Ní aon chruthúnas chlár teilifíse ar firicí. Is sampla amháin Madness Factor » An bhfuil Gaeilge agat? (Do you speak Irish?) ar roinnt blaganna difriúla a bhfuil ag rá gur chruthúnas é nach bhfuil mórán Gaeilge sa tír nuair a théann láithreoir teilifíse timpeall ag labhairt Gaeilge amháin. Níl aon chruthúnas ansin. Tá ceamara in éineacht leis, níl sé ag úsáid samplaí randamach go leor, níl sé soiléir faoina modhanna taighde. Tá meas ar leith agam ar Manchan mar láithreoir agus léiritheoir agus is léir go mbíonn sé dáiríre faoina obair. Tá súil agam nach mbeidh áiféal air leis an sraith nua seo. Bheul tá an méad atá feicthe agam barúil ar aon nós. Chaill mé aréir é tosc cuairteoir a bheith linn. Beidh sé ar siúl ar an gCéadoin arís is dócha. Rud eile ná tá sé ar siúl ag an am céanna le “House”…
Blúirín den gclár anseo. Is féidir breathnú ar chláracha ar TG4.tv.
Sampla eile agus ceann eile
English translation, le do thiol?