Agus mé díreach tar éis “Fontenoy” a chaitheamh san aer ar mhaithe leis “The Gathering” le Anne Enright agus an club leabhair nua-bhunaithe atá mé mar bhall ann, tá an t-údar Liam Mac Cóil chun léamh ó Fontenoy i Leabharlann BÁC. Seo anois an deis dom tuilleadh spreagtha a fháil. Gaelport.com – An nuacht is déanaí: “Beidh an t-údar Liam Mac Coíl i láthair ag an seoladh a bheidh a ar siúl ar an Luan, 10ú lá de mhí na Nollag ag a sé a chlog i.n. i Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath. Léifidh Liam óna leabhar ‘Fontenoy’ atá luaite ar an liosta nua seo agus beidh plé ann ar an leabhar ina dhiaidh. Tá fáilte roimh chách agus tá sé saor in aisce.”
An rud faoi “Fontenoy” ná cé gur leabhar maith é ó thaobh scríbhneoireachta de bhí fadhb agam leis an ábhar. Is beag seans go léifinn leabhar faoi Cath Fontenoy i mBéarla agus níor chóir go léifinn leabhar i nGaeilge ar mhaithe le leabhar a léamh ach sin séard atá ar siúl agam faoi láthair. Sin ráite tá leabhar nó dhó Gaeilge a léigh mé faoi thar na blianta a bhfuil fíor-fonn orm a léamh. Coinnigh súil ar an spás seo…
N’fheadar an faoi cath in aon chor é.
Faoi daoine atá sé!
Mo thuairimse:
http://aonghus.blogspot.com/search?q=fontenoy