Gaelport.com – Gearrthóga Laethúla: “Ach bíodh sin mar atá, bímis ag ceiliúradh. An t-am seo anuraidh, bhí príomhfheidhmeananch an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, ag scríobh chun an nuachtáin seo le gearán a dhéanamh faoin ‘disaffected rump’, lucht na Gaeilge a bhí cáinteach faoina eagras leis an cholún seo.” Sin íomhá álainn nach ea? De réir Dictionary.com ciallaíonn “rump”: “the remnant of a legislature, council, etc., after a majority of the members have resigned or been expelled.” Bhuel níl an mícheart aige ach de réir an méad a bhí á rá ag Conradh na Gaeilge tá na baill á ndíbirt toisc Foras na Gaeilge. Beidh oibrithe ar leith sa Chonradh nach mbeidh mórán mar chúis céilliúrtha um Nollag munar cloistear go luath faoi deontas na bliana seo chugainn. Scanallach.