an comhlacht Habeas dúirt 73 faoin gcéad de na freagóirí go n-úsáideann siad r-phost gach uile lá. Sin gach uile lá. Dúirt 61 faoin gcéad de na freagróirí go mbeadh sé deacair orthu maireachtáil gan r-phost. Beidh sé deacair é seo a chreidiúnt ach níl na figiúirí agam ar líon na r-phostanna atá ag cothú caidrimh idir daoine nár bhuail lena chéile riamh.

Ach tá oibrithe i gcomhlachtaí ag déanamh gnó, náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar luach na mílte euro, thar an Idirlíon trí r-phost gan súil a leagadh ar an duine eile riamh. An mbeadh borradh eacnamaíoch an oileáin seo tar éis tarlúint gan an nós seo?

Bhuail mé léi ar líne. Phléamar cúrsaí an tsaoil. Céard é an difríocht idir sin agus gnó a dhéanamh thar r-phost, thar fón nó dóibh siúd atá go hiomlán greamaithe san aois dheireanach, thar faics?

© 2008 The Irish Times – YAY!!

Leave a Reply

Your email address will not be published.