Cén fath an Ghaeilge? Ceist síoraí mo shaol a phléann an tImeall ina bhlag i mBéarla ionas go dtuigfidh lucht léitheoireachta níos leithne a spreagthaí. An tImeall: #85: So, Should I Blog in English? Aontaím leis an gcuid is mó dá thuairimí seachas an rud nár bhraithe sé go mbeadh aon ní breise le cur leis an díospóireacht aige nuair a thosnaigh sé amach. Cé go léiríonn sé gur tuairim a bhí bunaithe ar mhíthuiscint faoi mblaganna caithfidh mé rá nár lig mé dá leithéid cur isteach orm riamh. Sin ráite thosnaigh mise i 2003 nuair nach raibh an dordán céanna faoi bhlaganna ann i measc na meáin agus an pobail i gcoitinne. Mo phointe ná dá ligfinn dá leitheidh cur isteach orm ní scríobhfainn riamh. A leitheid de rachmhais a scríobhaim agus anois i ndá teanga. Ó Dia idir sinn agus an anachain…!

Have a comment? Have at ye!