The Breadmaker not winner

So I made my own bread last night. I need to work on that. The way I see it, it can’t be that difficult. If it was, bread wouldn’t still be on the menu after all these years.

Shocraigh mé mo shochair leasa shóisialta a shórtáil amach inniu. Bhuail mé isteach go dtí m’oifig áitiúil agus chuir mé ceist i nGaeilge ag an bhfáiltiú an mbeadh éinne ar fáil chun déileáil le m’éileamh trí Ghaeilge. Bhí mearbhall ar an bhfáilteoir ar dtús ar ndóigh ach chuir mé an ceist arís i mBéarla. Bhí sí ag ceapadh go raibh agus an bhfanfainn ar feadh soic go bhfeicfidh sí. Tháinig sí ar ais agus b’oth léi a rá nach raibh aon foirmeacha éilimh ar fáil i nGaeilge agus bhí Barry an fear le Gaeilge as láthair. Ach ansin d’iarr sí orm fanacht arís ar laetaobh, bhí a bainisteoir ag fiosrú an scéil. Cúpla bomaite níos moille tháinig a bainisteoir amach agus iarradh orm gabháil suas go dtí seomra eile agus bhí fear ann le Gaeilge. Gabh sé leithscéal liom (a) faoin easpa foirmeacha i nGaeilge (cén fáth nach déantar foirm amháin dóibh…?) agus (b) faoin rud nach eisean de ghnáth a phléann leis an bpobal. Dúirt sé liom go raibh sé tar éis na foirme a chuardach ar líne ach nach raibh sé ar fáil ansin ach oiread. Dúirt sé liom go bhfuil an bainisteoir réigiúnach acu ansin an-tiománta don Ghaeilge. Leanamar linn agus bhí sé an-chabhrach. Bhí dearmad déanta agamsa ar mo phas, thug sé a ainm dom agus dúirt sé liom scairt a chur air féin nuair a bhuailfinn ar ais le mo phas. Dúirt sé liom toisc m’éileamh a dhéanamh i nGaeilge ba chóir go mbeadh gach rud sórtáilte taobh istigh de sheachtain i gcomparáid le 3 seachtain do na Béarlóirí agus faoin am gur fhág mé bhí na daoine céanna fós ag fanacht is a bhí nuair a chuaigh mé isteach.

Sin ráite bhí níos mó Polainnís (glacaim leis) le feiceáil ar na cláracha fógraí agus fógraí oifigiúla ná mar a bhí Gaeilge. Ach bhí easpa comharthaíochta cabhrach ann cuma cén teanga.

Bhí íontas na n-íontas ormsa an méad sin de sheirbhís trí Ghaeilge a fháil ann. Mar a thuigimse é má ceannaíonn an bhainístíocht isteach ann bíonn seans i bhfad níos fearr i bhfeidhmiú na hAchta. Chuala mé freisin ó chara liom go bhfuil sé ag tabhairt faoi taighde ar an gceist seo, rud a bhí spéis agam féin ann ach áfach níl na hacmhainní agam.

Posted by Picasa

One Reply to “The Breadmaker not winner”

  1. Tionchar an Achta, dar liom.
    Beidh na foirmeacha ar fail freisin; tuigtear anois gur dualgas at� ann d�ibh.

Have a comment? Have at ye!