Ar maidin moch Mar is léir ón am stampa thíos tá sé moch ar maidin. Tá mé i mo shuí ó roimh a sé. Tá i bhfad in iomarca ar m’intinn agam. Conas ar aontaigh mé leo imeachtaí an “hen” (na circe??) a choimead liom? Bheul tá sé ró-dhéanach anois! Tá sé cosúil le maidin Nollag nuair a bhí mé sé nó cosúil leis an mí roimh ar rugadh Garman. Tá an rud ann freisin, cosúil leis an am sin, agus ruidín cosúil leis an mbealach a mbítear agus an-óg agus cheaptar go bhfuil ard gach éinne ort. Mar an bhrídeog tá sin ann. Ar ndóigh níl ard gach éinne orm ach maith dom é, tá sé luath ar maidin!
Ach ar bhealach agus go stairiúil cén fáth nach mbeadh ard gach éinne orm? Bhí am ann nach bhfuil chomh fada sin uainn agus an aistear a bhí ag tarlú do bhean ag an am seo ina saol na aistear ó seilbh fir amháin go seilbh fir eile agus nach dáinséarach an bearna sin idir an dá linn? Bhí na circe ann chun aire a thabhairt di, chun cinntiú gur thaisteal sí ó áit amháin go áit eile. Agus óna scéalta i mbéaloideas na hÉireann ní i gconaí a thainig sí “slán” nó go minic b’fhéidir gr thainig sí slán nuair a d’éalaigh sí le na síoga. Ach níl mise in aon dáinséar. Níor bhraith mé riamh go raibh mé i seilbh duine ar bith de mo thuismitheoirí agus ní bheith mé i seilbh éinne eile riamh. Tá saoirse i ngrá m’fhear.

Have a comment? Have at ye!