Dúshlán

Tá roinnt mhaith léite agam le déanaí faoi dátheangachas agus páistí. Bhí plé faoi tógáil clainne le Gaeilge ar mo chlár raidió agus ar ndóigh bheinn ag coinneáil súil ar an ábhar toisc mo chuid oibre. Is minic a léim blaganna tuismitheoirí atá ag tógáil páistí le dhá teanga ach an rud a ritheann liom i gcónaí ná nach ionann páiste a thógáil le Béarla, Fraincís, Gearmáin nó aon ceann de mhór-teangacha domhanda agus iarracht a dhéanamh páiste a thógáil le mionteanga i dtír ina bhfuil Béarla nó a leithéid a labhairt. Mar shampla, tá na mílte leabhar ag na gasúir ach níl ach líon an-bheag dóibh i nGaeilge agus níl na cinn sin fiú leath chomh spéisiúil is atá na cinn i mBéarla. TODAY’S ZAMAN: “Bilingual parenting: A personal account
The decision to raise our children to be bilingual in German and English was a rather easy one to make. Our personal reasons were fairly clear: I not only believe that the gift of language is priceless, but they will have the ability to communicate with a broader range of people. I want my children to be aware of their American (and Caribbean) cultural heritage since they will be raised in Austria.”

2 Replies to “Dúshlán”

  1. Roseanne,
    Agus me ag suil le mo chead leanbh, agus ag iarraidh e/i a thogail go dhatheangach, Gaeilge agus Bearla, agus muid inar gconai i Nua Eabhrac, ni thosaionn an focal ‘Dushlan’ le cur sios a dheanamh ar chonas a mhothaim faoi! Ach cinnte is fiu go mor i!
    Deas feiceail go bhfuil tu ag deanamh go maith!
    Helen Nic Gabhann (anois Nig Fhinn).

  2. Comhghairdeas as do nuacht Helen! Ádh mór leis an “dtógra” sin. Cinnte is fiú go mór é agus is cuma má bhíonn sé deacair nó éasca tá craic ar dóigh i dtógáil leanaí. Coinní ar an eolas mé. Feicim go mbíonn colún agat i Lá Nua – an bhfuil blag agat féin?

Have a comment? Have at ye!